Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
má fhuaimním an t-ainm seo go mícheart if I pronounce that name wrong
" “An *boss *atá againn anseo, Richard Williams, bíonn sé i gcónaí ag rá, ‘Níl aon tuiscint agam ar theangacha, *so* má fhuaimním an t-ainm seo go mícheart, ceartaigh mé.
a fhuaimniú to pronounce
" “B’fhéidir, agus ní móide,” arsa Balor leis, “Ach ní gach duine a bheadh ag tachtadh ar an logainm céanna gach uair a rinne sé iarracht an focal a fhuaimniú.
fuaimnítear an focal the word is pronounced
" Éireannach, Thomas Fitzgerald, a bhunaigh Innisfail in 1880 ach tá an litriú agus an fuaimniú mícheart (fuaimnítear an focal mar bheadh focal Béarla ann).
é a fhuaimniú to pronounce it
" Mura bhfuil tusa in ann an Champs-Elysees a fhuaimniú, an gcaithfear é a athrú? Má bhíonn tú cúpla lá thall, beidh tú in ann é a fhuaimniú.
fhuaimniú mar ba cheart to pronounce properly
" Isteach le Peter Robinson, ní leis na gnáth-Mhoslamaigh atá ag saothrú a gcodach anseo le fada an lá a chosaint, tráth a bhfuil ionsaithe ar mhionlaigh eithneacha ag méadú i rith an ama i gceantair dhílseacha - dúiche Robinson in oirthear Bhéal Feirste ach go háirithe - ach le tacaíocht a thabhairt don tréadaí aineolach nach raibh a fhios aige an dóigh leis an fhocal Sharia a fhuaimniú mar ba cheart.