Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fís a fhíorú to realize a vision
" Ba cheart Sat Nav a bhronnadh ar Fhoras na Gaeilge le cabhrú leo Gaoth Dobhair a bhaint amach, camchuairt ar Damascas a thabhairt do Frank Dunlop, léarscáil de Chúige Laighean a thabhairt d’iománaithe na Gaillimhe agus turas chun na Muir Cairibe do Ghlór na nGael le go mbeidís in ann fís a fhíorú nár éirigh leo a bhaint amach sa mbaile.
léann realizes, understands
" Feiceann sí Clyde agus léann sí ar an toirt an drochobair tá idir lámha aige siúd.
thuig an luach realized the worth
" Tá moladh ag dul dó freisin as an gcrógacht a thaispeáin sé agus é ag cur ina luí ar an stiúrthóir agus ar an bhfear ceamara Risteard Ó Domhnaill, gur fearr dó féin a bheith ina thost! Dar ndóigh, tá moladh ag dul don stiúrthóir a ghlac leis an gcomhairle chéanna agus a thuig an luach a bhí aimsithe aige, ní hamháin san eagarthóir seo agus ach sna carachtair áitiúla, Pat (The Chief) O Donnell agus Willie Corduff.
a samhlaíocht a chur i gcrích to realize their imagination
" ” “An chaoi ina nglactar cinntí, go mbeadh sé oscailte, daonlathach agus go mbeadh deiseanna ag daoine a samhlaíocht a chur i gcrích.
Thuig mise láithreach I realized immediately
" Thuig mise láithreach go raibh sé seo ag obair mar rud ann féin, mar go raibh sciatháin eile ag Sunday Miscellany, mar gur thaitin sé chomh mór leis na daoine a bhí ag glacadh páirte ann agus leis an lucht féachana.
a chur ar a súile do mhuintir na hÉireann to make the Irish people realize
" Tá súil agam go mbeifear in ann an bhliain a úsáid le dhá rud a dhéanamh: (i) i dtosach, a chur ar a súile do mhuintir na hÉireann nach bhfuil i straitéis an rialtais i dtaobh pleanáil teanga sa Ghaeltacht ach cur i gcéill ó thús go deireadh, ar a bhféadfaí go leor airgid poiblí agus fuinnimh pobail a chur amú gan toradh ar bith dá bharr agus (ii) a chur in iúl don Aontas Eorpach, ag an leibhéal is airde, go bhfuil cuid tábhachtach d’oidhreacht cultúir na hEorpa i mbaol de dheasca cur i gcéill an rialtais anseo, maidir le caomhnú na Gaeilge sna ceantracha ina bhfuil sí fós ina teanga bheo.
iad féin is mó a thuigeann themselves who realize most
" Cén t-iontas mar sin gur éirigh le i bhfad níos mó acu grád A nó B a bhaint amach i gcomórtas le blianta eile? Is iad na scoláirí iad féin is mó a thuigeann go bhfuil breis marcanna ar fáil anois le haghaidh níos lú eolas.
aithním go bhfuil lámha salacha na polaitíochta ar obair I realize that the sullied hand of politics is meddling here
" Cinneadh an Choinbhinsiúin ============ Mar sin, is céim bheag chun cinn é an cinneadh seo ag An Coinbhinsiún ar an Bhunreacht ach aithním go bhfuil lámha salacha na polaitíochta ar obair agus gur eagla roimh Shinn Féin príomhspreagadh na bpáirtithe móra ó dheas agus iad ag plé na ceiste seo.
tuigim go maith cén fáth I well realize
" Ar ndóigh, mar iarghníomhaí ceardchumainn (TUI), tuigim go maith cén fáth ar vótáil na meánmhúinteoirí, beagnach dó in aghaidh a haon i gcoinne an tsocraithe a bhí curtha le chéile tar éis do ghluaiseacht na gceardchumann cur suas do shocrú Pháirc an Chrócaigh II.
D'aithin muid we realized
" D'aithin muid ansin cad é bhí ar bun.
thuig mé a annaimhe I realized how seldom
" I mo shuí dom in aice an ardáin, thuig mé a annaimhe 's a bhíonn slua mór de lucht labhartha de theanga mhionlaithe cruinnithe in aon áit amháin sa lá atá inniu ann.
dá bhfíorófaí mianta an Chonartha were the league’s wishes to be realized
" Ní féidir cur amú airgid poiblí agus cur amú cumais daoine a chosaint, agus sin a bheadh ann, dá bhfíorófaí mianta an Chonartha.
fíoraíonn siad they show, realize
" ” Don chuid is mó áfach, fíoraíonn siad an méid atá tugtha faoi ndeara ag eagraíochtaí neamhbhrabúis le tamall anuas.