Bhí an t-ádh liom ceann a fheiceáil le déanaí nuair a thug mé cuairt ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, áit a bhfuil pleananna faoi lán seoil chun Réadlann Crawford a athchóiriú.
Tháinig na cuimhní cinn chugam ina rabharta: múinteoir a spreag i dtreo na réalteolaíochta mé, oícheanta fuara geimhridh ar chúl an tí leis na déshúiligh, turas ar an réadlann in Ard Mhacha, an corrú a bhíodh faoi mo chroí nuair a thagadh fear an phoist le leabhar úr.