Ní shasódh ceann ar bith de na freagraí úd an ceistitheoir de ghnáth mar bhí cineál dualgas ort tacaíocht a thabhairt do cheann éigin de na foirne sacair i Sasana.
Chuir an Ceisteoir Cunaí Cliste sraith ceisteanna crua cadránta cointinneacha ar dhuine de mhór-Oráistigh agus de mhórdhílseoirí ár linne, agus ní dhearna sé stad mara ná mórchónaí go bhfuair sé freagraí fírinneacha ar a chuid ceisteanna.