Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
reibiliúnaigh rebel
" I measc na leabhar atá scríofa aige, tá ceann bríomhar ar stair na nÉireannach i Meiriceá, beathaisnéis an reibiliúnaigh Éireannaigh John Devoy, agus stair na gceannaircí Éireannacha, leabhar a raibh an-tóir air.
an reibiliúnach glic Éireannach the crafty Irish rebel
" I *Terrible Angel*, cuirtear an reibiliúnach glic Éireannach ón saol eile chun coir a réiteach i Greenwich Village sna 1990í.
a chomhreibiliúnaí his fellow-rebel
" Sna Flaithis, sula dtosaíonn a chuid eachtraí i Nua-Eabhrac, cuireann Collins ceist ar a chomhreibiliúnaí, Tom Clarke, cá bhfuil Dev.
i gcontae na reibiliúnaithe, in the rebel county,
" Ó dheas i gcontae na reibiliúnaithe, táthar ag tógáil na líne idir Cathair Chorcaí agus Mainistir na Corann, agus is é mí Iúil 2008 an dáta oscailte atá tuartha di anois (moill eile: dhá bhliain ó shin, ghealladh 2007).
ó Chorcaigh na Reibiliúnach, from Cork of the Rebels
" Agus i ndiaidh d'Altan an gníomh athmhuintearais áirithe sin a dhéanamh, bhí Cara O'Sullivan, soprán ó Chorcaigh na Reibiliúnach, ar an ardán agus í ag ceol "Jerusalem", amhrán atá ar maos i dtírghrá Sasanach.
Lucht an Éirí Amach the rebels
" Cuimhneachán ar Lucht an Éirí Amach Is in 1960 ar ordú de Gaulle a cuireadh ar bun an Mémorial de la France Combattante in aice leis an gcampa míleata ar an Mont Valérien, áit a ndéantar an Appel du 18 juin a chomóradh gach bliain i láthair Uachtarán na Poblachta.
ceannaircigh rebels
" D’fhógair ceannaircigh Thuirciceacha bunú Poblacht Ioslamach na Turcastáine Thoir i 1933, ach an bhliain dar gcionn ghabh Poblacht na Síne seilbh ar an tír in athuair.
ceannaircigh rebels
" Ar an 2 Meitheamh, tuairiscíodh gur inis BHL do Benjamin Netanyahu go raibh “ceannaircigh na Libia” sásta aitheantas a thabhairt don stát Giúdach – rud nach ndearna Qaddafi riamh.
i gcoinne na gceannairceach against the rebels
" Chinn fórsaí al-Assad an t-éirí amach a chur síos trí dul i muinín anmhéid foréigin i gcoinne na gceannairceach, shocraíodar ar na huirlisí troda is troime agus is gránna a úsáid – tá siad ag cur ina luí ar a gcuid naimhde i gcónaí nach mbeadh drogall orthu uirlisí troda ceimiceacha a úsáid ina gcoinne cé gur thug Meiriceá foláireamh láidir dóibh gan a leithéid a dhéanamh.
ina chogadh in aghaidh ceannairceach in his war against the rebels
" Tá cuid suntasach den tír sin faoi smacht Hezbollah anois, agus le déanaí tá saighdiúirí Hezbollah ag tabhairt cúnaimh do rialtas Bhashar al-Assad ina chogadh in aghaidh ceannairceach na tíre sin.
cheannaircigh rebels
" Ach tá baol mór bainteach leis an titim chéanna – is cosúil gur Ioslamaithe antoisceacha iad cuid de cheannaircigh seo na Siria, agus roinnt acu bainteach le Al Qaeda, fiú.
buíon nua ceannairceach a new group of rebels
"buíon nua ceannairceach (atá chomh hantoisceach sin gur caitheadh amach as Al-Qaeda iad!) ag eagrú in iarthuaisceart na hIaráice agus ag máirseáil ar Bhagdad.
isteach sna ceannaircigh into the rebels
" Gan obair, agus gan airgead, chuaigh go leor de na Sunnaígh (cuid mhaith acu iaroifigigh airm) isteach sna ceannaircigh, agus b’shin ba chúis leis an éirí amach a mharaigh na mílte saighdiúirí Meiriceánacha sa tír sin thar thréimhse cúig bliana nó mar sin.
seilbh ceannairceach in the possession of SIIL rebels
" Bheadh ceantar ola an oirdheiscirt i seilbh na hIaráine, bheadh ceantar ola an iarthuaiscirt i seilbh ceannairceach SIIL, agus bheadh sé ina chogadh dearg idir an Túirc agus na Coirdínigh ó thuaidh.