)
Ach leis an spotsolas á dhíriú ar "an chogadh salach" tá seans (caol) ann go mbeidh an íomhá dhubh agus bhán den choimhlint ó thuaidh réabtha as a chéile.
Dúirt an fealsamh Kierkegaard agus é ag machnamh ar an ábhar seo gurb é is file ann:
> Duine míshona, a bhfuil a chroí réabtha ag buairt cheilte, ach a bhfuil a bhéal múnlaithe ar bhealach chomh speisialta sin, nuair a thagann osnaí agus olagóin amach as, go mbíonn binneas ceoil ag baint leo.
Níl fágtha ag an dtruán dóite seo ó thaobh ghrá an tsaoil de ach lámha grámhara na n-altraí, lámha a chuireann bindealáin gharbha ar a shúile réabtha agus a thomann é gan tuiscint i bhfolcadán uisce.