Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
físeán ar dhrochchaighdeán bad quality video
" Ba léir ag an am gur beag cruthúnas a bhí ag an rialtas leis na líomhaintí seo, agus nuair a ceistíodh iad, tugadh dhá ghrianghraf do na meáin chumarsáide in éineacht le físeán ar dhrochchaighdeán chun an scéal a dheimhniú.
caighdeán na ceardaíochta the quality of the workmanship
" Agus, bhí lón breá againn - príomhchúrsa breá, milseog agus gloine bheorach - ar ocht euro! Saibhreas agus galántacht ======= Tá caighdeán na ceardaíochta sna foirgnimh agus sa chóras taistil míle uair níos fearr ná mar atá sa tír seo.
phríomhcháilíocht main quality
" An phríomhcháilíocht a bhaineann leis na scannáin ná an chomhbhá atá le fáil iontu le daoine atá ag fulaingt.
bhuanna special qualities
" Chuala sé faoi bhuanna na bhfolcadán feamainne maidir le dochair spóirt a leigheas.
cáilíocht bheatha quality of life
" Is eagras neamhbhrabúsach cearta daonna é a bhfuil sé mar aidhm aige cáilíocht bheatha daoine ramhra a fheabhsú.
rialú cáilíochta quality control
" "Tacaíonn muid go láidir le rialú cáilíochta," a deir sé.
am ceart quality time
" “Tá sé níos deacra am ceart a chaitheamh le daoine agus bualadh le daoine i gcomhthéacs ceart, go háirithe agus tú níos sine.
den mhianach ceart of the right quality
" Sílim féin go raibh cuid mhaith den mhí-ádh air sa mhéid is go raibh imreoirí tábhachtacha in easnamh de bharr iad bheith gortaithe nuair a bhí géarghá leo agus ní raibh mórán imreoirí den mhianach ceart ar fáil ar aon nós.
mar chéim thabhachtach i rialú caighdeáin as an important step in quality control
" Bíonn obair aistriúcháin ag teacht isteach ónár n-aistritheoirí go rialta agus deintear profáil ar an ábhar sin mar chéim thabhachtach i rialú caighdeáin.
mar chéim thabhachtach i rialú caighdeáin as an important step in quality control
" Bíonn obair aistriúcháin ag teacht isteach ónár n-aistritheoirí go rialta agus deintear profáil ar an ábhar sin mar chéim thabhachtach i rialú caighdeáin.
mianach quality, ability
" Ach ní fear é a bhfuil an mianach ann ionannú leis an ghnáthdhuine nó a chomhbhá a roinnt leis.
mianach quality
" Thug an clár an-léargas dúinn ar shaol agus mianach mhuintir Ailpín.
cáilíocht bheatha níos fearr a better quality of life
" An é go bhfuil tú mar dheoraí i mbruachbhaile iargúlta mura bhfuil carr agat? Cén chaoi ar féidir leis an gcathair pleananna agus forbairtí a chur i gcrích chun garaíocht a dhéanamh do choisithe agus do rothaithe le go mbeidh cáilíocht bheatha níos fearr agus cathair inbhuanaithe againn? Dá bhféadfaimis timpeallacht rothaíochta agus spaisteoireachta níos pléisiúrtha a chothú, nach mbeadh níos mó daoine amuigh ag siúl agus ag rothaíocht? Nach mbeadh dea-thionchar aige sin ar shláinte mhuintir na tíre? Ach gan dabht, is é an íomhá is sonraíche agus an plean is mó atá tagtha chun solais ón gcomhdháil seo ná an moladh fadradharcach gur chóir Faiche an Choláiste agus Sráid Nassau a fhorbairt mar limistéar do choisithe amháin.
cláracha ar ardchaighdeán high quality programmes
" Chuir sé ar chumas léiritheoirí cláracha ar ardchaighdeán a dhéanamh.
dúchas na nÉireannach innate quality of the Irish
" Baineann sé go láidir le dúchas na nÉireannach agus tugann cuid den véarsaíocht – dánta na tréimhse réamhChríostaí ach go háirithe – léargas draíochtach dúinn mar gheall ar ré dhiamhair.
buanna attributes, qualities
" Is iad na buanna is mó atá ag baint leis an saothar seo ná, sa chéad dul síos, go bhfuil na haltanna i mBéarla agus, sa dara dul síos, gur éirigh leis na húdair ar fad stíl bhreá iriseoireachta a chothú ina gcuid scríbhneoireachta agus nár ghéill siad don chathú dul i muinín an bhéarlagair acadúil.
seirbhíse ardcháilíochta high quality service
" Tá sé mar aidhm ag an gclár seo tuiscint na rannpháirtithe a fhorbairt ar theoiricí agus ar chleachtais i leith comhionannais, éagsúlachta agus seirbhíse ardcháilíochta do chustaiméirí.
agus a sainiúlacht féin leis and its own unique quality with it
" Léiríonn an cultúr gnéithe de stair na tíre do dhuine agus tugann sé a brí agus a sainiúlacht féin leis.
mhianach an chaidrimh the quality, type of relationship
" Deir sé fosta gur ‘minic a bhíonn léiriú íorónta nó éadrom , searbhasach nó scigmhagúil iontu ar nádúr an ghrá agus ar mhianach an chaidrimh idir fir agus mná.
chaighdeán na réiteoireachta the quality of refereeing
" Is é Serie A príomhroinn sacair na hIodáile, agus is cosúil go bhfuil cuid mhór de lucht leanúna na sraithe sin ar mire cheart faoi chaighdeán na réiteoireachta, nó an easpa caighdeáin is cirte a rá.
cháilíocht na beatha quality of life
" Tá srianadh taistil á chur i bhfeidhm ó thús na mílaoise ar na Rohingya a bhfuil impleachtaí móra aige ar cháilíocht na beatha.
réalt-thoscaí star (making) qualities
" Anuas ar na buanna sin uilig, tá draíocht agus mealltacht, na réalt-thoscaí uilig.
bunluachanna basic qualities
" Sula n-athróimid an bunreacht ba chóir dúinn na ceisteanna seo a fhreagairt: céard iad na bunluachanna a cheapaimid gur cóir a beith ag oifigeach stáit? An bhfuilimid sásta cloí leis na rialacha agus gan a bheith ag iarraidh an t-aicearra a ghearradh le caochadh súile? An bhfuilimid sásta polaiteoir a cháineadh as caimiléireacht fiú má tá baint aige le páirtí a dtugaimid tacaíocht dó? I bhfírinne, an bhfuil an oscailteacht, an t-ionracas, agus an fhreagracht uainn? **Naisc**: Breis is dhá bhliain ó shin http://findarticles.
Bua an-mhór a big quality
" Bua an-mhór é seo atá le feiceáil i scéalta mar ‘An Ceol agus an Chuimhne 1’, ‘Ceol an Uafáis’ agus ‘An Rua ina Údar’, áit a mbaineann sé leas as suíomh lom, scáineach le haghaidh imeachtaí an scéil.
cáilíocht quality
" 50)** Baineann cáilíocht mhantrach leis an leabhar seo, lena theideal, lena fhriotal, lena rithimí.
beagmhaitheasa poor quality
" Cé acu ab fhearr leat - an tuismitheoir a thugann bia sláintiúil duit, am leapan luath, agus rothar le dul ar scoil, nó an tuismitheoir a cheannaíonn bia beagmhaitheasa duit, teilifís go lár na hoíche, agus síob ar scoil sa charr ar maidin? Tá daoine tuirseach den aiste bhia mar sin.
caighdeán saoil quality of life
" Ocht mbliana tar éis dó theacht i gcumhacht tá caighdeán saoil gach uile dhuine sa Bhrasaíl feabhsaithe.
uathúlacht faoi leith a special unique quality
" Cheap mise go raibh chuile dhuine tógtha mar seo, ar bhealach, is go raibh tú i measc filí agus scoláirí dá leithéid agus bhí uathúlacht faoi leith ag baint leofa chomh maith.
ná a n-iompraíonn sé nor it’s innate quality
" Ní bhraitear ainm áite ná a n-iompraíonn sé, mura dtuigtear é ar dtús.
feictear na saintréithe the distinct qualities
" Sa *Pygmalion*, cosúil le gach saothair ón drámadóir seo, feictear na saintréithe le Shaw, na nathanna géara, an greann agus aoir shóisialta.
An Mianach Ceart the appropriate qualities
"An Mianach Ceart ========= Agus é sin ráite, thig linn a rá go bhfuil gach uile dhuine de na hiarrthóirí seo ag déanamh go bhfuil an rud sin acu ar a dtugtar mianach uachtaráin.
tréithe fiúntacha worthwhile qualities
" Tagann na himreoirí le chéile, naonúr déag acu a bhfuil cúigear mionúr ina measc – fir óga, mhaithe iad seo, tréithe fiúntacha iontu, dearcadh maith i leith na traenála agus na himeartha, iad dearfach agus cur chuige iontu ach ní i gcónaí a bhíonn toradh láithreach ar na tréithe maithe sin.
Leas an Ghnó, Aimhleas na Fuaime beneficial for business, detrimental to the sound (quality)
" Leas an Ghnó, Aimhleas na Fuaime ================= Agus caithfear a rá gurbh fhear gnó den scoth é.
mianach álainn smóldhearg a beautiful seasoned colour quality
" Céard a bhí agam os comhair mo dhá shúil, ach fliúit ar an seandéanamh, cheithre bhanda miotail socraithe go paiteanta uirthi, agus mianach álainn smóldhearg ina cuid adhmaid.
buanna éagsúla the various qualities
" Is deacair buanna éagsúla an drámadóir teilifíse Mheiriceánaigh David Milch a achoimriú go ginearálta cé gur éirigh go geal leis an New Yorker cúpla bliain ó shin nuair a d’fhoilsigh siad aiste chumasach air darbh ainm, The Misfit.
iarracht an cháilíocht beatha a mheas an attempt at evaluating the quality of life
" Níl san innéacs ach iarracht an cháilíocht beatha a mheas.
caighdeán na n-earraí sin the quality of those goods
" Ceist eile is ea caighdeán na n-earraí sin agus b’fhéidir go gcomharthaíonn a bhfuil ag titim amach i ngnóthaí soláthar earraí in iarthar domhain le tamall de bhlianta anuas go bhfuil, mar a deir an dream thiar, sleaic ag teacht ar lucht déantús earraí.
aitheantas a fháil d’ardchaighdeán na gclár obtaining recognition of the high quality of programs
" Éacht, gan amhras ar bith, a rinne an dream a chuir TnaG ar an aer ó thaobh lucht féachana a mhealladh agus ó thaobh aitheantas a fháil d’ardchaighdeán na gclár ó léirmheastóirí sna meáin chumarsáide.
a gcuid earraí de cháilíocht indíolta their goods are of saleable quality
" De réir an Achta um Dhíol Earraí agus Soláthar Seirbhísí 1980, tá sé de dhualgais ar dhíoltóirí gluaisteán a chinntiú go bhfuil a gcuid earraí de cháilíocht indíolta.
raibh an mianach ceart ag had the right qualities
" Cuireadh fáilte dhoicheallach roimhe i dtús báire, ach ba léir go raibh an mianach ceart ag Kiernan a chuspóir dúshlánach a bhaint amach.
tréithe an-luachmhara very precious qualities
" Measann Róisín (agus a máthair) gurb é an t-oideachas, fiosracht faoin saol agus uaillmhian gan a bheith ardnósach, tréithe an-luachmhara.
An bua a bhaineann le the special quality pertaining to
" An bua a bhaineann le scéalta an Choileánaigh ná a n-éagsúlacht agus a mbeocht.
aon mhaitheas ina cháilíocht beatha any good in his quality of life
" D’fhógair sé go raibh ailse dholeigheasta air dhá bhliain ó shin agus go gcuirfeadh sé deireadh lena shaol nuair a mheas sé nach raibh aon mhaitheas ina cháilíocht beatha mar gheall ar an ngalar.
tréithre daonnachta human qualities
" Ar cailleadh mianach agus tréithre daonnachta le scór bliain anuas agus an athshealbhófar an t-aos óg an daonnacht anois d’uireasa an Tíogair?
fiúntas worth, quality
" Cén fiúntas seirbhise idirlín a fuair sí ar an gcúlriasc in iarthar na tíre? Ar chuidigh an guthánI, an guthán idirlín, léi?