Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
iarnród railways
" De bharr easpa bonneagair chuí i bhfoirm bóithre agus iarnród, ní raibh an Ghaeltacht sách cóngarach don mhargadh.
iarnród railway
" "Gránna," a dúirt sé faoin radharc - Príosún Walton, an seaniarnród, na dugaí sa cúlra.
i gcás na n-iarnród in the case of the railways
" Faoi mar a tharla i gcás na n-iarnród sa mBreatain, tá drochthionchar Thatcher ar an bpolaitíocht fós linn.
iarnróid railways
" Caithfear an t-airgead go príomha ar bhóithre agus ar iarnróid sna tíortha Baltacha, san Ungáir, sa bPolainn agus sa tSlóvéin.
bóithre iarainn railways
" Cóilíneachtaí neamhspleácha a bhí sa tír nuair a tosaíodh ar na bóithre iarainn agus deis iompair réigiúnach a bhí iontu ar feadh i bhfad seachas cuid de chóras náisiúnta.
iarnród railway
" Tá mo theach féin díreach in aice leis an iarnród go dtí na dugaí, sprioc mhór de chuid an *Luftwaffe* sa *blitz *i 1940.
inbhuaine an iarnróid the sustainability of the railway
" Ach má fhaigheann Ryanair an duais seo, an conradh do Bhaile Átha Cliath go Ciarraí, ná déantar dearmad ar na torthaí fadtéarmacha a bheas i gceist maidir le truailliú agus maidir le hinbhuaine an iarnróid.
faoin chóras iarnróid about the railway system
" “Dea-scéala faoin chóras iarnróid sa Bhreatain, údar tromluí go leor paisinéirí mífhortúnacha? An é an lá inniu an chéad lá de mhí an Aibreáin?” Bheadh sé cineál íorónta dá mbeadh an easpa infheistíochta agus an easpa tacaíochta ón Rialtas le blianta anois mar bhuntáiste ag na hiarnróid sa Bhreatain, agus dá gcuirfeadh seo chun cinn iad ar chórais na Fraince agus na Gearmáine ach, má éiríonn le heagraíocht darb ainm UK Ultraspeed, sin go díreach an rud a tharlóidh.
faoin chóras iarnróid about the railway system
" “Dea-scéala faoin chóras iarnróid sa Bhreatain, údar tromluí go leor paisinéirí mífhortúnacha? An é an lá inniu an chéad lá de mhí an Aibreáin?” Bheadh sé cineál íorónta dá mbeadh an easpa infheistíochta agus an easpa tacaíochta ón Rialtas le blianta anois mar bhuntáiste ag na hiarnróid sa Bhreatain, agus dá gcuirfeadh seo chun cinn iad ar chórais na Fraince agus na Gearmáine ach, má éiríonn le heagraíocht darb ainm UK Ultraspeed, sin go díreach an rud a tharlóidh.
Iarnróid nua new railways
" B’fhéidir go mbeidh ceannlínte mar seo le feiceáil sna nuachtáin sa bhliain 2015: “Ardú 80% i bpraghas an pheitril agus an leictreachais ó 2005” “Iarnróid nua á dtógáil i lárlánaí na mótarbhealach” “Tá dul chun cinn á dhéanamh againn: anuraidh, tháinig 30% den fhuinneamh in Éirinn ó fhoinsí inbhuanaithe” “Aire Fuinnimh Inbhuanaithe ceaptha ag an Taoiseach” “Aerlonga ar ais mar mhodhanna iompair i spéartha na hÉireann” Ach cad a tharlóidh má tá an ceart ag na geolaithe, agus má tá buaic na hola ann cheana féin nó i ngar dúinn, agus má tá am an phlé thart? Seo mar a bheidh cúrsaí má tharlaíonn an bhuaic in 2007: “Logánú gan Rogha” ======= Samhlaítear anseo go dtarlóidh géarchéim nua ola in 2007 agus go méadóidh na praghasanna tuilleadh.
gnáthiarnród regular railway
" Agus beidh cúpla bliain eile de chrá croí le fulaingt ag muintir Átha Cliath Theas mar gheall ar an socrú a rinne an Rialtas nua le déanaí Líne Ghlas an Luas a aistriú ar ais go gnáthiarnród, ar féidir traenacha móra a chur air agus i bhfad níos mó paisinéirí a iompar.
iarnróid, aibhléis agus teileachumarsáid. railways, electricity and telecommunications.
" Sna deich mbliana atá romhainn, caithfear suas le €100 billiún ar infheistíocht infrastruchtúir ar “oileán na hÉireann” agus dúirt Ahern go mbeadh cuid den chaiteachas sin dírithe ar tionscadail thrasteorann – bóithre, iarnróid, aibhléis agus teileachumarsáid.
Corn an Bhóthair Iarainn the Railway Cup
" Níl a fhios agam an féidir Corn an Bhóthair Iarainn agus Corn an Oireachtais a athréimniú nó an bhfuil an toil nó an spéis ann chuige.
iarnróid railways
" Cúpla bliain ó shin scríobh mé píosa faoi cad atá i ndán d’iarnróid na hÉireann, agus b’fhéidir gur cheart teacht ar ais chuig an ábhar seo agus féachaint conas atá ag éirí le cúrsaí.
tollán iarnróid railway tunnel
" Gealltar i bplean an rialtais, “Transport21”, go mbeidh tollán iarnróid nua idir Stáisiún Uí Chonghaile agus Stáisiún Heuston faoi 2015, agus go mbeidh stáisiún nua Cheantar na nDugaí ar an líne nua seo.
an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród Railway Procurement Agency
" Tá na húdaráis atá ann anois (Oifig Iompair Átha Cliath, agus an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród atá freagrach as an Luas) i gcoinne an phlean: níl siad chun a mbarántas báis féin a shíniú! Tá CIE agus Iarnród Éireann (agus na ceardchumainn atá iontu) i gcoinne an phlean: ba mhaith leo a gcumhacht a choimeád.
iomaíocht a cheadú ar iarnróid intíre na hEorpa to allow competition on the internal railways of Europe
" Bhí scéim eile ag an Pharlaimint a raibh sé mar aidhm aici iomaíocht a cheadú ar iarnróid intíre na hEorpa ó 2017, ach chuir brúghrúpaí a bhí ag feidhmiú ar son comhlachtaí móra iarnróid (SNCF na Fraince, mar shampla) deireadh leis sin.
an t-iarnród the railway
" Ag tús na haoise, ba phort tábhachtach eisimirce é Cromba, ach nuair a tháinig an t-iarnród go hInbhir Nis, b’fhearr leis na Híleantóirí traein a fháil ón áit sin go Glaschú nó Learpholl, áit a bhfaigheadh siad bád go Meiriceá nó Ceanada.
chomh maith leis na céadta míle míle sa bhreis d' iarnród as well as hundreds of thousands of additional miles of railway
" Iarnród a bhí ann go dtí 1963, nuair a dhún rialtas coimeádach eile é, chomh maith leis na céadta míle míle sa bhreis d' iarnród agus 2,363 stáisiún paisinéara as an 4,293 a bhí ann san iomlán.
gCorn an Bhóthair Iarainn the Railway Cup
" Bhuaigh sé ocht mbonn sinsir Uile-Éireann, dhá bhonn mionúir Uile-Éireann, naoi mbonn sinsearach i gCraobhchomórtas na Mumhan, ceithre bhonn sa tSraith Náisiúnta, trí bhonn déag i gCraobhchomórtas Chontae Chorcaí le Ruagairí an Ghleanna agus ocht mbonn déag i gCorn an Bhóthair Iarainn leis an Mumhain.
bhóthar iarainn railway
" Faoi cheann leathchéad nó ceithre fhichead bliain eile, b’fhéidir gur le taobh an bhóthar iarainn as BÁC go hÁth Luain a bheas an tiús daonra is mó in Éirinn.
dhroichead iarnróid a railway bridge
" Faoi dhroichead iarnróid a bhí siad.
Bóthar iarainn a bhíof ann it used to be a railway
" Bóthar iarainn a bhíof ann, ach cóiríodh é agus is áis iontach anois é le siúl nó le bheith ag rothaíocht ann.
iarnród nua-aimseartha a modern railway
" Ach in ionad na milliuin a úsáid chun iarnród nua-aimseartha (cosúil leis an cheann sa Fhrainc) a thógáil, mar shampla, chuir siad an t-airgead amú chun ceithre mhilliún a choinneáil ar an dól.
chomh maith le hiarnróid along with railways
" Bhí 600,000 acra ag an gcomhlacht chomh maith le hiarnróid is cuideachta loingseoireachta dá chuid féin.
scaipeadh na n-iarnród the spread of the railways
" I dteannta triúr pearsantachtaí suimiúla ó H-Division, an Cigire Edmund Reid, an tSáirsint Bennett Drake agus an máinlia Meiriceánach, Captain Homer Jackson, déantar an lucht féachana a threorú tríd na conspóidí ba bhríomhaire sa naoú haois déag, ’sé sin scaipeadh na n-iarnród trí sheanphortaigh Londain, feidhm na n-otharlann agus na ndochtúirí i sochaí tionsclaíochta, an choiriúlacht idirnáisiúnta, an choimhlint idir an cosc dleathach ar “*gross indecency*” agus cumhacht doshéanta na drúise homoghnéasaí, agus scáth na himpireachta féin ar fhallaí an Ten Bells.
bóthair iarainn a railway
" Tá sé ann mórán i ngan fhios don tsaol mhór An Fhealsúnacht ====== Mhúscail fear an chreidimh ar theanga talún idir autobahn agus bóthair iarainn.
cluichí an Bhóthar Iarainn the Railway Cup games
" Níor tharla sé sin ach i gcás amháin is é sin cluichí an Bhóthar Iarainn (comórtas idirchúige) a bhíodh á gcraoladh ar RTÉ ar Lá ’le Pádraig.
Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród Railway Procurement Agency (RPA)
" Is fear é a dtaitníonn dúshlán leis agus is cinnte go bhfuil an-dúshlán ag baint lena phost nua mar phríomhfheidhmeannach ar an an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród, an eagraíocht atá i gceannas ar thionscadal Luas Bhaile Átha Cliath.
iarnróid railways
" Tá Pádraig Mac Éamoinn dóchasach go ndéanfaí Rialtas na hÉireann tuilleadh airgid a infheistiú sna hiarnróid go luath agus go dtiocfaidh forbairt mhór orthu dá bharr sin.
Corn an Bhóthair Iarainn the Railway Cup
" Ba bhreá le Colm Mac Séalaigh dá mbeadh an stádas céanna ag Corn an Bhóthair Iarainn is a bhí sna seascaidí ach tuigeann sé gur beag an baol go dtarlóidh sé sin.
iarnróid railways
" Tá go leor airgid á chaitheamh ar iarnróid na hÉireann faoi láthair.