De réir an tseanchais, ós rud é gur tógadh an staid díreach os comhair reilige, b'in an chéad rud a a d'fheicfeadh an dream slánaithe nuair a d'osclódh a gcónra! Daingníodh an nasc Éireannach nuair a leag an chéad phátrún, an tírghráthóir agus bunaitheoir Chonradh na Talún, Micheal Davitt, fód as Éirinn ar an gciorcal i lár na páirce.