Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a ghnúis mhaorga mhairgiúil his quiet, sorrowful face
" Bhí sé dodhéanta fiú leamhgháire a bhaint as a ghnúis mhaorga mhairgiúil 'fhad is a bhí na cláracha gáifeacha teilifíse agus na pictiúir léanmhara ag teacht amach, ceann i ndiaidh a chéile.
domhainmhachnamh socair quiet deep reflection
" Nó, chun é a rá ar bhealach eile, is ancairí iad a ligeann don aigne suncáil agus domhainmhachnamh socair a dhéanamh.
socair quiet
socair quiet, calm
" ** Tá tú sáinnithe sa trácht ar an M50, ar do bhealach chun na hoibre, ag brionglóideach ar an saol socair faoin tuath a d'fhág tú i do dhiaidh nuair a bhog tú go Baile Átha Cliath.
ina thost quiet
" Ach nuair a rinneadh ionsaí ceimice ar na Curdaigh i Halabja i 1988 inar maraíodh tuairim is 4,000, bhí Howard ina thost.
taobhchéim chiúin a quiet side-step
" D'fhigh sé a bhealach anonn ar an taobh eile den charr, chuile dhuine ag súil nach mbearnódh sé a radharc mantach féin agus iad réidh le taobhchéim chiúin a thógáil dá seasfadh sé rompu.
dá n-éistfeadh sí a béal if she had kept quiet
" An raibh an tUachtarán Máire Mhic Ghiolla Íosa as ordú nuair a tharraing sí anuas ceist na pótaireachta i measc na nÉireannach agus í ag tabhairt oráide ag an chomhdháil "Reimagining Ireland" i Charlottesville, NC na Stát Aontaithe an mhí seo caite? Mhaígh daoine áirithe go raibh treisiú á dhéanamh aici ar íomhá na nÉireannach mar dhream atá tugtha don deoch agus gurbh fhearr i bhfad dá n-éistfeadh sí a béal, go háirithe agus í thar lear.
fanacht i do thost to stay quiet
" Saoirse talamh de do chuid féin a bheith agat nó í a fhágáil, saoirse amhráin a ghabháil nó fanacht i do thost, creidiuint nó gan creidiúint, saoirse dóchas a bheith agat nó titim in éadóchas.
ina dtost quiet
" Thit ciúnas domhain ar a raibh i láthair sa gcúirt, idir iriseoirí, ghardaí, lucht dlí agus lucht féachana, agus d'fhan siad ina dtost an fhad is a bhí na mionsonraí scáfara á dtabhairt ag an gceannfort.
monabhar beag comhrá a quiet hum of conversation
" " Lig an rang osna eile agus thosaigh monabhar beag comhrá, ach tháinig tost ar dheireadh chomh luath agus a thiontaigh an máistir Ó Duibhir ina dtreo.
ina dtost quiet
" Bhí sé suntasach go raibh cuid mhaith de na daoine a cháin an t-ionsaí i Maidrid ina dtost an t-am seo anuraidh agus faoi na smachtbhannaí.
fan i do thost stay quiet
" Más dea-sceimhlitheoireacht atá ann, fan i do thost.
d'fhan muid inár dtost we stayed quiet
" Ach níor dhúirt muidinne sin riamh mar go raibh a fhios againn go raibh daoine ag iarraidh síocháin a bhaint amach agus go raibh siad ag iarraidh na *"hawks" *a thabhairt leo, so d'fhan muid inár dtost.
gcruthaitheacht shuaimhneach quiet creativity
" Ach conas a léimeann sí ón gcruthaitheacht shuaimhneach sin go heagrú taispeántais? Cén chaoi a bhfaigheann duine cead a shaothar a thaispeáint san RHA? "Tá cead iontrála le sé shaothar ag chuile acadamhaí, ach bíonn sé deacair ar ealaíontóirí óga uaireanta.
saol suaimhneach a quiet life
" "Nuair a tháinig mé anseo ar dtús naoi mbliana ó shin bhí saol suaimhneach agam," ar seisean.
ciúnas draíochtúil magical quiet
" Tar éis beagnach aon uair déag i mo shuí san áit chéanna, ba mhór an t-áthas a bhí orm nuair a fuair mé amach nach raibh Basil Fawlty ag feitheamh orainn ag an deasc fáiltithe! Is mór, gan amhras, idir ciúnas draíochtúil na n-oileán agus trácht agus torann Ghlaschú, ach cuireadh críoch bhreá leis an turas i Leabharlann Partick.
dínit chiúin quiet dignity
" Le dínit chiúin, d'fhág Calvin agus a chairde an stáitse.
faoi choim on the quiet
" Mí an Mheithimh seo caite, mar shampla, cháin Amnesty International Éire as Aerfort na Sionna a chur ar fáil d’fhórsaí rúnda Mheiriceá lena gcuid fuadach faoi choim a chur i gcrích.
sách tapaidh quiet quickly
" Cluiche d’fhir amháin, dála an scéil, is ea *Eisstockschießen,* agus ní dóigh liom go rabhadar róshásta ach oiread go raibh Éireannach ag tabhairt faoi! Ar mhalairt tuairime a bhíodar, buíochas le Dia, i ndeireadh báire, ó phiocas suas na rialacha sách tapaidh, agus go rabhas lánsásta pé Baváiris a bhí agam a thriail leo.
maorga stately, quiet
" Tarraingíonn pictiúir Martine Franck d’aird, pictiúir de bhuachaillí óga ag léim ar charranna goidte a dódh ar eastát tithíochta Darndale i mBaile Átha Cliath agus, mar chodarsnacht, an ghrástúlacht chiúin a léiríonn Martin Parr i seomraí maorga smolchaite Theach Lios an Daill i gContae Shligigh.
ní ba shéimhe, ní ba chiúine, gentler, quieter,
" Bhrúigh Balor an Biatach Blonagach a bhealach fríd na sluaite, bhailigh sé cúig bhairille pórtair leis ón bheár, agus ar aghaidh leis amach go dtí forhalla an óstáin, áit a raibh rudaí ní ba shéimhe, ní ba chiúine, ní ba chosúla leis an seanam, agus áit a raibh cuid mhór de sheanchairde Bhaloir cruinnithe le bheith ag ól agus ag ceol go maidin.
i mbá bheag chiúin in a small quiet bay
" Ar an gcéad dul síos, tá sé suite i mbá bheag chiúin ar bhruach an locha agus tá an loch le feiceáil as gach seomra.
Thost sé tamall beag. He was quiet for a little while.
Guth údarásach ciúin a quiet authorative voice
" ) Guth údarásach ciúin atá ag de Barra.
an tírdhreach maorga the quiet landscape
" Chuaigh mé féin chuig an Oileán Theas chun súil a chaitheamh ar an tírdhreach maorga agus ar ainmhithe speisialta.
sráidbhaile suaimhneach cairdiúil a quiet friendly village
" Is sráidbhaile suaimhneach cairdiúil é Cromba anois.
sráidbhaile ciúin quiet village
" I gcuideachta an ghrúpa seo a chaitheann muid ár sealanna sa tSír, i sráidbhaile ciúin darb ainm Ocean Shores.
réabhlóid chiúin quiet revolution
" Ar bhealach, thiocfadh leat a rá gur réabhlóid chiúin na teanga is ea an méid atá ar siúl i Meiriceá Thuaidh.
in áit thar a bheith ciúin. in an extremely quiet place.
" “Táimid ag iarraidh go mbeidh an t-ionad an-tarraingteach do phobal na Gaeilge agus go mbeidh sé lárnach; faoi láthair táimid in áit thar a bheith ciúin.
i gcúigí ciúine in quiet provinces
" Meastar gur ghlac Howard leis an iarraidh a bheith páirteach sna fórsaí forghabhála ar an gcoinníollach go mbeadh na trúpaí Astrálacha lonnaithe i gcúigí ciúine i ndeisceart na tíre, ceantair nach raibh na ceannaircigh gníomhach iontu.
dtost quiet
" Cúlra an chluiche Agus é sin ráite nach aisteach an spórt é an snúcar le hais spórt eile: bord mór i spás beag; lucht féachana ina dtost don chuid is mó; gan aon teagmháil phearsanta le do chéile comhraic; an t-imreoir i gcoinne na liathróidí.
róshuaimhneach too quiet
" Ach le bheith ionraic, tá rudaí giota beag róshuaimhneach fá choinne cathair iomráiteach mar seo.
tost quiet
" tost Comhcheilge Maidin Domhnaigh amháin, thug Melek Can agus a fear chéile, Douglas, maor in Aerfhórsa SAM a chaith blianta ina attaché míleata sa Tuirc, cuairt gan choinne ar mhuintir Edmonds.
háit chiúin shuaimhneach a quiet restful place
" Do dhaoine eile is deis éalaithe a bhíonn in óstán go háit chiúin shuaimhneach ar shiúl ó strus a tsaoil.
ciúine aislingeacha quiet dreamy
" Spreagann portráidí ciúine aislingeacha Leonardo Da Vinci an croí mar shampla agus tugann portráidí de leithéid, Francis Bacon spléachadh dúinn ar an anam chéasta.
dtost quiet, silent
" Bhí Mícheál Ó Conaill ann agus Mícheál Ó Duibhir, Tadhg Ó Laighin, Páidí Síthigh agus mar sin de ann agus iad go léir agus a raibh ann de thraenálaithe agus d’oifigigh chontae ina dtost tar éis a mbuailte ag foireann an Dúin.
Suaimhneas peace, quiet
" Tógadh iad le Suaimhneas éigin a thabhairt do dhaoine ar a ndéantar ionsaí rialta seicteacha, in am marbh na hoíche go minic.
tostach quiet
" Is sa scannán tostach ón Ghearmáin Nosferatu, le F.
níos ciúine quieter
" Bheadh sé i bhfad níos ciúine aige baile, i gCiarraí.
suaimhneas tuaithe rural quiet
" ‘Das Weisse Band’ - ‘An Ribín Bán’, le Michael Haneke Briseann sraith de ‘thimpistí’ agus de dhrochtharlúintí suaimhneas tuaithe an phobail.
chiúnaigh quieted
" Ach tar éis naoi nó deich de bhlianta, chiúnaigh sé sin.
ciúnas fada a long quiet period
" Maidin amháin, bhailíos liom ar m’aistear aonair, d’imigh na blianta, ciúnas fada eadrainn.
cuirim paidir chiúin I say a quiet prayer
" Conas is ceart onóir a thabhairt dá anam dílis? Doirtim uisce íonghlan ar a leac uaighe is cuirim paidir chiúin lena anam.
tostach quiet
" Tá siad ag clamhsán faoi na táillí ach cá bhfuil siad sna ranganna? Agus bíonn siad chomh tostach sin nuair a bhíonn siad sna ranganna, mar cuirfidh tú ceist orthu, ach ní bhfaighidh tú freagra.
choimeád ciúin to keep quiet
" Ní páirtnéireacht a bhí ann i ndáiríre, ach slí chun an lucht oibre a choimeád ciúin.
ciúnas quiet
" "Okay a pháistí - ciúnas ag an chúl, sea, thusa McKenzie - inniu, tá muid ag dul a fhoghlaim fá uisce agus an rud a tharlaíonn dó nuair a reonn sé.
ag ciúnú becoming quiet
" Thosaigh, dá dheasca sin, na láir ag ciúnú agus ag bánú.
ealaíne ciúine quiet arts
" **SMM: Agus ealaíne fuaime nó aon chineál ar leith ealaíne?** RÓS: Shamhlaíomar ealaíne ciúine leis an áit.
a bheith ina thost keeping quiet
" Tá moladh ag dul dó freisin as an gcrógacht a thaispeáin sé agus é ag cur ina luí ar an stiúrthóir agus ar an bhfear ceamara Risteard Ó Domhnaill, gur fearr dó féin a bheith ina thost! Dar ndóigh, tá moladh ag dul don stiúrthóir a ghlac leis an gcomhairle chéanna agus a thuig an luach a bhí aimsithe aige, ní hamháin san eagarthóir seo agus ach sna carachtair áitiúla, Pat (The Chief) O Donnell agus Willie Corduff.
suaimhneach quiet
" Bhí sé suaimhneach ag an droichead, ach a luaithe is a bhain muid 700 méadar in airde amach bhí gaoth láidir ann, le sneachta séidte sa chaoch-cheo.
chiúin quiet
" **SMM: Tá oiread blianta caite agat i nGaillimh faoin am seo anois agus b’fhéidir nach dtiocfadh leat socrú isteach in áit chomh chiúin leis an mbaile anois, meas tú?** BNC: Bhíodh daoine ag rá lem’ athair, go ndéana Dia grásta air, “an bhfuil Brídín fós i nGaillimh?" - “Tá.
ciúinréabhlóid shóisialta quiet social revolution
" Ní bheifí ag gabháil thar fóir le réabhlóid a thabhairt ar an athrú chéanna – ciúinréabhlóid shóisialta agus chultúrtha na hÉireann.
ciúine quiet
" Fir Óga Scoite ====== Fir óga, ciúine a bhí sa bheirt dhúnmharfóirí, fir a mhair ina ndomhan féin, scoite amach ón ngnáthshaol.
ciúnas quiet
" Níl le cloisteáil ó na breitheadóirí faoi láthair ach ciúnas.
tost urraime the quiet reverence
" Dá mba iontas an tost urraime a fearadh roimh ‘God Save The Queen’ i gceannáras an CLG siar i 2007, ba mhíorúiltí ná sin fós go dtáinig col seisir na Banríona Eilíse 1 (ocht nglúin déag ar aghaidh, is cosúil) ar láthair naofa an tslada.
ciúnas an bháis a deadly quiet
"ciúnas an bháis sa longlann anois agus an long dobháite ar ghrinneall na mara; tá sárpheileadóir, ar chlúití a scileanna ragairneachta ná a scileanna peile in amanna, ar shlí na fírinne mar gheall ar an iomarca fuisce agus fuair aicme oibre dílseach bás ina sluaite ag an Somme mar gheall ar impiriúlachas an gheilleagair.
lá suaimhneach quiet day
" Baineadh geit asam nuair a d’athraigh sé mo lá suaimhneach go tobann.
saol an tsuaimhnis the quiet life
" An gcronaíonn tú saol an tsuaimhnis a bheadh agat fá Thír Chonaill anois ach a’b é gur thit sé ar do chrann arís seasamh san olltoghchan ar son Fhine Gael?** DMFh: Is cinnte go dtearn mé cinneadh i 2006 go raibh mé ag gabháil a éirí as an pholaitíocht, ach tháinig casadh gan mhoill ar an scéal ina dhiaidh sin agus bhí mé páirteach ins an toghchán in 2007.
ar an uaigneas in a quiet spot
" Baineadh an chraobh, agus deineadh fliúit le seinm ar an uaigneas lá síorghréine i sléibhte Cairp i gceartlár na Romáine san áit nach bhfuil ach an léine bhán.
Glór ciúin, séimh a quiet placid voice
" Glór ciúin, séimh a d’fhreagair.
Log an Chiúinis the quiet hollow
" I leabhar Daniel Corkery dar bhaineas le meadaracht shaol Chathair Chorcaí darbh aimn Log an Chiúinis, déanann duine amháin ann mearbhall fén óráidíocht phoiblí.
sách ciúin quiet enough
" An rud a chuir an lasair sa bharrach ná gur baineadh feidhm an cheannaire de Terry agus tugadh suaitheantas an chaptaein do Steven Gerrard, Learphollach, fear atá sách ciúin ann féin agus nach raibh an tóir chéanna aige ar an bpoiblíocht agus a bhí ag Terry.
Leath an tost the quiet spread
" Leath an tost ó bhord go bord ar theacht isteach dhom.
In áit an chiúnais instead of quiet
" In áit an chiúnais, bhí torann agus rírá ann.
Saol Socair Suaimhneach an easy quiet life
" (Mar a tharlaíonn sé, bhain Éire an seachtú háit ar domhain amach sa bhliain 2011) Saol Socair Suaimhneach ========== Is cinnte go ndeachaigh “Innéacs um Fhorbairt Dhaonna” na hEorpa go mór chun cinn le céad bliain anuas.
cuma shuaimhneach a quiet appearance
" Cé go mbíonn cuma shuaimhneach ar an chaolas cuid mhaith den am, bíonn an fharraige seo fealltach.
lá socair, ciúin a quiet tranquil day
" Crosleac Reachlainne =========== Roghnaigh Ó hOireachtaigh lá socair, ciúin don turas seo mar sin agus mhothaigh muid slán faoi chúram na mbádóirí áitiúla, Síol gColla nó clann Mhic Uidhir.
Ní le fonn a thug mé cúl leis an uaigneas I was reluctant to leave the quiet spot
" Údar an Luathéirí ==== Ní le fonn a thug mé cúl leis an uaigneas agus leis an maorgacht mhór a bhí i mo thimpeall an dá lá sin.
scigireacht chiúin a quiet snigger
" Tá leigheas feidhmiúil sa racht gáire, sa scigireacht chiúin, nó fiú sa mheangadh séimh.
ag fás i ngleanntán foscúil growing in a quiet valley
" Crainn óráistí ag fás i ngleanntán foscúil.
a d'fhan ciúin who stayed quiet
" Bhí páiste is fiche sa rang seo, agus faoi dheireadh na heachtra tubaistí, bhí gach duine acu marbh, cés moite de chailín amháin a d'fhan ciúin agus a lig uirthi go raibh sí marbh cheana féin.
atá séimh suaimhneach which is quiet and pleasant
" Tá cuan an Atlantaigh ar ár gcúl taobh thiar agus na hoileáin, agus ansin tá Cuan an Fhóid Duibh atá séimh suaimhneach.
ciúnas na heaglaise quiet in the church
" Ballaí an Uafáis ======== Cuireann solas niamhrach agus ciúnas na heaglaise ar do shuaimhneas thú ar do bhealach isteach ann, rud a dhéanann an gheit a bhaintear asat níos measa nuair a thagann tú go tobann ar na híomhánna gáirsiúla briúidiúla, atá ar beagnach achan bhalla.
Caitheamh aimsire ciúin socair a quiet steady pastime
" Caitheamh aimsire ciúin socair a bhí ann, gné a thaitin liom, gan a bheith os comhair an tsaoil, mar a déarfá.
mhothaigh go ciúin leo féin felt in their quiet way
" Gabhaimid buíochas leis na daoine a scríobh chugainn ag gearán, agus fosta leis na daoine nár scríobh ach gur mhothaigh go ciúin leo féin buille na feille ón chorrdhuine chladhartha.
daoine séimhe múinte quiet mannerly people
" Chonaic mé iad ag an mbigil i mí an Mheithimh, daoine séimhe múinte a bhfuil suim acu i gcúrsaí cearta daonna.
faoi shocracht ar leataobh leat féin in quiet on one’s own to one side
" Déarfainn gur faoiseamh mór é do an-chuid scoláirí gur féidir na torthaí tábhachtacha sin a léamh go príobháideach agus faoi shocracht ar leataobh leat féin.
D’fhan mé feín i mo thost I remained quiet
"D’fhan mé feín i mo thost, ach bhí tús comhrá déanta… Is scéal casta go leor atá sna staidrimh a bhaineann le cúrsaí daonra agus imirce sa nGearmáin le blianta beaga anuas.
Bhí tost beirte arís ansin ann we both remained quiet
"Bhí tost beirte arís ansin ann, ach ní tost gan tuiscint a bhí ann.
faoi rún quiet, under wraps
" Tá a fhios ag an domhan mór gur saolaíodh leanbh di an fómhar seo caite ach coinníonn sí formhór na scéalta seo faoi rún.
An Tost Fada ar Ardán the long quiet spell on stage
" An Tost Fada ar Ardán ======== D'oscail mé mo leabhairín beag sa meathsholas i dtóin a' tí.
saghas tost inmhéanach a type of internal quiet
" Ní raibh aon rian díobh siúd ina ghothaí – ach rud má bheinn ag súil leis, saghas tost inmhéanach.
Is binn béal ina thost sweet sings the quiet mouth
" B’fhéidir go raibh na Gaeil níos zenúla ná mar a shíleamar go nuige seo san am anallód: ‘Ná bac le mac an bhacaigh is ní bhacfaidh mac an bhacaigh leat’; ‘Is binn béal ina thost’.
Ciúnas quiet
" Is é a Leas a Laghad ========= Ciúnas agus simplíocht an dá phríomhaidhm anseo, filleadh ar na bunriachtanais, mar a bhí ag na manaigh fadó agus na dánta gonta dúlra á gcumadh acu.
an tosta agus na diúide of quiet and of simplicity
" Díol suime is ea an méid blaganna agus leabhar atá á fhoilsiú i láthair na huaire ar thábhacht an tosta agus na diúide sa saol iar-nua-aoiseach seo agus sinn gafa in ascar ina chuid eangacha.
ina dtost quiet
" Mar céard is Gaeltacht ann ‒ áit a mbíonn na daoine ag labhairt Ghaeilge lena chéile? Ní hea, ach áit a mbíonn na daoine ag smaoineamh i nGaeilge nuair a bhíonn siad ina dtost.
Roghnaigh sibh ceantar ciúin álainn you picked a beautiful and quiet area
" (gáire) Ceantar Chathail Bhuí Mhic Giolla Ghunna ============= **SMM: Roghnaigh sibh ceantar ciúin álainn le socrú síos i measc loch is sléibhte.
sealanna pléisiúrtha 'tostmhara pleasant quiet times
" Ba ghnách leis an bheirt acu dul ag ól le chéile i Montparnasse áit ar chaith siad, de réir dealraimh, sealanna pléisiúrtha 'tostmhara' i gcomhluadar a chéile.
Chiúinigh cúrsaí beagán matters quieted a little
" Chiúinigh cúrsaí beagán nuair a thriail na Meiriceánaigh straitéis nua: borradh mór saighdiúirí sa tír go léir, a chinntigh gur beag seans a bheadh ag na ceannaircigh aon rud a eagrú.
chun an chiúnais, leis to the quiet, also
" Tabharfaidh an chantaireacht agus an mantra chun an chiúnais, leis, sinn.
Líonann ceol an dúlra le ciúnas sinn nature’s music fills us with quiet
" Líonann ceol an dúlra le ciúnas sinn.
ina dtost quiet
" Deir Dáithí Ó Colchúin go raibh na daoine a cháin ionsaí sceimhlitheoireachta Mhaidrid ina dtost nuair a bhí na mílte ag fáil bháis san Iaráic.
ciúnas quiet
" Labhair Antaine Ó Faracháin le Nollaig le fáil amach an mbíonn ciúnas acu sa teach riamh!
tréimhse níos ciúine agus níos réchúisí, a quieter and more laid-back period,
" Agus camchuairt díreach críochnaithe ag Kila, tá Colm Ó Snodaigh ag súil le tréimhse níos ciúine agus níos réchúisí, as a dtiocfaidh inspioráid don cheol úr.
ar an gcúlráid on the quiet/qt.
" Nuair a thug airí rialtais cogar i gcluais, go poiblí, do leithéidí Micheal Fingleton agus Gerry Mc Caughey abhus an mhí seo caite, bhí an chuma ar an scéal go raibh mórán an obair chéanna ar bun ag Francaigh na Gailltíre, an ghoimh a bhaint as an fhírinne shearbh, ach a bhaint as ar an gcúlráid.
shaol suaimhneach quiet life
" Thug Seán Greif aghaidh ar iargúil na hAmasóine le blaiseadh de shaol suaimhneach agus le héalú ón nead seangán a chruthaíonn an duine nach mór gach áit ar domhan.
cuid den saol ciúin some the quiet life
" Bhlais Seán Greif cuid den saol ciúin i réimse dumhcha ar chósta na Brasaíle.