Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
beag beann ar a chuid polasaithe regardless of his policies
" Ach an bhfuil an splanc speisialta sin ann a thabharfas ar dhaoine tacaíocht a thabhairt dó agus dá pháirtí, beag beann ar a chuid polasaithe agus ar a chuid dáiríreachta? Tá an splanc sin ag Bertie.
beag beann ar a gcúlra agus iad i dtír regardless of their backgrounds when they were ashore
" Bhí snaidhm ann a chothaigh an fharraige agus, déarfainn, an t-anró, beag beann ar a gcúlra agus iad i dtír.
beag beann ar an fhianaise regardless of the evidence
" Is minic an focal sin “*perception*” luaite i ráitis ó aontachtaithe agus ó dhílseoirí, agus ar an drochuair, ó lucht na n-eaglaisí Protastúnacha, ach cé tá ag cothú na mbraistintí seo? Má tá muinín ag daoine ionat, agus i bhfianaise an olltoghcháin dheireanaigh tá muinín ag an phobal aontachtach sa DUP, má deir tú le daoine go bhfuil siad beagmhaitheasach creidfidh siad tú, beag beann ar an fhianaise.
beag beann ar an gciorcal órga laistigh regardless of the golden circle inside
" Mar gur dhaoine le fíorairgead iad, bhíodar i gcónaí chun rachmas a chruinniú de dheasca na bpolasaithe airgeadais agus na bhforbairtí geilleagracha a bhrúigh Haughey chun cinn ar bhonn phrionsabal an mhargaidh, beag beann ar an gciorcal órga laistigh.
beag beann ar a bhfuil ag titim amach regardless of what is happening
" Is maith an rud é go bhfuil foireann na brionglóide ag comhoibriú san Fheidhmeannas, ach tá rudaí níos tábhachtaí ag tarlú sna pobail éagsúla, beag beann ar a bhfuil ag titim amach sa Teach Mór ar an Chnoc.
beag beann ar ioncaim regardless of income
" Bhí na cártaí leighis úra seo beag beann ar ioncaim.
beag beann ar regardless of
" Níl mé ag maíomh gur cheart duine a dhícháilliú siocair gur ball de pháirtí polaitiúil é, ach ba cheart go mbeadh critéir chinnte ann ina mbeadh cumas an duine, beag beann ar a chlaonadh polaitiúil, ar an chloch is mó ar an phaidrín.
beag beann ar regardless of
" Is bocht an scéal é go mbeadh tograí tábhachtacha straitéise a bhaineann leis na 26 chontae amháin i dtuilleamaí bheannacht leithéidí Nelson McCausland nó Gregory Campell! Bheadh sé de bhuntáiste ag an struchtúr úr go mbeadh cur chun cinn na teanga i lámha áisínteachta as féin abhus, beag beann ar pholaitíocht na sé chontae.
beag beann ar regardless
" Is féidir go raibh cuid den cheart ag Sheil ar a laghad, mar gur thaistil Mary chomh fada leis an Róimh le cead a fháil ón Vatacáin leanúint ar aghaidh le hobair an oird fud fad na hAstráile, beag beann ar mhianta an Easpaig Sheil.
beag beann despite, regardless of
" Fiú amháin i gcás an Scéim Tithíochta Gaeltachta, bhí cinneadh glactha ag an Aire Ó Cuív roimh fhoilsiú Thuarascáil McCarthy go gcuirfí ar fionraí é - rud a tharla beag beann ar mholtaí an Bord Snip.
beag beann ar regardless of
" Tharla sé in 1932 le linn na Outdoor Relief Riots nuair ba léir nár leor íocaíochtaí do dhaoine gan obair, beag beann ar a gcreideamh.
Bíonn Rath ar Ropaire pushing ahead regardless is the way to go
"Bíonn Rath ar Ropaire' ============= **MDH: An bac é ar fhoghlaimeoirí má smaoiníonn siad ar chúrsaí gramadaí i gcónaí?** CL: Sílim gurb é.
beag beann ar aon iniúchadh regardless of any scrutiny
" (Féach ailt Bhriain Uí Bhroin agus Robert McMillen san eagrán reatha de Beo!) Soir uainn, maítear gurb é an KGB, > FSB na linne, a reáchtálann an Rúis agus a mharaíonn iriseoirí beag beann ar aon iniúchadh nó cáineadh.
beag beann ar chreideamh regardless of religion
" Ach seo muid ag caint ar an scoilt sheicteach nuair atá deis ag Robinson, an DUP agus Sinn Féin seasamh le baill an phobail beag beann ar chreideamh nó ar dhearcadh polaitíochta.
ar neamhchead regardless
" Éireannaigh na hAlban, ní miste dóibh cuimhneamh nach amháin gur Éireannaigh iad ach gur Gaeil iad fosta agus tacú lena macasamhail eile ar neamhchead datha, teanga is creidimh.
beag beann ar regardless of
" ” Is cuma faoi na bratacha, mar sin, mairfidh an t-easaontas polaitiúil beag beann ar fhoirne rugbaí.
beag beann ar aon chreideamh regardless of any belief
" Creideadh coitianta go n-oibreodh an phiseog beag beann ar aon chreideamh a bhí aige féin inti.
beag beann ar fhulaingt na regardless of the suffering
" Léiríonn an díospóireacht naimhdeach idir na páirtithe i dtaca leis na báid neamhúdaraithe nach mbeidh aon leisce orthu an deis a thapú “féith an chiníochais” a mhúscailt arís má tá sochar polaitiúil le baint aisti, beag beann ar fhulaingt na dteifeach bocht.
ar neamhchead don chúlra creidimh atá acu regardless of their religious background
" Dá bharr sin, freastalaíonn sé ar thuismitheoirí a dteastaíonn uathu oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí ar neamhchead don chúlra creidimh atá acu, mar feictear scoileanna ar an mbunús Caitliceach, Ilchreidmheach, agus Idirchreidmheach (Caitliceach / Protastúnach).
beag beann ar an bhfírinne ana-mhinic very often regardless of truth
" Bíonn an reitric beag beann ar an bhfírinne ana-mhinic, áfach, agus nuair a bhaintear earraíocht fheidhmiúil aisti, ní mór dúinn a thuiscint nach coinníoll riachtanach í fírinne sa reitric pholaitiúil.
gan bheann ar leithscéalta faoi regardless of excuses about
" Leanfaidh scéal ghuagacht chórais airgid an domhain ar aghaidh go ceann cúrsa, ach in Éirinn agus in gach tír, ba cheart an dlí a chur i bhfeidhm gan bheann ar leithscéalta faoi ‘a culture of x nó y’.
beag beann ar inscne nó ar aois regardless of their gender or age
" Chuir céad Ghobharnóir na coilíneachta, Arthur Phillips, díorma agartha le chéile agus scaoil na saighdiúirí aon duine den mhuintir dhúchais a dtáinig siad air sa cheantar, beag beann ar inscne nó ar aois.