Is iad na cúisitheoirí a dhéanann an cinneadh cé ba cheart a chúiseamh, cad iad na coireanna ar cheart iad a chúiseamh astu agus cé chomh dian is ba cheart don phionós a bheith.
Ansin i 1994, le linn don Athair Brendan Smyth a bheith á chúiseamh i gcúirt i mBéal Feirste, tháinig fianaise chun solais a léirigh go raibh údaráis na heaglaise ní ba bhuartha faoi a chinntiú nach dtarraingeofaí droch-chlú ar an institiúid ná mar a bhíodar faoi pháistí na tíre a chosaint ar bhithiúnach ar nós Smyth.
Chuir sé i leith na ngardaí go raibh siad ag scaipeadh scéalta mailíseacha faoi sna meáin chumarsáide cionn is nach raibh dóthain fianaise acu chun é a chúiseamh.