Ní thig leo dul rófhada chun tosaigh ar a lucht leanúna, dar leo, ach tharla eachtra iontach an mhí seo caite nuair a thug urlabhraí an pháirtí ar chúrsaí póilíneachta, an t-iarchime Gerry Kelly, le fios go raibh cainteanna díreacha idir é féin agus baill shinsearacha de chuid an PSNI roimh mháirseáil chonspóideach de chuid an Oird Oráistigh i dtuaisceart Bhéal Feirste ar an 12 Iúil, mórshiúl a mbíodh
racáin lena linn le blianta beaga anuas.