An bhfuil mé mícheart go hiomlán agus mé ag maíomh go bhfuil cosúlachtaí ann idir an cás hipitéiseach seo agus cúrsaí ceoil sa lá atá inniu ann? Cinnte tá dlúthdhioscaí neamhspleácha ag teacht amach atá go maith, ach an bhfuil siad chomh maith is a d’fhéadfadh siad a bheith? Sa litríocht, tá
ról an-lárnach ag
foilsitheoirí agus eagarthóirí, ag obair leis an scríbhneoir, ag tabhairt spreagadh agus comhairle dó/di leis an saothar is fearr a chur ar fáil.