Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Ligeann pobal na Stát Aontaithe a gcoireanna leo they American public condone their crimes
" Ligeann pobal na Stát Aontaithe a gcoireanna leo, ceadaíonn siad iad agus spreagann siad iad.
chaiteachas poiblí public expenditure
" (Beidh mé ag scríobh faoi chaiteachas poiblí agus míchothroime an mhí seo chugainn.
leathphoiblí semi-public
" Cé go mbainfidh fuirseadh agus tranglam leis an mbogadh tí, is é an dúshlán is mó a bhainfidh leis do Neasa ná go mbeidh saol an teaghlaigh le caitheamh i dteach leathphoiblí, teach de dhéanamh na hochtú haoise déag.
earnáil phoiblí public sector
" Fiú má bhíonn cúlú sa gheilleagar agus má theipeann ar a ghnó siúd, tá árasán acu agus tá post san earnáil phoiblí aicise.
dealbhóireachta poiblí public sculpture
" Ar an 19 Meitheamh, lainseáladh píosa dealbhóireachta poiblí a rinne an t-ealaíontóir áitiúil Locky Morris.
nach maithfeadh an pobal dóibh é that the public would not forgive them
" Tá a fhios acu go maith nach maithfeadh an pobal dóibh é dá rachaidís isteach i rialtas le Fianna Fáil tar éis geallúint a thabhairt nach ndéanfaidís amhlaidh.
léiriú poiblí public performance
" Is cinnte go bhfuil athrú mór tagtha ar a shaol ó bhí sé páirteach sa chéad léiriú poiblí de Riverdance, le linn an tsosa sa Eurovision in Earrach na bliana 1994.
chaidreamh poiblí public relations
" Chaith muid lá ansin agus caithfidh mé a rá go ndearna siad jab maith leis an chaidreamh poiblí an lá sin.
léasadh béil poiblí a public dressing-down
" Níl inti ach tachrán," arsa Nell agus í ag smaoineamh siar ar na hócáidí sin uilig ar an choláiste a raibh a croí ag brúcht le feirg agus í i ndiaidh léasadh béil poiblí a fháil ó Lillian.
an leas poiblí the public interest
" Níl an leas poiblí ann mar thaca ag iriseoirí in Éirinn mar atá i dtíortha eile, rud atá ina mhíbhuntáiste mór, dar leis.
chraoltóir seirbhíse poiblí public broadcasting service
" Cén fáth a bhfuil an t-airgead sin tuillte ag Aonad na Gaeilge? In ionad a rá go bhfuil an méid a chaitear tuillte ag an Aonad, déarfainn go bhfuil pobal na Gaeilge i dteideal soláthar ceart a fháil ón BBC mar chraoltóir seirbhíse poiblí; tá céadchodán suntasach de phobal Thuaisceart Éireann a bhfuil Gaeilge acu nó suim acu inti.
bhfiosrúchán poiblí public enquiry
" I measc na bpríomhcheisteanna a bheidh á scrúdú ag an bhfiosrúchán poiblí a d'ordaigh an tAire Dlí agus Cirt níos luaithe i mbliana le gníomhartha na nGardaí i nDún na nGall a scrúdú, beidh faoistin áirithe.
leabhair gearrthóg poiblí public scrapbook
" Tá an taispeántas mar chineál leabhair gearrthóg poiblí a insíonn, ina bhealach féin, scéal 9/11.
a chur ina luí ar an bpobal to convince the public
" Léiríonn na pobalmheasanna nach bhfuil ag éirí leis an Rialtas a chur ina luí ar an bpobal gur chóir don Astráil a bheith páirteach in aon chogadh san Iaráic.
chun leasa an phobail for the public good
" Ach, níos measa ná sin, de bharr na gcúiseanna thuasluaite tá drogall ar scríbhneoirí, eagarthóirí agus foilsitheoirí tuairisciú a dhéanamh ar ábhar conspóideach, fiú nuair is léir a bhfiosruithe a bheith chun leasa an phobail.
fiosrúchán poiblí public inquiry
" Tá an fiosrúchán poiblí i Halla na Cathrach i Manchain i mbun oibre arís anois tar éis shos an tsamhraidh agus foilseofar dara tuarascáil an chathaoirligh, Dame Janet Smith, san Earrach 2003.
craoltóir poiblí public broadcaster
" Más "craoltóir poiblí" é, iompródh sé é féin mar chraoltóir poiblí.
ar bhinsí poiblí a dhearadh agus a thógáil on designing and building public benches
" In éineacht le beirt eile, Helen Laine agus Mary Kennedy, tharraing siad grúpa d'oibrithe FÁS le chéile agus thosaigh siad ag obair ar bhinsí poiblí a dhearadh agus a thógáil.
mheon an phobail the public's thinking
" Is é an rud nár chuir lucht na pleanála in arm Mheiriceá san áireamh, agus a gcuid cluichí cogaíochta ar siúl acu roimh ré, ná an tionchar a bheadh ag Al-Jazeera ar mheon an phobail, ní hamháin san Iaráic féin, ach ar fud an domhain Mhoslamaigh.
feachtas poiblí public campaign
" Tá sé i gceist go gcuirfeadh an chomhdháil moltaí chun tosaigh maidir le bealaí leis na cearta seo a chosaint agus go n-eagrófaí feachtas poiblí ar an cheist freisin.
chun an pobal a chosaint ar ghalair to protect the public from diseases
" Deir an ceardchumann, áfach, gur tugadh isteach an córas cigireachta ar ríomhaire chun an pobal a chosaint ar ghalair ar nós BSE, agus chun "*traceability*"- an focal draíochta úd a bhíonn ar bharr a ghoib ag chuile cheannaitheoir ollmhargaidh - a chinntiú.
coimisiún tábhachtach poiblí important public commissions
" Tá go leor coimisiún tábhachtach poiblí faighte aige, ar nós portráidí, múrmhaisiú, póstaer, priontaí, dearadh cúlstáitse, clúdach leabhar, agus leac cuimhneacháin.
scéim tithíochta poiblí public housing scheme
" Bheartaigh Comhairle Contae na Gaillimhe scéim tithíochta poiblí, ina mbeadh 18 teach, a thógáil ar an gCeathrú Rua sa bhliain 2000.
i bhfolach ón phobal hidden away from the public
" Ach an ndéanfaidh athruithe sna dlíthe ceadúnúcháin aon difríocht don chultúr ólacháin atá againn in Éirinn? Is cinnte go leanfaidh an t-aos óg orthu ag ceannach dí sna hollmhargaí móra agus á hól sa bhaile nó in áit shábháilte eile, i bhfolach ón phobal.
oifig na dtaifead poiblí the public records office
" De réir páipéar oifigiúil atá le fáil in oifig na dtaifead poiblí i Kew sa Bhreatain, is ag an bpointe seo a d'iarr Rialtas na Breataine ar MI6 eagraíocht a bhunú sa stát seo.
ag iarraidh páirtí úr a dhíol trying to sell a new party (to the public)
" Bheadh an dhébhríocht sin ina fadhb agus iad ag iarraidh páirtí úr a dhíol, más sin an rún atá ag na heasaontóirí.
iompair poiblí public transport
" Tá cultúr an chairr chomh láidir sin i mbruachbhailte Mheiriceá go bhfuil go leor ceantar ann nach bhfuil córas ar bith iompair poiblí acu, agus tá roinnt nach bhfuil cosáin le fáil iontu fiú.
éisteachtaí poiblí public hearings
" An mhí seo caite reáchtáil an Coiste éisteachtaí poiblí ar an cheist.
os comhair an tsaoil mhóir in front of the public at large
" Le suimiú suas: tá na cluichí Gaelacha agus a mbaineann leo os comhair an tsaoil mhóir seachtain i ndiaidh seachtaine i rith an tsamhraidh ar an teilifís.
oifigigh uaisle phoiblí noble public officials
" Roimh 9/11, ainmníodh na sráideacha, mar chomhartha ómóis, as oifigigh uaisle phoiblí nach raibh ónoir ní ba mhó tuillte acu, is oth liom a rá.
thromlach an phobail the majority of the public
" Tá lucht an tionscail fháilteachais ag rá go gcaillfear vótaí agus postanna má ghlactar an chéim radacach seo ach, iontas na n-iontas, tá na polaiteoirí ag seasamh le chéile chun sláinte thromlach an phobail a chosaint.
an phobal leathan the wider public
" Agus ba mhaith liom go mbeadh an scéal ag an phobal leathan fosta.
an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí the Director of Public Prosecutions
" Thosaigh an fiosrú i 1999, agus faoin am a tháinig deireadh leis anuraidh, bhí 22 comhad réitithe le seoladh chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.
ollamh le dlí sainleasa poiblí public interest law professor
" Banzhaf III, ollamh le dlí sainleasa poiblí i Scoil Dlí Ollscoil George Washington leis an *Washington Post*.
ráitis phoiblí public statements
" Ní dóigh liom gur taisme é gur gainne go mór na ráitis phoiblí a chualathas ó Bertie in 2003.
ag freastal ar riachtanais an phobail attending to the public's needs
" Chaill an daonra pé muinín a bhí acu sna páirtithe polaitíochta mar gur tháinig siad ar an tuairim nach raibh siad ag freastal ar riachtanais an phobail ach ar a gcuid riachtanas féin.
éiteas na seirbhíse poiblí the public service ethos
" " Tá éiteas na seirbhíse poiblí gar do chroí Whitaker i gcónaí.
dá iliomad rólanna poiblí of his many public roles
" "Is cosúil gur dá bharr sin nár thoiligh duine ar bith den seisear clainne s'againne dul isteach sa státseirbhís, ach ní mé!" Bheadh sé deacair do dhuine ar bith leithéidí T K Whitaker a leanacht in aon cheann dá iliomad rólanna poiblí i saol na tíre seo.
nach bhfacthas go poiblí which weren't seen in public
" Tá cuid acu nach bhfacthas go poiblí roimhe seo.
beag beann ar mhian an phobail without regard for the public's wishes
" Anois tá sé fágtha faoi ghrúpaí agóide amháin an cás a dhéanamh agus táthar ag leanúint leis an scrios, beag beann ar mhian an phobail agus go minic i ngan fhios don phobal.
i ngan fhios don phobal without the knowledge of the public
" Anois tá sé fágtha faoi ghrúpaí agóide amháin an cás a dhéanamh agus táthar ag leanúint leis an scrios, beag beann ar mhian an phobail agus go minic i ngan fhios don phobal.
mhionbhus poiblí public minibus
" Is é an dara rogha seo a úsáideann Islay Development Company lena mhionbhus poiblí a chur ar an ród.
ar eagla go dtapódh an pobal an deis in case the public seized the opportunity
" Rinne rialtas an Partido Popular gach iarracht chun dallamullóg a chur ar phobal na Spáinne agus chun an fhírinne a cheilt ar eagla go dtapódh an pobal an deis a míshásamh le tacaíocht láidir Aznar don chogadh san Iaráic a chur in iúl san olltoghchán.
san earnáil phoiblí in the public sector
" Sa chéad jab sealadach a fuair mé i mBéal Feirste, d'oibrigh mé mar fháilteoir in oifig san earnáil phoiblí.
nár pléadh go poiblí that hasn't been discussed in public
" Cén tionchar a bheas ag an vótáil leictreonach ar na toghcháin áitiúla agus Eorpacha? Níl a fhios sin ag éinne, ach tá gné amháin den scéal nár pléadh go poiblí fós: a laghad vótaí is a bhí idir iarrthóirí éagsúla nuair a tionóladh na toghcháin dheireanacha i 1999.
na hearnála poiblí the public sector
" Oifig de chuid na hearnála poiblí a bhí i gceist.
fheidhmiú na seirbhíse poiblí the functioning of the public service
" Bíonn an-tionchar ag na comhaontaithe sin ar chúrsaí eacnamaíochta sna tíortha neamhfhorbartha, agus ar fheidhmiú na seirbhíse poiblí iontu.
ráiteas poiblí public statement
" B'fhéidir nach bhfuil aon duine go fóill i bhFianna Fáil tar éis aithris a dhéanamh ar thánaiste na Breataine John Prescott agus ráiteas poiblí a eisiúint ag léiriú easpa muiníne ina gceannaire, ach ní sin le rá go bhfuil tacaíocht an pháirtí uilig ag an an Uasal Ahern ach oiread, mar níl.
náiriú poiblí public embarrassment
" Ach má athraíonn seo, agus má bheartaíonn muintir Bhaile Átha Cliath ar a dtacaíocht a thabhairt don Uasal Ryan seachas d'fhear Bertie, náiriú poiblí a bheidh ann don Taoiseach agus comhartha soiléir go bhfuil a cheannasaíocht ar Fhianna Fáil ag druidim chun deiridh.
ionchur ón bpobal input from the public
" Tá comhlachtaí príobháideacha tar éis tosú ar an múnla seo a leanúint freisin - mar shampla, chabhraigh ionchur ón bpobal go mór le Google leagan Gaeilge den inneall cuardaigh acu siúd a chur ar fáil (http://www.
na seirbhísigh phoiblí the public servants
" Cuideoidh an tionscnamh seo go mór leis an ngealltanas sin a thabhairt i gcrích agus déanfaidh sé an obair níos éasca do na seirbhísigh phoiblí a bheidh ag obair trí mheán na Gaeilge.
Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí the Director of Public Prosecutions
" " Teistiméireacht ======= Bhí gaolta na n-íospartach ar buile nuair a dúirt Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí nach raibh cúis dlí ann agus níor tugadh duine ar bith os comhair na cúirte de thairbhe na tubaiste.
sábháilteacht phoiblí public safety
" Oakley Hall - an tuairim in iúl gur cheart an pharáid a chur ar ceal ar mhaithe le sábháilteacht phoiblí.
ag bualadh bob ar an phobal playing tricks on the public
" Bhí go leor den phobal an-chorraithe faoin "chur amú scannalach seo airgid phoiblí" agus mheas go leor eile gur athinsint ar an seanscéal faoi éadaí nua an impire ab ea é agus nach raibh ann ach cuid den aos ealaíne ag bualadh bob ar an phobal agus ag déanamh ceap magaidh díobh.
oifigeach caidrimh phoiblí public relations officers
" I measc 67 oifigeach caidrimh phoiblí a bhí ag obair acu san Iaráic cúpla mí ó shin, ní raibh ach triúr a raibh Araibis acu.
fiosrúchán poiblí public inquiry
" Tá a chlann anois i mbun feachtais go mbunófaí fiosrúchán poiblí le dúnmharú a n-athar a scrúdú in athuair.
ionchúiseamh poiblí public prosecution
" leac oighirice liomóidlemon ag diúlsucking bodhairedeafness béasamanners gránnahorrible cumhachtpower mo leithéidsethe likes of me docharharm múrshower caiteover fás maithgood growth ag feadaílwhistling sáite amachstuck out stróeffort leidclue bodhraithedeafened gleonoise oibleagáideachtobligingness cothrom na Féinnefair play dúnárasachreticent cantalpetulance aisteachasqueerness, strangeness ar fheabhasexcellently a chur as a riochtto distort sádh amach an cloigeann údthat head was stuck out an iarraidh seothis time coiscéimstep filltefolded muinchillesleeve plaitbald patch burlaí bána gruaigewhite trusses of hair malaíbrows ag sméideadh a chloiginnnodding his head gach re soicindevery second second in ard a chinnas loud as he could ríforearm clúmhachdown (on face) smigchin dallamullóg a chur ormto hoodwink me nár thug mé neamhaird airthat I didn't ignore him ar feadh na síoraíochtafor an eternity bearnagap tuillteearned meangadhsmile clamhsáncomplaint luaigh séhe mentioned bréanfoul tá fíorbhrón ormI'm really sorry múiscnausea slisínslice chinn mé arI decided a chur díomto give up tioncharinfluence á tochasbeing scratched go gontaconcisely eachtra gadaíochtatheft incident trealamh lofarotten equipment ag geonaílwhimpering croitheadh uafásachterrible shaking samhlaighimagine a scáthhis shadow leata chomh móropen so wide macallaecho boinnsoles ag coisíochtpacing ag comhaireamh na gcoiscéimeannacounting the steps óltachdrunk dheasaighadjusted mo bhaithisthe top of my head luasc siarrocked backwards sálaheels glanbhearrthaclean-shaven olldoirdbasses bhreac mé na sonraí cuíI wrote down the appropriate details ceann dúbáiltea double bhain searradh asam féinI stretched myself shéid séhe blew á spreagadhencouraging him á thionlacanaccompanying him clingireachttinkling cantaireachtchanting grágaílcroaking, braying dalltavery drunk ag éalúescaping go séimhgently a chonúisyou useless person an oiread fuadair faoi teitheadhtrying to flee so quickly bailigh leat mar singet lost then mallachtaícurses líomhaintíallegations mhaslaigh éI insulted him barántas gabhálaarrest warrant ionchúiseamh poiblípublic prosecution cillíncell luaithreadáinashtrays stóltastools go ngéillfeadh sé gach rud domuntil he would surrender everything to me pleotafool sciotaíl searbhasachsarcastic tittering uirlisíinstruments píopaí lonrachashining pipes tiubhthick tanaíthin boghabow sreangáinstrings béicílyelling búireachroaring leis an imeacht thar fóir seofor this going overboard bródpride uabhararrogance i mbarr mo réimeat my peak a admháilto admit ní raibh neart agam airI couldn't help it iomrascálaíwrestler togha a
fiosrúchán poiblí public inquiry
" Ach faoi láthair is é dunmharú Pat Finucane an t-aon cheann nach bhfuil fiosrúchán poiblí le bunú mar gheall air.
bhreithiúnas pobail public judgement
" Ach léiriú soiléir é a bhfuil ag tarlú sna Stáit Aontaithe ar an chumhacht a bhaineann le ceist an ghinmhillte agus an dochar is féidir leis a dhéanamh don chóras daonlathais agus do bhreithiúnas pobail, nuair a ardaítear í.
ceannródaí sláinte poiblí public health pioneer
" "Mothaim mar a bheadh ceannródaí sláinte poiblí ón 19ú haois ann, atá ar tí rud éigin an-tábhachtach a dhéanamh," a dúirt Hull.
fheachtas poiblí public campaign
" Tháinig breis is 70% de na himeachtaí a bheidh le feiceáil i mbliana ón fheachtas poiblí a eagraíodh chun ábhar tionscadal nua a mhealladh isteach agus tá na heagraithe dóchasach go léireofar spiorad agus meanma na hEorpa ar bhealach an-dearfach in éagsúlacht agus i bhfuinneamh na dtionscadal a fuarthas.
an Roinn Fiontar Poiblí the Department of Public Enterprise
" Tá an t-ádh liom: tá fear céile iontach agam, tá obair shuimiúil agus spreagúil agam, tá mo shláinte agam … "In 2000, thosaigh an Roinn Fiontar Poiblí ag déanamh iniúchadh ar rialachas agus freagracht san earnáil phoiblí," a deir Goggin.
ardán poiblí public platform
" Is faoi chúram an Stáit atá an chuid is mó dá shaothar poiblí, rud a chinntíonn saol fada agus ardán poiblí dó ach, ar an drochuair, ní féidir bheith chomh cinnte céanna cad é atá i ndán do na colúin mhaorga ar Shráid Grafton.
leas an phobail public interest
" Chuirfeadh Wikipedia i gcuimhne duit nach raibh an t-idirlíon á reáchtáil ar bhonn tráchtála sna blianta tosaigh, agus go raibh tús áite ag leas an phobail seachas ag gnólachtaí móra agus airgead ponc com, agus is faoiseamh mór é ón fhógraíocht ar fad a mbíonn suímh eile breac leo.
leithreas poiblí a public restroom
" An mhí roimhe sin, cháin iar-eagarthóir de chuid *Encyclopaedia Britannica *an suíomh agus dúirt nach raibh sé a dhath níos iontaofa ná "leithreas poiblí".
Oibleagáid Seirbhíse Poiblí Public Service Obligation
" Is iad conarthaí Oibleagáid Seirbhíse Poiblí, nó OSP, atá mar bhonn faoi fhormhór na seirbhísí atá ag na haerfoirt réigiúnacha, agus a ghineann cuid mhaith d'ioncam Aer Arann.
ó thaobh caidrimh phoiblí de as regards public relations
" Tá níos mó damáiste ó thaobh caidrimh phoiblí de déanta ag dúnmharú McCartney ná mar a rinne bolscaireacht na Sasanach agus na n-aontachtaithe le tríocha bliain anuas.
cáineadh poiblí public condemnation
" Le linn na tréimhse 30 bliain inar mhair an cogadh, níor chreid mé riamh go raibh dualgas ar cheannairí Shinn Féin cáineadh poiblí a dhéanamh ar ghníomhartha barbartha an IRA, ná go raibh orthu míniú nó freagra a thabhairt ar na huafáis chéanna.
modh éifeachtach iompair phoiblí efficient mode of public transport
" Tá neart buntáistí ag baint le traenacha: is modh éifeachtach iompair phoiblí iad, tá siad i bhfad níos fearr don chomhshaol ná gluaisteáin, is féidir leo níos mó comaitéirí a iompar ná busanna nó fiú tramanna Luas agus, nuair a bhíonn siad ag iompar lasta, tig le traein amháin áit breis is cúig leoraí dhéag a ghlacadh.
Oibleagáide Seirbhíse Poiblí Public Service Obligation
" Cinneadh eile a fhoilseofar i rith mhí na Bealtaine ná toradh na n-iarratas Oibleagáide Seirbhíse Poiblí (OSP) is déanaí.
thionscadail phoiblí public projects
" Le blianta beaga anuas chonacthas í ag díriú isteach ar thionscadail phoiblí ar scála mór.
Oifigeach Caidrimh Phoiblí Public Relations Officer
" Cén ról atá agat féin sa Chomhdháil Cheilteach (An CC) agus cén fhad atá tú sa phost? Is mise an tOifigeach Caidrimh Phoiblí agus tá mé sa phost timpeall seacht nó ocht de bhlianta.
ag díriú aird an phobail focusing the public's attention
" Tá conspóid ar siúl in Dingle i Learpholl faoi láthair atá ag díriú aird an phobail sa tír seo ar pholasaí tithíochta an rialtais.
ó thaobh caidrimh phoiblí de as regards public relations
" De réir mar atá an feachtas ag leathnú, tá sé tuigthe ag McDonald’s, Coles agus Woolworth’s go bhféadfadh tubaiste a bheith ar a lámha acu ó thaobh caidrimh phoiblí de agus tá fógraí acu sna páipéir ag cur in iúl an taobh eile den scéal.
Ghréasán Pobail in Aghaidh Foréigin Baile the Public Network Against Domestic Violence
" Seo iad na príomhimeachtaí agus na príomhsheirbhísí a chuirimid ar fáil: Clár ealaíon don óige Campaí samhraidh Féile bhliantúil Iris bhliantúil, *Pléaráca* Geamaireachtaí Clár imeachtaí do dhaoine fásta Turais eolais Cruinnithe eolais Imeachtaí sóisialta Seirbhís taistíl do dhaoine aosta chuig Ionad Lae Ros Muc agus Chamuis Seirbhís taistíl chuig síopaí an cheantair Dé hAoine i gCeantar Ros Muc Seirbhísí oifige – rúnaíocht, cur le chéile CVanna, fótócoipeáil agus facsáil Trealamh fuaime ar cíos Seirbhís leabharlainne agus cibearchaife Tacaíocht do choistí áitiúla atá ag plé le féilte agus imeachtaí áitiúla Páirteach sa Ghréasán Pobail in Aghaidh Foréigin Baile Tacaíocht do dhaoine homaighnéasacha agus a muintir 6.
go ndíreofaí aird an phobail that the public's focus would be directed
" Bhí mé den tuairim ag an am a cuireadh Riail 42 ar leataobh go ndíreofaí aird an phobail ar ábhair eile a d’fhéadfadh bheith conspóideach ar nós íocaíochtaí d’imreoirí CLG.
conradh flaithiúil caidrimh phoiblí a generous public relations contract
" Bhí neart ceisteanna le freagairt ag an Aire Iompair, Martin Cullen, faoin dóigh ar bronnadh conradh flaithiúil caidrimh phoiblí ar chomrádaí polaitiúil dá chuid, ach ní raibh aon cheo le freagairt aige faoi chaidreamh collaí a bheith aige le Monica Leech, mar a thug cúpla nuachtán le fios go cliathánach.
ní hionann suim an phobail agus leas an phobail the public's interest is not the same as public interest
" Níl aon amhras orm ach gur ábhar suime ab ea an scéal seo do chuid mhaith de léitheoirí an nuachtáin sin, ach ní hionann suim an phobail agus leas an phobail.
oibreacha poiblí public works
" Ní raibh an bóthar críochnaithe go dtí na 1850í, nuair a bhí gorta ann agus íocadh daoine le bheith ar obair ar oibreacha poiblí.
chomhlachtaí poiblí public bodies
" Bunaíodh Europus i 1996 agus cuireann an comhlacht seirbhísí comhairleoireachta teanga ar fáil do TG4 chomh maith le seirbhísí aistriúcháin do na Ranna Rialtais ar fad agus do chomhlachtaí poiblí eile.
obair chaidrimh phoiblí public relations work
" Rinne mé céim i nGaillimh agus ansin chaith mé trí bliana ag déanamh obair chaidrimh phoiblí le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, agus ag obair go páirtaimseartha le RTÉ.
ceiliúradh poiblí public celebration
" Is beag ceiliúradh poiblí atá déanta go dtí seo ar an cheangal láidir follasach cultúrtha atá ann idir Albain agus Éirinn.
bhreis daoine a earcú san earnáil phoiblí to recruit more people in the public sector
" Is dris chosáin mór ar na hiarrachtaí chun srian a chur leis an ghalar sna hotharlanna é an cosc atá curtha ar bhreis daoine a earcú san earnáil phoiblí.
an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí the Director of Public Prosecutions
" De réir dlí, cé gur féidir leis an Gharda Síochána duine a chúiseamh as mionchoireanna, caithfidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí aon mhórchúis ar nós dúnorgana a cheadú.
an bhForas Riaracháin the Institute of Public Administration
" Tá an tionscadal seo á fhorbairt againn i gcomhar leis an bhForas Riaracháin agus tá an tseirbhís dírithe ar na comhlachtaí stáit, ar gá dóibh seirbhís custaiméara trí Ghaeilge a chur ar fáil chun forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chomhlíonadh.
chomhlachtaí poiblí public bodies
" Bunaíodh Europus i 1996 agus cuireann an comhlacht seirbhísí comhairleoireachta teanga ar fáil do TG4 chomh maith le seirbhísí aistriúcháin do na Ranna Rialtais ar fad agus do chomhlachtaí poiblí eile.
Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí the Director of Public Prosecutions
" Thug sé ráiteas do na Gardaí faoi agus cuireadh dhá chomhad faoi bhráid Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí ina leith ach níor tharla a dhath ó shin.
an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí the Director of Public Prosecutions
" De réir dlí, cé gur féidir leis an Gharda Síochána duine a chúiseamh as mionchoireanna, caithfidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí aon mhórchúis ar nós dúnorgana a cheadú.
an bhForas Riaracháin the Institute of Public Administration
" Tá an tionscadal seo á fhorbairt againn i gcomhar leis an bhForas Riaracháin agus tá an tseirbhís dírithe ar na comhlachtaí stáit, ar gá dóibh seirbhís custaiméara trí Ghaeilge a chur ar fáil chun forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chomhlíonadh.
pearsa phoiblí public personality
" Is go drogallach atá Muireann Ní Bhrolcháin ina pearsa phoiblí ach is léir go gcaithfidh sí dul i dtaithí air!
óráid phoiblí public speech
" Baineadh stangadh as pobal Mheiriceá i gcoitinne le déanaí nuair a thug an tUachtarán George Bush le fios, in óráid phoiblí, go ndeachaigh sé taobh amuigh den chóras dlí chun cúléisteacht agus spiaireacht a dhéanamh ar amhrasaigh, agus go raibh an chúléisteacht seo ar siúl ó 2001 i leith.
eagraíochtaí poiblí public bodies
" Tá conarthaí ag Oisín le roinnt eagraíochtaí poiblí atá socraithe thar tréimhsí bliana, dhá bhliain agus níos faide fiú.
brú leanúnach poiblí continuous public pressure
" Rinneadh na scéimeanna seo ón mbunphlean a luathú, a bhuí sin le brú leanúnach poiblí (agus cúpla suíochán imeallach san olltoghchán in 2007).
gnátháiseanna poiblí the usual public facilities
" Tá Cartlann Cheol Thír Chonaill lonnaithe in Áislann Chill Charthaigh, foirgneamh a bhfuil gnátháiseanna poiblí ar fáil ann do bhunadh na háite.
eagraíochtaí poiblí public bodies
" Tá conarthaí ag Oisín le roinnt eagraíochtaí poiblí atá socraithe thar tréimhsí bliana, dhá bhliain agus níos faide fiú.
a chur ina luí ar an phobal to convince the public
" San am b’fhurasta don Pháirtí Liobrálach a chur ina luí ar an phobal gur cheart dóibh scanradh a bheith orthu roimh pholasaithe an Pháirtí Choimeádaigh ach gurbh fhéidir leis an phobal brath ar na Liobrálaigh chun cosaint a dhéanamh ar bhunluachanna ar nós an chórais sláinte phoiblí.
Oifigeach Caidrimh Phoiblí Public Relations Officer
" Fríd am, casadh na baill eile den eagraíocht orm, mar atá Pádraig Ó Cuinneagáin (Rúnaí), Fionbarra Ó Baoill (Leas-chathaoirleach), Máire Nic Suibhne (Oifigeach Caidrimh Phoiblí), Iognáid Ó Muircheartaigh (Cisteoir) agus Brid Ní Dhóláin (Oifigeach Forbartha).
ar buantaispeántas poiblí on permanent public display
" Mar sin, má tá Oscar ar an mhatal sa bhaile ag duine ar buantaispeántas poiblí nó má tá sé curtha go discréideach aige nó aici sa seomra folctha, is fiú go mór é a bheith aige nó aici.
gnátháiseanna poiblí the usual public facilities
" Tá Cartlann Cheol Thír Chonaill lonnaithe in Áislann Chill Charthaigh, foirgneamh a bhfuil gnátháiseanna poiblí ar fáil ann do bhunadh na háite.
díospóireacht phoiblí public debate
" Nach ionann carachtair “Ros na Rún” agus leagan iltoiseach de na seandeilbhíní a bhíodh á n-úsáid i m*Buntús Cainte *fadó – ach go bhfuil siad ábalta labhairt agus siúl! Ceann de na torthaí is mó atá ar an díospóireacht phoiblí a chothaigh moltaí conspóideacha Enda Kenny i leith na Gaeilge a bheith ina ábhar staidéir roghnach i ndiaidh an Teastais Shóisearaigh ná go bhfuil sé admhaithe faoi dheireadh ag an Aire Oideachais go bhfuil locht ar theagasc na teanga.