Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
moltaí recommendations
" Roinnt moltaí don té a bheadh ag smaoineamh dul go Cúba ======= Cúrsaí teanga Is í an Spáinnis teanga oifigiúil na tíre agus is beag Béarla atá ag na gnáthdhaoine (seachas sna hóstáin mhóra).
moltaí recommendations
" Sin iad na moltaí atá agamsa agus tús le haois nua agus le ré nua i stair na hiománaíochta.
mholtaí recommendations
" Agus leis an teannas a thiocfaidh as sin, cad é tharlóidh do mholtaí Patten? A fhad is atá daoine ag iarraidh a theacht ar fhreagraí ar na ceisteanna seo, tá an ainriail ag leathnú ar fud Bhéal Feirste.
moltaí recommendations
" " Tá sé dóchasach chomh maith go mbeidh toradh ar an obair ar fad atá á déanamh ag Coimisiún na Gaeltachta, a bhunaigh sé roinnt blianta ó shin nuair a bhí sé ag plé leis an Ghaeltacht chun moltaí a dhéanamh don Rialtas maidir leis an Ghaeilge a láidriú mar ghnáth-theanga phobal na Gaeltachta.
moltaí recommendations
" Tá Coimisiún na Gaeltachta ag ullmhú cáipéisí stráitéise don Ghaeltacht ina mbeidh moltaí faoin dóigh ar féidir í a láidriú agus a dhaingniú.
moltaí recommendations
" Má chuirtear i bhfeidhm na moltaí seo, beidh dúshraith mhaith dhaingean teanga leagtha síos agus ní bheidh orthu siúd atá ag feidhmiú sa chóras scolaíochta ach na dualgais atá leagtha orthu cheana féin a chomhlíonadh.
moltaí recommendations
" Agus le déanaí foilsíodh moltaí choimisiún na bliana 2002.
moltaí recommendations
" Deir foinse Rialtais gur dócha go ndéanfaidh an Rialtas cuid de na moltaí a déanadh maidir le hobair an tSeanaid a chur i bhfeidhm amach anseo, sin le rá tá seans ann go bhfeicfidh muid an Seanad ag plé cuid mhór ceisteanna a bhaineann leis an Aontas Eorpach agus go bhfeicfidh muid níos mó billí á dtabhairt isteach sa Seanad.
moltaí recommendations
" Beidh ar an Rialtas cinneadh a dhéanamh luath nó mall an dtabharfar cead do lucht na tuaithe a dtithe a thógáil cibé áit is mian leo, fhad is go nglactar le moltaí ar dhearadh agus áit lonnaithe, ar a dtalamh féin.
moltaí recommendations
" Tugadh neart airde le tamall anuas orthu siúd a cháin tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta, na moltaí atá inti agus an cinneadh a rinneadh Comhairle Feidhmiúcháin a cheapadh le gníomhartha a mholadh don Aire Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta.
moltaí a chur chun cinn to make recommendations
" Is é gnó an ghrúpa seo, a bhfuil an t-abhcóide sinsearach Hugh Mohan ina chathaoirleach air, staidéar a dhéanamh ar an dlí, ar chleachtais agus ar fhasaigh sa stát seo agus i dtíortha eile, agus moltaí a chur chun cinn maidir le slite inar féidir dlí na hÉireann ar an gceist seo a fheabhsú le go mbeidh sé ar chaighdeán chomh hard is atá ar fáil i dtír ar bith.
príomh-mholadh main recommendation
" Is é an príomh-mholadh a rinne Abid Hussain ná go n-athrófaí an dlí le go mbeadh ar an gcúiseoir a chruthú gur bréag an méid a foilsíodh faoi, seachas go mbeadh iachall ar an bhfoilsitheoir a chruthú go raibh an méid a foilsíodh fíor.
mholadh recommendation
" Ag taibhreamh a bhí sé faoi na billiúin a bheadh le caitheamh arís aige de bharr na ngearrthacha siar a chuirfeadh sé i bhfeidhm i riocht réiteach agus feistithe, nuair a bhain mise siar as le mo chéad mholadh eile.
moltaí recommendations
"moltaí déanta acu gur féidir le hiarbhaill de chuid an IRA a bheith páirteach sna Páirtnéireachtaí Logánta Póilíneachta; go dtiocfadh le baill den Gharda Síochána bheith ag obair ó thuaidh; go dtiocfadh leis an Bhord Póilíneachta tuarascáileacha agus fiosrúcháin a thiomsú; agus go mbeadh ní ba mhó cumhachtaí ag an Ombudsman cleachtais agus polasaithe na bpéas a scrúdú.
moltaí recommendations
" In Éirinn, tá an chosúlacht ar an scéal go mbunóidh an Rialtas údarás nua craolacháin, má éisteann siad le moltaí an Fhóraim um Chraoltóireacht a foilsíodh mí Lúnasa seo caite.
moltaí recommendations
" Níl sé dóchasach go nglacfar le moltaí an *Blueprint*, mar tá an iomarca eile ag tarlú sa Chumann agus gan dóthain daoine sa CLG buartha faoin iomáint.
príomh-mholadh main recommendation
" An príomh-mholadh atá déanta acu sa *Blueprint *ná go gceapfaí stiúrthóir iomána do Bhaile Átha Cliath agus go mbeadh freagracht agus cumhachtaí aige/aici maidir le cur chun cinn na hiomána sa chontae.
moltaí recommendations
" Ní raibh sé i bhfad gur thosaigh eolaithe ag míniú go bhfuil sé dodhéanta triomach a chosc agus gur amaidí cuid mhaith de na moltaí a bhí á bplé.
moltaí recommendations
" Chuile bhliain cuireann an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéaladh na Mara (ICES), moltaí faoi na stocanna éagsúla faoi bhráid an Aontais.
moltaí recommendations
" B'fhéidir go mbeidh cuid againn níos moille chun iad a cháineadh feasta - cé go samhlaím é sin a bheith deacair uaireanta! Ag deireadh an lae (mar a deir lucht spóirt go minic), is daoine an-tábhachtacha iad na réiteoirí, ní hamháin ó thaobh an jab a dhéanann siad ar an bpáirc Domhnach i ndiaidh Domhnaigh, ach ó thaobh a gcuid tuairimí agus moltaí i leith na gcluichí, bunaithe ar a dtaithí i lár na coimhlinte, mar a déarfá.
mholadh recommendation
" Ar an ábhar sin, deir an meamram nach bhfuil seo indéanta agus ina áit cuireann trí mholadh eile chun tosaigh.
moladh recommendation
" Cuirtear an dara moladh as an áireamh, is é sin dlí mhíleata a chur i bhfeidhm, le cuirfiú agus córas cártaí aitheantais, ar an mbonn go bhféadfadh sé a bheith ina bhua gearrthéarmach.
moltaí réadúla realistic recommendations
" In ionad a bheith ina shíorfhreasúra, gan ach an focal "No" ina bhfoclóir, beidh ar an DUP moltaí réadúla a chur chun tosaigh mar cheannairí an phobail aontachtaigh.
mholtaí recommendations
" Cur i ngníomh bheartais, mholtaí agus threoir Chomhaontú Aoine an Chéasta agus na gCairteanna Eorpacha.
moltaí recommendations
" Tá sé i gceist go gcuirfeadh an chomhdháil moltaí chun tosaigh maidir le bealaí leis na cearta seo a chosaint agus go n-eagrófaí feachtas poiblí ar an cheist freisin.
roinnt moltaí some recommendations
" Agus cad é fá chomhráiteas an dá Rialtas ina bhfuil roinnt moltaí a dtiocfadh leo an próiseas a bhogadh chun tosaigh? Cén fáth nach bhfoilsítear é? Arís, is léir gur ceist amála agus muiníne atá i gceist.
moltaí recommendations
" Ghlac mo sheanchara, Micí Ó Máirtín, an tAire Easláinte, scíth bheag óna dhialann le cur le moltaí Mhic Dhiúil agus le moladh dá chuid féin a chur ar aghaidh.
moladh recommendation
" "Cosc iomlán go deo ar an pharáid seicteach" - sin an moladh a bhí ag an nuachtán laethúil áitiúil *The Daily Post*.
moltaí recommendations
" " Coimisiún na Gaeltachta ======= Bhunaigh an Rialtas Coimisiún faoin nGaeilge sa Ghaeltacht i mí an Aibreáin 2000 "le moltaí a dhéanamh maidir leis an Ghaeilge a láidriú mar ghnáthurlabhra phobal na Gaeltachta" agus ceapadh Nic Pháidín ar an gcoimisiún seo.
Moladh recommendation
" Níl a fhios agam an bhfuair an Moladh céanna mórán tacaíochta nó ar pléadh mórán é ach tá gá le smaointeoireacht radacach den tsórt sin.
moltaí recommendations
" Cuid de na moltaí a bhí aige faoi reáchtáil agus fhorbairt na hiomána i Loch Garman, diúltaíodh dóibh ar dtús, ach cuireadh i bhfeidhm iad blianta níos faide anonn.
moladh recommendation
" Agus, aisteach go leor, beidh focal le rá ag na Stáit Aontaithe, go hindíreach ar ndóigh, faoin moladh maidir leis na ballstáit tarrtháil a thabhairt dá chéile i gcúrsaí cosanta.
a mholadh his recommendation
" Níor cuireadh a mholadh riamh i bhfeidhm, áfach, ar an ábhar gur ceapadh go mbeadh sé mí-bhunreachtúil.
moltaí fónta useful recommendations
" Bhí go leor moltaí fónta sa straitéis seo, dá gcuirfí i bhfeidhm iad, a mhaolódh fadhb na ndaoine gan dídean, ach toisc nach raibh sé ar bhonn reachtúil ní raibh aon rud a d'fhéadfaí a dhéanamh le húdaráis áitiúla a thug neamhaird uirthi.
a mhíneoidh a mholtaí which will explain its recommendations
" "Tá BBC Thuaisceart Éireann ar tí doiciméad a fhoilsiú a mhíneoidh a mholtaí maidir le cur le líon na gcláracha Gaeilge a bheas le feiceáil ar an BBC.
moltaí ciallmhara sensible recommendations
" Pléann sé fadhbanna cur chun cinn na hiomána agus tugann moltaí ciallmhara uaidh.
moltaí recommendations
" Bhí alltacht agus uafás ar chomhairleoirí contae na Gaillimhe an lá cheana, nuair a chuir feidhmeannaigh na comhairle moltaí faoina mbráid a bhain leis na táillí seirbhíse a ghearrann an chomhairle ar fhorbairtí nua.
moltaí recommendations
" Chomh maith leis sin, is féidir moltaí a chur faoina mbráid nó iad a mholadh más dóigh leat go bhfuil sé tuillte acu.
moltaí recommendations
" De réir na tuarascála nua ó Choiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht ní hamháin nach bhfuil, dar leo, moltaí an Bhreithimh Kenny míbhunreachtúil ach tá sé thar am iad a chur i bhfeidhm.
príomh-mholadh main recommendation
" Ba é príomh-mholadh an Bhreithimh Kenny ná gur chóir go gceannódh údaráis áitiúla talamh athchriosaithe ar 25% os cionn an "existing use value", ach sin uile.
moltaí recommendations
" Ar na nithe a bhí le plé ag an gCoiste ag an gcruinniú i mBaile Átha Cliath bhí moltaí rialtas na hÉireann chun tús a chur leis an trádáil idirnáisiúnta i seirbhísí poiblí - oideachas agus sláinte ina measc.
a mholadh his recommendation
" Níorbh aon ionadh é, mar sin, nuair a chuir an Taoiseach a mholadh os comhair an fheidhmeannais - go bhfágfaí Baile Átha Cliath theas faoin Uasal Ryan agus tuaisceart na cathrach faoin Uasal Brady le linn thoghchán 2004 - gur dhiúltaigh an feidhmeannas glacadh leis.
moltaí recommendations
" I ndiaidh fhoilsiú thuarascáil an Bhreithimh Morris, d'fhógair an Coimisinéir Noel Conroy go raibh grúpa ar leith bunaithe aige le moltaí an bhreithimh a scrúdú.
mholtaí recommendations
" Tharraing sé aird ar mholtaí The Irish Emigration Task Force, a bhunaigh an rialtas féin.
mholtaí recommendations
" Cúpla mí ina dhiaidh sin, áfach, in ainneoin mholtaí a phainéil saineolaithe, d'fhógair an FDA nach gcuirfeadh sé an piollaire ar fáil gan oideas, cinneadh a chiallaíonn nach bhfuil fáil chomh héasca céanna ag mná ar fhrithghiniúint choisctheach.
moladh recommendation
" Is eagraíocht dhaonlathach é Cumann Lúthchleas Gael (CLG), rud a chiallaíonn gur féidir le ball ar bith den eagraíocht rún nó moladh a chur chun cinn le plé ag léibhéil éagsúla na heagraíochta: an club, coiste an chontae agus an Chomhdháil Náisiúnta.
moladh recommendation
" An fáth go bhfuil an moladh seo á dhéanamh agam ná go dtosaíonn na himreoirí is fearr ag imirt le foireann sinsear agus gan iad ach 19 nó 20.
moltaí recommendations
" "Níl na moltaí sa Pháipéar Bán láidir go leor," ar seisean.
moladh recommendation
" Cuireann an moladh seo faoin gcúilín breise don phoc sleasa cluiche craoibhe scoile i gcuimhne dom a raibh m'fhoireann féin ag imirt ann.
moladh recommendation
" Má dhéanann an Pharlaimint Spáinneach i Maidrid dlí den bhille seo agus má bhíonn an bua ag moladh Ibarretxe i reifreann, beidh na saoránaigh ó Thír na mBascach ábalta saoránacht Bhascach chomh maith le saoránacht Spáinneach bheith acu agus beidh aitheantas oifigiúil ag an dá cheann.
moltaí recommendations
" Ach an bhfuil muid ag éileamh barraíocht ón Taoiseach agus ón Rialtas go ndéanfaidís cinneadh ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, seachas bheith á chur ar an mhéar fhada? Tá na roghanna éagsúla cíortha arís is arís eile ag fo-choistí comhaireachta agus ag tuarascálacha neamhspleácha agus tá sé in am anois cuid dá moltaí a chur i bhfeidhm.
moladh recommendation
" Ar deireadh, moladh amháin a bheadh agam faoi na Réaltaí ná go ndéanfaí nasc ar leith idir an scéim agus Corn an Bhóthair Iarainn.
mholadh recommendation
" Má ghlactar leis an mholadh deireanach a rinne an tAire Sláinte Mary Harney (agus níl amhras faoi ach gur duine í atá dáiríre faoina cuid oibre agus a bhfuil coinsias aici) beidh orthu siúd i nDún na nGall a bhfuil ailse orthu taisteal go Béal Feirste le cóir leighis a fháil.
cibé moltaí whatever recommendations
" D’iarr an coiste cathrach ar ghrúpaí sa chathair cibé moltaí nó smaointe a bhí acu a chur chun tosaigh.
moltaí fiúntacha worthwhile recommendations
"moltaí fiúntacha déanta ag an Aire Dlí is Cirt, Michael McDowell ina leith.
ag tagairt do mholadh referring to a recommendation
" Bhí sé ag tagairt do mholadh a rinne an Roinn Sláinte níos luaithe i mbliana maidir le breis leapacha a chur ar fáil i mbardaí ospidéil, chun an brú a bhaint de rannóga éigeandála.
moltaí Thuarascáil Hanley the recommendations of the Hanley Report
" Is léir fosta gur cheart moltaí Thuarascáil Hanley a chur ar an mhéar fhada go dtí go bhfaighfimid an lámh in uachtar ar MRSA.
moltaí recommendations
" Bhí fadhbanna le Tuarascáil Genesis, go háirithe nuair a scríobh siad go mba cheart don tsraith a bheith ag cur íomhá *“sexy and cool”* chun cinn (an bhfaca siad bolg Glen Crowe le déanaí?) ach, cé nach raibh gach rud i gceart, ba cheart go nglacfaí le cuid de na moltaí.
má chuirtear na moltaí seo i bhfeidhm if these recommendations are implemented
" Tá an chontúirt ann go gcuirfear an Ghaeilge ag bun an liosta, áfach, má chuirtear na moltaí seo i bhfeidhm.
moladh recommendation
" Fiú má bhíonn cuma dhearfach ar an moladh, is damáiste ar deireadh atá i ndán don teanga.
moladh recommendation
" B’fhearr leis as PSOE an téarma “aithne náisiúnta” a úsáid, ach níl Rialtas na Catalóine sásta glacadh leis an moladh seo.
moladh recommendation
" Fiú má bhíonn cuma dhearfach ar an moladh, is damáiste ar deireadh atá i ndán don teanga.
moladh recommendation
" B’fhearr leis as PSOE an téarma “aithne náisiúnta” a úsáid, ach níl Rialtas na Catalóine sásta glacadh leis an moladh seo.
moltaí fiúntacha worthwhile recommendations
" Saothair thoirtiúla ina raibh moltaí fiúntacha a bhí ina bhformhór.
is beag dá gcuid moltaí a cuireadh i bhfeidhm few of their recommendations were implemented
" Ach bhí rud amháin i bpáirt acu uilig – is beag dá gcuid moltaí a cuireadh i bhfeidhm.
an moladh is radacaí the most radical recommendation
" Táthar ann a deir gurb é an moladh is radacaí a d’fhéadfaí a dhéanamh ná deireadh a chur ar fad leis na teorainneacha Gaeltachta.
moladh recommendation
" B’fhearr leis as PSOE an téarma “aithne náisiúnta” a úsáid, ach níl Rialtas na Catalóine sásta glacadh leis an moladh seo.
moladh recommendation
" Cloistear go minic nach bhfuil ár gcuid scileanna áirimh thar moladh beirte ach go bhfios dom ní mholtar riamh gur cheart Matamaitic a bhaint ón churaclam.
moltaí conspóideacha controversial recommendations
" Nach ionann carachtair “Ros na Rún” agus leagan iltoiseach de na seandeilbhíní a bhíodh á n-úsáid i m*Buntús Cainte *fadó – ach go bhfuil siad ábalta labhairt agus siúl! Ceann de na torthaí is mó atá ar an díospóireacht phoiblí a chothaigh moltaí conspóideacha Enda Kenny i leith na Gaeilge a bheith ina ábhar staidéir roghnach i ndiaidh an Teastais Shóisearaigh ná go bhfuil sé admhaithe faoi dheireadh ag an Aire Oideachais go bhfuil locht ar theagasc na teanga.
moladh recommendation
" Mar sin, nuair a moladh go gceapfaí stiúrthóir iomána i mBaile Átha Cliath, glacadh leis an moladh ag coiste an chontae mar thuig daoine nach mbeadh aon fhreagracht ná dualgas orthu féin níos mó a dhéanamh ar son na hiomána.
mholadh recommendation
" Ach nuair a bheidh mé san Afraic Theas, beidh mé leathbhealach go dtí an Astráil! Ar mholadh cara liom a bheidh san Astráil níos déanaí sa bhliain, shocraigh mé ar dhá mhí a chaitheamh sa tír sin i ndiaidh na hAfraice Theas.
maidir le cur i bhfeidhm moltaí Choimisiún na mBradán as regards the implementation of the recommendations of the Salmon Commission
" Thíolaic sé cúraimí mara an phoist ar a Aire Sóisearach, Pat the Cope Ó Gallchóir, rud a chothaigh neart deacrachtaí maidir le cur i bhfeidhm moltaí Choimisiún na mBradán.
moltaí recommendations
" In ainneoin an mhéid a tharla i Leas Cross, agus na moltaí a chuir an tOllamh Des O’Neill chun cinn sa tuarascáil a scríobh sé mar gheall ar an ionad, níl na hacmhainní cuí curtha ar fáil ag an rialtas go fóill le cinntiú go n-oibreodh an córas rialaitheach go héifeachtach.
go nglacfadh sé le moltaí an choiste, that he would accept the recommendations of the committee,
" Cúlú? Cainteanna le naimhde? Cé gur dhúirt an tUachtarán Bush ar dtús go nglacfadh sé le moltaí an choiste, is cosúil go bhfuil sé ag déanamh athmhachnaimh i láthair na huaire.
in ainneoin mholtaí an Ghrúpa Staidéir. despite the recommendations of the Study Group.
" ” Is cosúil, ámh, go bhfuil an t-uachtarán ag dul sa chéad treo, in ainneoin mholtaí an Ghrúpa Staidéir.
moltaí, recommendations,
" *B’ann a bhí moltaí, den chéad uair, go mbeadh roinnt na cumhachta i dteannta diminsin Éireannaigh mar eochair a d’fhuasclódh fadhb an tuaiscirt go deo.
i gcoinne an mholta seo. against this recommendation.
" Cuirfear argóintí maithe chun cinn i gcoinne an mholta seo.
moltaí recommendations
" Lorg muid moltaí ó cheoltóirí agus amhránaithe an chontae i dtaobh na mbealaí ab fhearr, dar leo, chun na healaíona seo a fhorbairt.
moltaí recommendations
" Ceann de na moltaí is conspóidí ná táille plódaithe – suim áirithe a d’íocfaí in aghaidh an lae dá dtiomáinfí isteach go Manhattan.
moltaí recommendations
" Tá na moltaí seo bunaithe ar thaighde ar chúinsí mar an costas maireachtála, costas tithíochta, boilsciú, etc.
an moladh fadradharcach the far-sighted recommendation
" An é go bhfuil tú mar dheoraí i mbruachbhaile iargúlta mura bhfuil carr agat? Cén chaoi ar féidir leis an gcathair pleananna agus forbairtí a chur i gcrích chun garaíocht a dhéanamh do choisithe agus do rothaithe le go mbeidh cáilíocht bheatha níos fearr agus cathair inbhuanaithe againn? Dá bhféadfaimis timpeallacht rothaíochta agus spaisteoireachta níos pléisiúrtha a chothú, nach mbeadh níos mó daoine amuigh ag siúl agus ag rothaíocht? Nach mbeadh dea-thionchar aige sin ar shláinte mhuintir na tíre? Ach gan dabht, is é an íomhá is sonraíche agus an plean is mó atá tagtha chun solais ón gcomhdháil seo ná an moladh fadradharcach gur chóir Faiche an Choláiste agus Sráid Nassau a fhorbairt mar limistéar do choisithe amháin.
cuid de na moltaí, some of the recommendations,
" Nuair a dúirt an UUP ach go háirithe nach raibh siad sásta le cuid de na moltaí, mhaígh Robinson mura n-aontódh gach páirtí leis an bhuiséad pleanáilte, go dtitfeadh an Feidhmeannas.
moltaí recommendations
" Dar ndóigh, fiú dá nglacfaí leis na moltaí sin, ní fhéadfaí iad a chur i bhfeidhm gan infheistíocht bhreise.
moladh recommendation
" Cibé, bhí moladh aici do cholún na míosa seo.
moltaí recommendations
" Ag cuid de na daoine, is tábhachtaí é fios a bheith acu cad é tharla dá ghaolta agus iad ag iarraidh an cheist is tábhachtaí a fhreagairt, cad chuige ar maraíodh é nó í agus tá moltaí eile sa tuarascáil a thugann aghaidh ar an fhadhb sin.
mholtaí recommendations
" Ba chóir, mar sin, aird a thabhairt ar mholtaí a dhéantar i dtuarascáil a eisíodh le déanaí ar cheist na mionlach Iarácach.
moltaí recommendations
" Cinnte, tá corr-rud maith ann faoi chúrsaí oideachais ach chun na moltaí uaillmhianacha oideachais a chur i bhfeidhm, cá bhfuil an Bord Oideachais a bhí molta sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta? Ina áit, beifear ag brath ar an Roinn Oideachais: an Roinn Stáit chéanna a raibh ar an gCoimisinéar Teanga, imscrúdú a dhéanamh air anuraidh, faoi Alt 21 de Acht na dTeangacha Oifigiúla mar nach raibh an Roinn sin sásta a ghéilleadh go raibh aon dualgas orthu treoirlínte faoi mhúineadh an churaclam scoile a chur ar fáil do scoileanna Gaeltachta, ná do na Gaelcholáistí in aon teanga eile seachas i mBéarla.
moltaí recommendations
" Díol spéise é mar sin nuair a thagann siad le chéile le scansáil a dhéanamh ar na mórcheisteanna atá ag dó na geirbe acu sa réimse teoranta saineolais seo agus moltaí a chur chun cinn chun iad a leigheas.
moltaí recommendations
" Céard a rinne se i dtaobh na ceiste? Bhunaigh sé Coimisiún na Gaeltachta sa mbliain 2000 i dtosach agus d’iarr sé ar an gCoimisiún sin moltaí a chur faoina bhráid faoi na critéir a d’fhéadfaí a úsáid leis an teorainn a athshocrú.
moltaí an rialtais the government recommendations
" Cuid acu ag rá go gcaithfear tuilleadh cíoradh a dhéanamh ar na leasuithe atá beartaithe agus teacht ar chomhréiteach; cuid eile, go háirithe iad siúd atá ar eite chlé an pháirtí, ag éileamh gur cheart moltaí an rialtais a chur ar ceal láithreach agus an próiseas idirbheartaíochta a thosú arís as an nua.
moltaí recommendations
" Bunaíodh Coiste na Gaeilge agus tháinig siadsan aníos le moltaí conas dul i bhfeidhm ar an lucht gnó agus ar cheann de na moltaí sin, bunaíodh Gaillimh le Gaeilge.
moltaí recommendations
" Maidir le moltaí na meithle, ceapadh Stiúrthóir Iomána go luath tar éis gur glacadh leis an treoirphlean.
neart moltaí le chéile plenty of recommendations
" Má tá fadhb ag baint leis – agus is léir go bhfuil - nár cheart iarracht a dhéanamh é a leasú seachas cinneadh gasta a dhéanamh chun é a scor, cinneadh a bhféadfadh aiféaltas a bheith orainn faoi amach anseo b’fhéidir? Reifreann Eile ====== Is cinnte go gcuirfear neart moltaí le chéile nuair a ghairmfear an Reifreann, ach sula dtosófar ar an tuairmíocht sin ba mhaith liom féin cúpla moladh fánach a dhéanamh i leith Seanad leasaithe.
moltaí ciallmhara sensible recommendations
" Bhí moltaí ciallmhara déanta ansin ag saineolaithe coinsiasacha maidir le rangú a dhéanamh ar na ceantair Ghaeltachta de réir critéir theangeolaíocha.
mholtaí réadúla realistic recommendations
" Má tá ciall acu, beidh cur chuige réamhghníomhach acu agus tiocfaidh siad féin ar mholtaí réadúla chun gearradh siar ar chostais riaracháin agus ar dhúbláil oibre.
tá moltaí ann fosta there are recommendations also
" Tá iarratas ar £10m d'airgead Eorpach Peace III curtha isteach ach anuas ar sin, tá pleananna ag Ollscoil Uladh £250 milliún a infheistiu i dtuaisceart na cathrach agus tá moltaí ann fosta ‘dorchla cultúir’ a thógáil agus foirgnimh stairiúla i sráid Dhún na nGall agus ar Bhóthar Chromghlinne, an charcair san áireamh, a fheabhsú.
roinnt moltaí ann some recommendations
" Tá roinnt smaointí maithe sa tuarascáil ach tá roinnt moltaí ann atá fíorchontúirteach do chraolachán na Gaeilge.
an moladh is tromchúisí atá ag the (Minister’s) most serious recommendation
" Ní Fál go hAer Fós É ======== Is dócha, áfach, gurb é an moladh is tromchúisí atá ag an Aire Quinn ná nach mbeifear in ann idirdhealú dearfach a dhéanamh a thuilleadh i leith daltaí atá á dtógáil le Gaeilge.
a bhainfeas tuisle as moltaí an Aire Oideachais which shall trip up the minister for education’s recommendations
" An bhféadfadh go bhfuil fasach i gcás dlí na hEorpa a bhainfeas tuisle as moltaí an Aire Oideachais?
faoin moladh about the recommendation
" Seo mar a scríobh sé sa mheamram dar dáta 6 Bealtaine 1974 a chuir sé ag an Aire don tSeirbhís Poiblí, Richie Ryan, faoin moladh: “*It must be recognised that abolition of the requirement might cause some difficulties in regard to the Constitutional position of Irish as the first language of the state and might lead to a situation where few civil servants would be able to conduct business in Irish with those members of the public who would wish and would be entitled to do so*.