Bhí Sarajevo fuascailte nuair a bhain foireann “Léargas” amach forhalla an Holiday Inn i gceartlár “Chaolsráid na Snípéirí”, Lúnasa 1996.
Tá Haru gafa idir dhá thine Bhealtaine – an grá aonghnéis atá fuascailteach di, ach gur sárú sóisialta é an grá céanna, fiú sa lá atá inniu ann, sa tsochaí thraidisiúnta ina mairid.
Bíodh is gur ghoill sé go mór ar lucht taca Hicks gur thug an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí an cás seo ina choinne, bhí faoiseamh ar chuid acu go bhfuil an deis aige ar a laghad, faoi dheireadh thiar thall, a chás a chur os comhair cúirt aitheanta den chéad uair.