Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
á dheisiú repairing it
" Agus mé ag labhairt faoi seo leis an ghrúpa siúlóirí, ní raibh tuairim agam go mbeadh mo lámh féin ar bhád ón tréimhse réabhlóideach sin roimh i bhfad - agus gur i Learpholl a tharlódh sé! Ní raibh mé i bhfad ar ais anseo nuair a chuala mé go raibh bád Bheanntraí, bád Francach ó 1796, i Músaem Mara Merseyside, áit a raibh John Kearon agus a fhoireann á dheisiú.
in ionad é a dheisiú instead of repairing it
" Ach, in ionad é a dheisiú le clocha áitiúla sa dóigh is go mbeadh sé díreach mar a bhí sé arís, bhain an Chomhairle Contae úsáid as gnáthbhloic choincréite, le balla díreach, leadránach, míofar a thógáil ina áit.
ag cur caoi ar throscán repairing furniture
" ” Tar éis dó an phrintíseacht a chríochnú i Leitir Fraic, d’fhill Eoin ar Bhaile Átha Cliath agus fuair sé post ag cur caoi ar throscán ar Shráid San Prionsias sna Saoirsí.
ag deisiú repairing
" Cén fáth nach gcaitheann siad an t-airgead ag deisiú an streapa, atá faoi bhrú in áiteanna mar Cnoc Ramhar, leath bealaigh suas Sliabh a Liag ? Nó an raibh sin rófhada le siúl dóibh? Má shiúlann tú suas Sliabh a Liag ó Bhun Glas go dtí an barr, ní dhéanfaidh tú dearmad air go deo.
ag deisiú repairing
" Cén fáth nach gcaitheann siad an t-airgead ag deisiú an chosáin thraidisiúnta? Tarlaíonn an cineál dochair seo ar chosáin cháiliúla mar Striding Edge sa Lake District i Sasana - ach deisíonn siad an dochar ansin, ní dhúnann siad an cosán, mar tuigeann siad go gcaillfidh siad cuairteoirí má dhéanann siad sin.
ag deisiú repairing
" Fuair meitheal, a bhí ag deisiú bhruach na habhann, an taisce a bhí adhlactha i gcófra.
deisithe repairing
" ‘An ghaoth aniar bíonn sí fial is cuireann sí iasc i líonta,’ a deirtear, ach nach aisteach an rud é gur tháinig na mílte tonna de chlocha beaga agus clocha móra, d’fheamainn ghaoithe agus d’fheamainn raice, agus de ghaineamh mín ghrinneall na mara i dtír le linn na stoirmeacha, agus nár tháinig iasc ar bith! ‘Ní hé lá na gaoithe lá cóirithe na líonta ná lá daingnithe na ndíonta ná lá deisithe na mballaí farraige,’ a deir Balor an Saoi agus an Gaothaire.