Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a léirigh who produced
" Is iad féin a léirigh gach albam go dtí seo, cé go raibh siad ag smaoineamh go minic ar dhuine eile a thabhairt isteach leis an obair seo a dhéanamh.
ag táirgeadh bainne producing milk
" Éiríonn siad bacach, cailleann siad meáchan agus stopann siad ag táirgeadh bainne.
a tháirgíonn siad that they produce
" Is mian léi saghas plean gnó a leagan síos do scoileanna agus fostaithe a íoc de réir an líon uaireanta a oibríonn siad, an méid a tháirgíonn siad agus na cuspóirí a éiríonn leo a bhaint amach faoi dheireadh gach míosa.
á léiriú producing it
" Bhí clár á chraoladh againn mar gheall ar Choláiste na bhFiann - bhí mise á léiriú agus ag ligean do na déagóirí an chaint a dhéanamh.
a léiriú to produce
" Táimid i ndiaidh ár gcéad dráma raidió le fada an lá a léiriú, rud a bheas le cluinstean gan mhoill.
léirithe produced
" Cé go bhfuil cúpla ceoltóir eile i dteannta Bhreanndáin ar an albam (Neil Martin ar an dordveidhil agus ar an méarchlár, agus Noel O'Grady ar an mbasoucaí) albam aonair atá ann i ndáiríre, léirithe go héifeachtach ag Gavin Ralston agus foilsithe go neamhspleách ag Breanndán féin.
a léirigh é who produced it
" Is é an giotáraí Astrálach Steve Cooney a léirigh é agus rinneadh an taifeadadh ina stiúideo i gContae Chill Dara.
a tháirgeadh to produce
" CD-ROManna a tháirgeadh, chun margaíochta, chun earraí a sheoladh, agus mar sin de.
Léiríomar gearrscannán we produced a short film
" Léiríomar gearrscannán do Bhord Scannán na hÉireann agus bhí baint nach beag againn i léirithe scannáin eile.
a tháirgeadh to produce
" Foinse fuinnimh in-athnuaite a bheas ann agus beidh sé in ann 200 MW a tháirgeadh, dóthain do 200,000 teach nó cathair ar chóimhéid le Hobart.
léirithe produced
" Tá leabhra foilsithe, drámaí léirithe, cláracha faisnéise le fáil ar an raidió agus ar an teilifís a bhaineann lena scéal.
ag léiriú ceirníní producing records
" Agus é ina mhac léinn, bhíodh sé ag seinm na fidle ag gigs agus ag léiriú ceirníní don chomhlacht Ceirníní Cladaigh, chomh maith le roinnt léachtóireachta a dhéanamh sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
é a léiriú to produce it
" Bhí Philip King ag obair liom ag an am agus d'iarr mé air é a léiriú agus dúirt sé go mbeadh suim aige fein nó ag Sonny Condell é a dhéanamh.
ag léiriú cláracha producing programmes
" Chomh maith leis sin, ar ndóigh, tá muid ag obair do TG4 le cláracha faisnéise agus ag léiriú cláracha drámaíochta.
a tháirgeadh to produce
" Is i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, Ollscoil Uladh, Ollscoil Mhaigh Nuad agus Ollscoil Luimnigh atá Microsoft ag obair ar an leagan Gaeilge de Windows XP agus Office 2003 a tháirgeadh.
mo dhiosca a léiriú to produce my disc
" Nuair a chuala mé cúpla taifeadadh dá chuid féin, d'iarr mé ar Alan mo dhiosca a léiriú agus an cóiriú a dhéanamh.
a tháirgeadh to produce
" Nuair a bhíonn ceamara á roghnú, tá sé tábhachtach go mbeadh lionsa maith ann, rud a bhíonn i bhformhór na gceamaraí a dhéanann na comhlachtaí traidisiúnta ceamaraí a tháirgeadh.
léiritheoireachta producing
" " Le linn dó bheith san ollscoil, músclaíodh suim i gcúrsaí léiritheoireachta ann agus léirigh sé cúpla dráma de chuid Paul Mercier.
léirithe produced
" Le linn a shaoil, tá breis is 80 clár faisnéise léirithe agus stiúrtha aige, cláracha a dhíríonn ar ghnéithe éagsúla den chultúr Éireannach agus de stair na hÉireann den chuid is mó.
Ní tháirgítear aon hearóin no heroin is produced
" Ní tháirgítear aon hearóin san Astráil.
a tháirg which produced
" Bhí eastát talmhaíochta thart ar gach ceann de na tithe seo faoin tuath a tháirg ológa agus fíonchaora agus síoda (go minic fásadh crainn mhaoildeirge, na crainn ar a maireann seiriceáin).
á tháirgeadh being produced
" Tá níos mó fíona á tháirgeadh anois ná mar tá á ól.
a tháirgeadh to produce
" Inneall gan truailliú nach gcuireann leis an téamh domhanda – slí chun neamhspleáchas ón ola a bhaint amach? Nach iontach an rud é? Is cinnte gurb ea, ach is gá an cheist a chur: cad as a dtagann an hidrigin seo? Bhuel, más réiteach idéalach atá muid a lorg, is as “fuinneamh malartach” (fuinneamh “glan” as an ghaoth nó as hidrileictreachas) a dhéanfar an hidrigin (scoiltear uisce (H2O) go leictreach chun hidrigin agus ocsaigin a tháirgeadh).
ná a macasamhail a tháirgfear in Éirinn than similar ones produced in Ireland
" Mar sin, beidh béim níos mó ar an “logántacht” – mar gheall ar chostais iompair ní bheidh earraí a dhéanfar i monarchana ar an taobh eile den domhan, agus a sheolfar anseo, níos saoire ná a macasamhail a tháirgfear in Éirinn.
ag táirgeadh producing
" Beidh ceannlínte mar seo le feiceáil sna nuachtáin i 2015: “Méadú mór sa líon daoine atá ag táirgeadh a gcuid bia féin” Teaghlaigh in easnamh cothromais tar éis thitim na bpraghsanna Capaill oibre níos daoire ná tarracóirí anois Ach dá mbeadh freagairt éirimiúil agus thapa ó na rialtais Eorpacha tar éis na géarchéime in 2007? Bhuel, sin an cás deireanach: “**Roinnt Chothrom**”.
ag léiriú cláracha producing programmes
" Bíonn an taighdeoir i Raidió na Life ag léiriú cláracha agus ag déanamh go leor rudaí éagsúla.
á thairgeadh being produced
" Deir daoine atá ina coinne nach méadaíonn sí an táirgiúlacht, go ndéanann sí dochar don chomhshaol agus nach mbeadh aon tionchar aici ar ghorta mar go bhfuil dóthain bia á thairgeadh anois agus gur cúiseanna polaitíochta agus geilleagracha atá leis an ocras in áiteacha éagsúla ar domhan.
a léiriú to produce
" ” Rinne Eoin féin an t-albam a léiriú, cé nach raibh obair den chineál sin déanta aige cheana féin.
á táirgeadh being produced
" Maidir leis na feilméaraí a bhfuil cruithneacht á táirgeadh acu, ní ceisteanna moráltachta atá ag cur as dóibh faoi na breabanna ach an baol atá anois ann nach mbeidh margadh le fáil dá gcuid cruithneachta.
do do léiriú producing you
" Ní bhíonn aon duine do do léiriú.
chun fuinneamh a tháirgeadh to produce energy
" Dúradh, go réasúnta, gur cheart mbeadh béim i bhfad níos mó ar an ídiú fuinnimh a laghdú, seachas a bheith ag lorg slite nua chun fuinneamh a tháirgeadh.
táirgeadh an leictreachais the producing of electricity
" Bheadh timpeall deich mbliana i gceist idir cur le chéile na bpleananna agus táirgeadh an leictreachais den chéad uair, agus mar sin bheadh ar an lucht tógála billiúin a chur isteach sa tionscadal sula bhfeicfidís aon phingin ioncaim.
léiriú producing
" Eagraíonn Muiris formhór na gcláracha cainte – idir thaighde, léiriú, eagarthóireacht ar na cláracha agus teagmháil rialta leis na craoltóirí.
a léiriú to produce
" Ina dhiaidh sin, d’iarr siad orm na cinn Bhéarla a léiriú chomh maith.
nua-léirithe newly-produced
" Is é fírinne an scéil ná gur bunaíodh muid le uair an chloig sa lá de chláracha nua-léirithe ón earnáil neamhspleách a sholáthar agus uair an chloig eile a fháil ó RTÉ – dhá uair an chloig sa ló.
a tháirgtear. that is produced.
" Níor mhór a admháil fosta nach gá go mbeadh an caighdeán ardaithe de réir an mhéid a tháirgtear.
a gineadh sa diamhracht which was produced in the darkness
" As bréantas agus graostacht agus súlachas na háite sin a tháinig rud a bhí álainn agus iontach agus aoibhinn: aisling a gineadh sa diamhracht agus a rugadh sa niamhracht.
Rinne Mícheál albam iontach dá gcuid a léiriú, Mícheál produced a great album of theirs,
" Rinne Mícheál albam iontach dá gcuid a léiriú, *so* shíl mé go mbeadh sé deas Noel agus Tony a bheith ann.
ag léiriú sraitheanna faisnéise producing documentary series
" Bíonn siad ag léiriú sraitheanna faisnéise ar chúrsaí spóirt do TG4 fosta – “Ard san Aer” agus “Laochra Gael” ina measc – mar aon le sraith shláinte dar teideal “The Health Squad” do RTÉ agus an clár spóirt “Hurling Bootcamp” do TV3.
ag léiriú agus ag stiúradh na gcláracha, producing and directing the programmes,
" Sna blianta tosaigh, bhíodh Irial ag léiriú agus ag stiúradh na gcláracha, ach anois tá sé go huile is go hiomlán gafa le hobair bhainistíochta – rud nach gcuireann aiféala ar bith air mar gheall ar gur “léiriú ar scála difriúil í an obair so.
á dtáirgeadh acu. being produced by them.
" Tá an máthairchomhlacht, an Boston Beer Company, ag dul ó neart go neart ó shin i leith, agus tá aon bheoir déag faoi leith anois á dtáirgeadh acu.
a thairgeadh to produce
" Ach seo ceist: caidé atá contráilte leis an snaoisín? Má tá daoine ag iarraidh stuif a chur suas a srón, nach dtiocfadh leo an snaoisín a úsáid? Agus mura bhfuil dath donn nádúrtha an snaoisín maith go leor dóibh, nach dtiocfadh leo é a dhéanamh bán? Má táthar in ann an bradán agus an breac a thairgeadh ar dhathanna éagsúla anois, gan trácht ar an phráta féin, nach dtiocfadh leo an rud céanna a dhéanamh leis an snaoisín? Tá stair uasal ársa ag an snaoisín sa tír seo.
a léirigh an t-albam. who produced the albam
" ***AÓF: Cé hiad na ceoltóirí atá ar an albam leat?*** GB: Ag seinm liom ar an diosca, tá Neil Martin ón West Ocean String Quartet, a léirigh an t-albam.
ón tsraith atá á léiriú aige from the series he is producing
" Thuigfeá cad as a dtagann an spraoi a bhaineann le Fíbín dá gcaithfeá uair nó dhó ina chomhluadar – ag tús ár gcomhrá insíonn sé dom mar gheall ar Bhrian na mBromanna, carachtar a bhfuil “fadhb gáis” aige ón tsraith atá á léiriú aige do Raidió na Life faoi láthair.
trí sheó a léiriú in aghaidh na bliana to produce three shows per year
" Bíonn sé mar aidhm acu trí sheó a léiriú in aghaidh na bliana – ceann amháin atá dírithe ar pháistí bunscoile, a thugann siad ar camchuairt idir mí Eanáir agus mí an Aibreáin; ceann eile (a bhíonn rud beag níos *risqué*) atá dírithe ar dhéagóirí, a thugann siad ar camchuairt go scoileanna samhraidh sna Gaeltachtaí uilig i rith an tsamhraidh; agus ceann eile arís a léiríonn siad go speisialta le haghaidh na bhféilte drámaíochta a bhíonn ar siúl i mí Mheán Fómhair agus mí Dheireadh Fómhair.
a tháirgeadh. to produce
" Níor tháinig an lá sin fós, áfach, agus b’ait liom go bhféadfadh *Lá Nua* a mhaíomh cúpla seachtain ó shin gur dul chun cinn a bheadh ann éirí as an bhfoilsiúchán páipéir go laethúil agus leagan Idirlín amháin a tháirgeadh.
a léirítear which are produced
" Níor caitheadh ach €100,000 ag déanamh an scannáin - suim airgid nach n-íocfadh as na costais lónadóireachta ar an gcuid is mó de na scannáin a léirítear in Hollywood! In ainneoin nár léiríodh an oiread sin spéise sa scannán nuair a taispeánadh é ar an bhfód dúchais i dtosach, bhuaigh an stiúrthóir, John Carney, gradam ag an Sundance Film Festival i 2007.
an léiriú the producing/the production
" “Ba é Coulter a d’eagraigh an seisiún taifeadta agus a rinne an léiriú chomh maith.
rinne Donal cinneadh díriú ar léiriú albam Donal made a decision to concentrate on producing albums
" ”Rinne Lunny agus Davey cúig cheolchoirm le chéile ag an am ach níor éirigh go rómhaith leo agus rinne Donal cinneadh díriú ar léiriú albam agus ar obair sheisiún lena bheatha a thabhairt i dtír.
léiriú produce
" Rinne PJ Curtis an chéad albam (ar ar tugadh *Scullion*) a léiriú agus ba eisean a mhol dúinn cuireadh a thabhairt do Jimmy O’Brien-Moran, píobaire arb as Port Láirge dó, seinm ar an gceirnín.
léirigh produced
" Mar sin, cheannaigh muid seanteaghais soghluaiste agus chuir mé sa ghairdín cúil é agus réitigh muid chuile rud ann – mé féin agus an fear a léirigh an t-albam, Karl Odlum.
léireofar arís é it will be produced again
" I gcomhpháirt le Ceolfhoireann Fhiolarmónach Bheirlín, léiríodh an saothar seo sna blianta 2006-08 agus léireofar arís é in 2009.
léiríodh í i gcomhpháirt leis it was produced in conjunction
" Bhí an tsraith dírithe ar pháistí bunscoile agus léiríodh í i gcomhpháirt leis an gcomplacht puipéadóireachta Fíbín.
tháirgeann produces
" 6 billiún as General Dynamics, corporáid a tháirgeann airm, agus a bhfuil caidreamh láidir aige le tionscal míleata Iosrael.
tháirgiú to produce
" Chuireadar brú ar a gcairde i Washington, agus ritheadh dlíonna a thug lascainí cánach dóibh as na carranna gránna seo a tháirgiú faoin chatagóir bréagach ‘Sport Utility Vehicle’.
tháirgí produce
" Léiríonn na scéalta seo go bhfuil saineolaithe ag féachaint le coincheap an mhargaidh a leathnú ionas go mbeidh an luach comhshaoil intuigthe i ngach praghas a íoctar ar tháirgí agus ar sheirbhísí.
táirgeadh na feirme the farm's produce
" Chuir sé stad, a bheag nó a mhór, le cantain na salm ag súil go n-ardódh táirgeadh na feirme dá réir.
barr feirme farm produce
" Bhí áthas ar mhuintir na Somáile slán a fhágáil leo mar rinne an ‘cúnamh’ bia an-dochar do na feirmeoirí áitiúla, murab ionann agus na corparáidí agra-ghnó ar íoc cáiníocóirí Mheiriceá as a gcuid barr feirme.
á tháirgeadh being produced
" Tuilleadh ‘damáiste comhthaobhach’ is ea na mílte teifeach a theith ó thancanna déanta i Meiriceá (seachas an tionscal míleata, níl mórán eile á tháirgeadh ann le blianta) á dtiomáint ag saighdiúirí na hAetóipe.
dtairgeadh produced
" Murach go raibh seirbhísí r-phost saor in aisce á dtairgeadh agus á nglacadh ag gach mac máthar agus iníon athar sna nóchaidí, ní bheadh an bhuncloch faoin gcuid is mó de na seirbhísí nua snasta seo.
tháirgí produce
" Ba bheag tír a chuir lánchosc ar tháirgí ola ón Nigéir, áfach, agus leanadh ar aghaidh leis na hionsaithe ar bhailte Ogoni.
táirgí produce, products
" Más é brábach sprioc do chomhlachta, nach luíonn sé le réasún go ngearrfaidh tú na praghasanna is airde ar na táirgí is saoire? Faigh Cumhdach Árachais nó Cónra! Sin mar a sheasann cúrsaí mar atá siad.
tháirgeadh to produce
" Caithfidh sé go bhfuil go leor muiníne ag polaiteoirí na tíre sin as GSK vacsaín slán feidhmiúil a tháirgeadh in am.
léirigh produced
" Elephant an t-ainm a bhí air, Ba é Alan Clarke a stiúraigh é agus ba é Danny Boyle a léirigh, an fear céanna a rinne Slumdog Millionaire.
léiriú to produce
" Cinnte, bhí páirt glactha agam i bpodchraoltaí roimhe sin agus bhí clár raidió a léirigh mé is a chur mé i láthair do Raidió na Life curtha ar fáil mar phodchraoladh, ach anuraidh thosaigh mé sraith podchraolta a léiriú ó thús go deireadh mé féin.
Cothaítear is produced
" Cothaítear pátrúin minicíochta ana-chasta idir na trí chnámh seo a phróiseáiltear níos mó agus níos mó agus an fhuaim ag gluaiseacht ó chnámh go cnámh i dtreo na cochla sa chluais inmhéanach.
tháirgíonn produces
" As seo go ceann bliana nó dhó, beidh an tír ar an gcúigiú geilleagar is mó ar domhan agus ar an deichiú tír is mó a tháirgíonn ola.
dtáirgtear are produced
" Straitéis margaíochta fíorfheidhmiúil atá ann ar ndóigh toisc go dtarraingíonn an Beaujolais Nouveau aird ar na fíonta eile as réigiún an Beaujolais, réigiún atá idir Macon agus Lyon ina dtáirgtear fíonta cáiliúla ar nós Fleurie, Brouilly agus Juliénas, gan ach cuid acu a lua, fíonta a mbíonn díol maith orthu in Éirinn toisc blas éadrom torthaí a bheith orthu.
táirgí uathúla unique produce
" Ach tá gléas airm nua ag an siopadóir beag nó an siopadóir speisialta agus tá cumhacht mhór ag an ngléas airm ar na saolta seo: táirgí uathúla agus an tseirbhís phearsanta.
chun aibhléis a ghiniúint for producing electricity
" Is ina dhiaidh sin a fuair mé amach go raibh feidhm á baint fós as an stáisiún chun aibhléis a ghiniúint agus go mbíodh muintir na háite ag tarraingt móna ann go rialta i gcaitheamh an tsamhraidh.
a thairgfear which shall be produced
" Úsáidfidh feirmeoirí áitiúla an t-uisce a thairgfear chun a gcuid tailte a uisciú.
rinne léiriú produced
" Paddy Glackin a rinne léiriú ar an albam agus dúirt sé ina leith: Aoibhneas na beatha an tréith is suntasaí sa chnuasach seo.
an sneachta ag déanamh aráin the snow was producing bread
" Bhí clúmhach bán na spéire ag tuirlingt ar na cácaí geala – shílfeá go raibh an sneachta ag déanamh aráin.
díolaim a léiriú dóibh to produce an album for them
" Agus cad faoi vignette sotalach Ross MacMahon - amhránaí ceannais an racghrúpa óig Éireannaigh ‘*The Pieces of Shit*’(sic) a iarrann ar an sean-racréalta Cheyenne (Seán Penn) díolaim a léiriú dóibh.
léirithe ag produced by
" D’éirigh leis an tsraith iomráiteach ‘Corp agus Anam,’ léirithe ag Darach Mac Con Iomaire/Magamedia do TG4, gradam a fháil don tsraith drámaíochta is fearr chomh maith le gradam ar leith don léiriúchán is mó a chuir spiorad na Féile in iúl.
táirgíonn produces
" De réir staidéir a rinne *‘Carbon Footprints of Nations’* i 2008, táirgíonn muintir na hÉireann, 16.
tháirgeadh to produce
" Mar shampla, aschuirtear timpeall 75g le gach mála brioscán a tháirgeadh, ón talamh go seilf an tsiopa.
an fearas olltáirgthe the mass-produced equipment
" Is é an pobal féin a scríobhann na hailt seo, ag déanamh cur síos go minic ar thogra ar thug siad faoi chun inneallra nó rud éigin ina saol féin a dhéanamh níos fearr nó níos gaire don rud atá uathu ná an fearas olltáirgthe as áit éigin i bhfad thar lear.
dar thairg a chomhairleoir produced by his advisor
" Eisean a labhair go líofa mar gheall ar na ‘better angels of our nature’, íomhá dar mhúnlaigh Lincoln as nath difriúil dar thairg a chomhairleoir William Henry Seward dhó in 1861.
An ndeineann fís fírinne does a vision produce truth
" Cá bhfuil an tsamhlaíocht radacach ar na saolta seo? An fhís dhúshlánach? An ndeineann fís fírinne? B’fhéidir é, ach bíonn dhá b’fhéidir ann.
á tháirgeadh being produced
" Ó thaobh aschur chumhachta de, tá an méid céanna fuinnimh á tháirgeadh ón ghaoth i gCorcaigh agus atá i dTír Chonaill (283MW sa dá chontae, de réir Chumann na Gaeithe Teo.
Táirgtear are produced
" Táirgtear 350,000 camán in Éirinn gach bliain agus is as fuinseog allmhairithe a dhéantar 65% díobh.
Léirigh produced
" Léirigh Blue Raincoat an dráma seo i Sligeach ar dtús, ach ní thuigtear cad chuige nach ndéarna siad na hathruithe riachtanacha scripte agus ba cheart fad ama an dráma a ghiortú.
an táirge a dhear sé a fheiceáil to see the product he produced
" Ní bhíonn ach achar gearr ama idir an coincheap agus an tseilf agus tugann sé sásamh ar leith don innealtóir an táirge a dhear sé a fheiceáil ag an phobal.
Cothaíonn córas tráchtála an domhain an bochtanas the world trade system produces poverty
" Cothaíonn córas tráchtála an domhain an bochtanas sa taobh den domhan as a sciobtar an t-amhábhar, cothaíonn an bochtanas sin an t-ocras agus cothaíonn an t-ocras sin an bás is truacánta i measc na n-óg is na n-anfann.
cothaíonn an bochtanas sin an t-ocras poverty produces hunger
" Cothaíonn córas tráchtála an domhain an bochtanas sa taobh den domhan as a sciobtar an t-amhábhar, cothaíonn an bochtanas sin an t-ocras agus cothaíonn an t-ocras sin an bás is truacánta i measc na n-óg is na n-anfann.
níos saoire cána siúcra a tháirgeadh cheaper to produce sugar cane
" Ó thús na forghabhála, bhí suim ag na Stáit i siúcra Phórtó Ríce mar go raibh sé níos saoire cána siúcra a tháirgeadh ar an oileán beag seo ná in áiteanna eile.
fianaise eile coinnithe siar other evidence not produced
" Is ea seo cnámha scéil an cháis cúirte inar dearna an t-iomrall ceartais thuasluaite: • Comhcheilg bhuamáil sceimhlitheoireachta sna seachtóidí; • Seisear de shliocht chomhphobal eitneach gafa, ciontaithe agus pianbhreith daortha orthu; • Na húdaráis in amhras faoin gcomhphobal seo as siocair iad a bheith ag tacú le feachtas ina dtír dhúchais neamhspleáchas a bhaint amach; • Admhálacha faighte faoi bhagairt, gan dlíodóirí i láthair agus gan síniú; • Fianaise bhréagach sa chúirt agus fianaise eile coinnithe siar ag na húdaráis; • Na seirbhísí rúnda lárnach sa chás; • Póilíní sa chás os comhair na cúirte ní ba dhéanaí; agus • Feachtas sna meáin leis an bhfíorasc a chur ar neamhní.
coinníodh siar í le slándáil náisiúnta a chosaint it wasn’t produced in order to protect national security
" Níos measa fós, sceith Ian Cunliffe, iarfheidhmeannach i Roinn an Phríomh-Aire in Canberra, an rún go raibh faisnéis ag seirbhís rúnda na hAstráile a léirigh go raibh na fir neamhchiontach, ach gur coinníodh siar í le slándáil náisiúnta a chosaint.
Thaispeáin sé a scannán baile he showed his home produced film
" Thaispeáin sé a scannán baile, idir na scannáin ghairmiúla a bhí le feiceáil sa halla nua a thóg sé sa sráidbhaile i 1953.
Tá an Táirge Cruthaithe the product has been produced
" Is cuma leis an óige cé gcuirfidh sí a cos! Tá an Táirge Cruthaithe ========= Tá acmhainn anois againn má tá an cultúr casta ina thráchtáil ag aos óg na hÉireann.
ar tháirgeadh nitrigín a gcuid duilliúir because of their leaves producing nitrogen
" Cén dochar má ghlactar leis nach mbainfear móin ar na portaigh sléibhe faoi cheann deich mbliana agus in ionad an mhóin a bhaint, go mbearrfar crainn le haghaidh Brosna? Chuige sin, cuirfear cineálacha áirid crann sna lagphortaigh sléibhe, sail dúchais, beith agus crann fearna is inmholta (ar luas a bhfáis & ar tháirgeadh nitrigín a gcuid duilliúir .
a tháirgeann comhpháirteanna gluaisteáin ar son which produce car parts for
" Caillfear na poist sin go léir agus is baolach go gcaillfear poist go leor eile sna gnólachtaí beaga a tháirgeann comhpháirteanna gluaisteáin ar son na monaróirí móra.
trí obair fhiúntach through (producing) worthwhile material
" Ach cruthaímid an domhan go húrnua gach aon lá, agus más ea, is féidir leis an gcomhlacht seanda seo meas an phobail dhúchasaigh agus idirnáisiúnta a mhealladh in athuair trí obair fhiúntach.
a tháirgíonn na diúracáin which produces the missiles
" Tá ionad i nDoire ag Raytheon, an comhlacht Meiriceánach a tháirgíonn na diúracáin atá á n-úsáid ag na comhghuaillithe san Iaráic.
á tháirgeadh being produced
" Tá níos mó fíona á tháirgeadh ar fud an domhain na laethanta seo ná mar atá á ól, rud atá ag cothú go leor fadhbanna do thionscal an fhíona san Astráil agus i dtíortha eile.