Dé Domhnaigh seo chugainn, 5 Márta, beidh súile an domhain ag amharc ar na réaltaí móra scannáin ag déanamh a mbealaigh go lonrach suas an cairpéad dearg chuig an Kodak Theatre i Hollywood, iad lán dóchais go mbeidh siad ag imeacht abhaile ag deireadh na hoíche agus an deilbhín beag clúiteach sin, a aithníonn achan duine mar Oscar, faoina n-ascaill acu.
Nó an mbeidh?
Má tá Brown agus Cameron agus Clegg chomh séimhbhladrach sin, tá siad mar a bheadh réaltaí scannáin ann i gcomórtas leis an drong a bhfuil sé d'uaillmhian ag a mbunús muid a threorú isteach sa 20ú haois (sic).