Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
diúltú náireach shameful rejection
" Sin diúltú náireach SAM do Phrótócal Kyoto, comhaontú idirnáisiúnta a d'eascair as Rio a bhfuil mar aidhm aige dul i ngleic le truailliú an aeir (agus tús pianmhar a chur leis an obair chun téamh domhanda a stopadh).
diúltú na tairisceana the rejection of the compromise
" Cailleadh seisear stailceoirí ocrais sa tréimhse idir diúltú na tairisceana agus an uair a cuireadh deireadh leis an agóid ar choinníollacha nach raibh leath chomh flaithiúil leis an méid a bhí ar fáil ón “dreapadóir sléibhe”.
diúltú a bheadh ann do ghnéithe áirithe rejection of some of the aspects
" Ní gá gur vóta i gcoinne na hEorpa a bheadh i gceist dá ndiúltófaí don chonradh sa reifreann atá ag teacht chun cinn, mar sin, ach diúltú a bheadh ann do ghnéithe áirithe de fhorbairt an Aontais.
cúl iomlán complete rejection
" Tar éis dúinn cúig bliana a chaitheamh sa fhreasúra agus slad ceart déanta orainn in dhá olltoghchán i ndiaidh a chéile, ní raibh de rogha againn ach cúl iomlán a thabhairt don seanchur chuige a bhí againn le linn réimeas an Tíogair Cheiltigh agus pilleadh ar bhunluachanna lucht bunaithe an pháirtí agus ag ceannairí éirí amach na Cásca atá á gceiliúradh againn i mbliana.
droim láimhe rejection
" Thóg sé blianta fada ar pholaiteoirí poblachtánacha na Sé Chontae a thuiscint go raibh buntáiste ó thaobh vótaí de ag baint le droim láimhe a thabhairt don fhoréigean; tuigeann Sinn Féin é sin go maith sa lá atá inniu ann, áfach, a deir Robert McMillen, agus rachaidh sé go mór chun sochair dóibh sna blianta atá amach romhainn, ar an dá thaobh den teorainn.