Ciallaíonn seo go bhfuil páistí lucht labhartha Gaeilge i dtimpeallacht Bhéarla cuid mhaith, go dtí go sroicheann siad aois scoile - na blianta is tábhachtaí ó thaobh shealbhú teanga!
De bharr easpa ama, leis, ní bhíonn fonn rómhór ar thuismitheoirí tabhairt faoi imeachtaí a eagrú as a stuaim féin agus cé gur buntáiste an-mhór don eagraíocht go bhfuil beirt fostaithe go lánaimseartha, ní maith an rud go mbeadh aon eagras deonach
ag brath rómhór ar fhostaithe.