Is léir, mar sin, go bhfuil daoine atá báúil leis an Ghaeilge i bhFine Gael ach fós tá siad ag iarraidh ceann de na buillí is fealltaí a thabhairt don teanga a tugadh di ó bhí aimsir
Reachtanna Chill Chainnigh ann! Céard is fiú do stát ar bith a bheith ag caitheamh airgid ar mhúineadh teanga agus ansin a rá nach mbeidh sí mar ábhar lárnach i gcúrsaí oideachais? Má dhéantar imeallú ar an Ghaeilge sa chóras oideachais, is cinnte nach mbeidh go leor daoine ann i gceann fiche bliain leis an teanga a shlánú mar theanga náisiúnta.