Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an-cháilithe very qualified
" Bhí traenáil agus taithí mhaith faighte ag foireann Digital, agus iad an-cháilithe.
cáilithe qualified
" Mheasadar go héadóchasach nach rabhadar cáilithe le haon rud eile a dhéanamh.
cáilithe qualified
" Ní raibh sé cáilithe mar mhúinteoir ná ní raibh aon taithí aige ar a bheith ag múineadh i meánscoil, ach de bharr gur scoil de chuid Choiste Gairmoideachais Bhaile Átha Cliath a bhí i gceist, ní raibh le déanamh aige ach scrúdú an cheardteastais a dhéanamh le bheith i dteideal dul i mbun an teagaisc.
is cáilithe most qualified
" Láidreacht eile de chuid na heagraíochta ná in ionad duine nó beirt a bheith fostaithe aici le háiseanna ilghnéitheacha teagaisc agus foghlama a fhorbairt, is féidir dul ar thóir na saineolaithe sna réimsí éagsúla le táirgí den chaighdeán is airde a choimisiúnú - ach is féidir leis seo bheith ina laige fosta, ar ndóigh, nuair a bhíonn na daoine is cáilithe do jabanna áirithe róghafa lena gcuid oibre nó dualgas féin! Ní laige de chuid an tionscadail nuabhunaithe í seo, ach ó thaobh fhorbairt ábhair theagaisc de, is míbhuntáiste mór atá ann do Bhreacadh an neamart atá déanta sa tír seo le blianta i dteagasc na Gaeilge scríofa agus léite do chainteoirí dúchais Gaeilge, ag leibhéal na bunscoile nó na meánscoile - gan trácht ar dhaoine fásta.
cháiligh sé he qualified
" Ina dhiaidh sin, cháiligh sé mar mhúinteoir meánscoile agus mhúin sé Gaeilge, Stair agus Tíreolas ar na Gleanntaí.
níos cáilithe more qualified
" Níl duine sa tír níos cáilithe ná é féin le bheith ag caint ar chúrsaí meisce.
cáilithe qualified
" Tá sé cáilithe mar thraenálaí tar éis freastal ar chúrsaí éagsúla.
cáilithe qualified
" Chiallaigh sin go raibh níos mó agus níos mó páistí cáilithe don oideachas speisialta, gné atá an-chostasach.
oilte trained, qualified
" Deir sí go bhfuil go leor daoine ag obair sna scoileanna sin “nach bhfuil oilte” agus, dá bhrí sin, go mbeadh sí in amhras faoin chaighdeán oideachais a bheadh le fáil iontu.
cáilithe qualified
" Tá daoine cáilithe neamhspleácha ar an gCóras Eadrána, daoine nach bhfuil, go teoiriciúil ar aon nós, aon bhaint ná páirt acu le haon chontae nó foireann ar leith ná aon suim acu sna cásanna a thagann os a gcomhair ach amháin ó thaobh ceart nó mícheart, de réir rialacha agus dlí an Chumainn agus na tíre.
cáilithe qualified
" ) Ta leabhar ollmhór scríofa ag Fisk dar teideal *The Great War for Civilisation: The Conquest Of the Middle East *agus is é is fearr atá cáilithe lena leithéid de leabhar a scríobh.
cáilithe qualified
" Bíonn sé iontach deacair nuair atá tú cáilithe i réimse amháin agus go bhfuil a fhios agat go bhfuil obair agat ann.
cáilithe qualified
" Tá siad cáilithe, ar bhealach, ar shlí nach mbeadh daoine cheana féin.
cáilithe qualified
" Is cosúil, de réir na dtuairiscí neamhoifigiúla, gur cúigear iad a bhaineann ó dhúchas le contaetha phríomhroinn na hiomána agus dá réir sin ba chóir go mbeadh a gcuid ‘stuif’ ar eolas acu, mar a deir fear an Bhéarla! Ar an bpainéal agallaimh bhí daoine cumasacha, eolacha ar nós Nicky English, Pádraig Ó Dálaigh (Ceannasaí na gCluichí in Ardoifig CLG) agus daoine cáilithe ón taobh amuigh de CLG.
láncháilithe full qualified
" Oileadh é ag tarraingt ar dheireadh an Chéad Chogadh Domhanda agus go gairid ina dhiaidh sin, nuair a bhí sé láncháilithe mar phlátaire, chaill sé a phost.
tiománaí láncháilithe fully qualified driver
" Mar bharr ar an donas, bhí clampar sna meáin chumarsáide an mhí seo caite – gan trácht ar anbhá i measc daoine nach bhfuil ach ceadúnas sealadach tiomána acu – nuair a d’fhógair an tAire Iompair, Noel Dempsey, nach mbeadh cead ag foghlaimeoirí a ngluaisteáin a thiomáint a thuilleadh ach amháin dá mbeadh tiománaí láncháilithe in aice leo.
níor shíl mé go mbeinn cáilithe lena haghaidh I didn't think I would be qualified to do that
" ” Caithfidh mé a admháil nach raibh sé i gceist agam ar dtús léirmheas a scríobh ar an saothar seo – níor shíl mé go mbeinn cáilithe lena haghaidh mar gheall ar nach bhfuil an oiread sin cur amach agam ar chúrsaí filíochta.
gur cháiligh sé do phas saorthaistil that he qualified for a free travel pass
" Cuir i gcás go bhfuair duine litir dochtúra a thug le fios go raibh máchail coirp air agus gur cháiligh sé do phas saorthaistil dá bharr.
Vótáil Tromlaigh Cháilithe Qualified Majority Voting
" Dá nglacfaí le Conradh Liospóin, dhéanfaí a lán cinntí nua ar bhonn Vótáil Tromlaigh Cháilithe (i.
eolaí ardcháilithe highly-qualified scientist
" Ach chomh maith le hé a bheith ina eolaí ardcháilithe, is file, scríbhneoir, agus ealaíontóir é Hugh.
abhcóide cáilithe qualified barrister
" “Chomh maith leis sin, mar abhcóide cáilithe, níl mistéir ag baint leis an dlí ach oiread.
cháiligh qualified
" Is fada an lá ó bhuaigh Áth Cliath dhá chluiche sa chraobhchomórtas sinsearach, gur cháiligh siad do chluiche ceannais Laighean, gur thugadar dóthain agus breis le déanamh do Chill Chainnigh i gcluichí sraithe agus craoibhe, agus go raibh de mhí-ádh orthu cailliúint i gcoinne Luimnigh i gcluiche ceathrú Ceannais na hÉireann.
cáilithe qualified
" Is í croí na faidhbe san anailís nár tugadh san áireamh go bhfuil poist áirithe ann nach féidir le duine le Béarla amháin a fháil mar nach bhfuil siad cáilithe chucu.
cháiligh qualified
" I dtosach báire, bhí fúm a bheith i m’eitnicheoleolaí ach tar éis tamaill chuir mé a oiread suime i dtéacsanna na n-amhrán gur cháiligh mé i mo theangeolaí ina ionad sin.
cáilithe qualified
" Faoin bhliain 2025, ach sinn beartú agus oibriú chuige uaidh seo, thiocfadh linn mic léinn a fheiceáil ag tabhairt faoin saol cáilithe i mbithcheimic, sa mhargaíocht, sna teicneolaíochtaí, sa bhaincéireacht, sa dlí idirnáisiúnta agus san iliomad eolaíocht eile chomh maith agus a bheith cumasach mar chainteoirí dúchais san iliomad teangacha ag an am céanna.
Cháiligh qualified
" Cháiligh sé mar innealtóir ach bhí air dul thar lear go Meiriceá Theas le post a fháil.
bhain sé cáilíochtaí amach he qualified
" Ba í a aintín i Lios an Dalláin, i dtuaisceart Shligigh, a spreag ar dtús é ach ba í a sheanmhúinteoir scoile féin, Kathleen Bridle (1897-1989), a chuir slacht ar a scil péintéireachta agus a threoraigh i dtreo an Choláiste Ealaíne i mBéal Feirste é, áit ar bhain sé cáilíochtaí amach.
cáilithe qualified
" Le cúlra dlí na beirte, bhíodar cáilithe go maith le dualgaisí bunreachtúla na huachtaránachta a chomhlíonadh.
cé gur cáilíodh an méid sin although that was qualified
" ”* (- cé gur cáilíodh an méid sin le peann ar thaobh na litreach.
cáilithe qualified
" Ach ritheann sé liom go mb’fhéidir go mbeidh gá le seiceadáirí le saineolas digiteach nó le dlíodóirí cáilithe le teastais speisialta ó na gréasáin, go háirithe nuair a smaoiním ar an méid ábhair atá i bhfoirm dhigiteach atá agus a bheas mar chuid d’oidhreacht ár bpáistí.
cháiligh qualified
" An mbeidh siad in acmhainn freastal ar Chorn na hEorpa faoi mar a rinne a n-aithreacha rompu i 1988 an chéad uair a cháiligh foireann Phoblacht na hÉireann don mhórfhéile sacair seo? Ach, múineann gá seift agus ar nós dream 88, éireoidh le dream 2012 ceann scríbe a shroicheadh.
cáilithe le bheith páirteach qualified to take part
" Cé go raibh Norman cáilithe le bheith páirteach sna rásaí céad mhéadar agus dhá chéad méadar sna Cluichí Oilimpeacha in Munich sa bhliain 17972, chinn na húdaráis nach mbeadh aon rábálaí fir ar an bhfoireann.
poitigéir cáilithe a qualified chemist
" Is poitigéir cáilithe í a chaith blianta fada ag obair le Bord Leigheasra na hÉireann agus ag cur comhairle ar thionscal na cógaisíochta.
díreach cáilithe just qualified
" Tá James Larkin-Connolly díreach cáilithe mar mhúinteoir i mbliana.
de réir mar atá na hollúna is cáilithe according as the most qualified professors
" Faoin am seo, mura bhfuil deireadh leis an obair sna háiteacha sin, tá deireadh ré, ísliú céime nó easpa bisigh á dtuar de réir mar atá na hollúna is cáilithe ag dul ar phinsean agus na coláistí éagsúla ag fáisceadh an chreasa.
ceapadh na daoine ba cháilithe a bhí ar fáil the most qualified available people were appointed
" Arís eile, tchítear domh gur ar leas an phobail atá sé go bhfoilseofaí na liostaí áirithe seo lena chinntiú gur ceapadh na daoine ba cháilithe a bhí ar fáil.
gineolaí cáilithe a qualified genealogist
" Inniu, is comhairleoir gnó agus is cuntasóir é, gineolaí cáilithe, tá sé ar choiste an nuachtáin náisiúnta, La Nacion agus tá sé ina chomhairleoir d'ambasáid na hÉireann in Buenos Aires chomh maith.
a chuid dintiúirí san ábhar he qualified in the subject
" Tá na leabhair uilig léite aige agus fuair sé a chuid dintiúirí san ábhar.