Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tosaíocht priority
" Uí Uiginn tosaíocht don cheist agus gan é siúd is beag seans go mbeadh an stáisiún ann go deo.
tosaíocht priority
"tosaíocht tugtha i gclár tionscnaimh taighde an Acadaimh don Stair, an Léann Ceilteach agus an Béarla agus tá foireann - triúr ollúna, seachtar léachtóirí, agus roinnt oifigeach taighde - i mbun oibre ann cheana féin.
tosaíocht priority
" Má fhéachann muid ar ghluaiseacht na Gaeilge mar aon *dynamic* amháin (agus sin mar ba cheart do chúrsaí a bheith), cad iad na rudaí a bhfuil sé réadúil tosaíocht a thabhairt dóibh sa bhliain 2002? Tá fadhb bhunúsach ag pobail Ghaeltachta agus lucht na Gaeilge i gcoitinne ó bunaíodh an Stát seirbhísí a fháil ó áisínteachtaí i nGaeilge.
príorachtaí priorities
" " Agus an mbeidh an tseachtain seo chugainn chomh gnóthach céanna? "Beidh - agus níos gnóthaí fós! Ach ag aon am faoi leith caithfidh tú do chuid príorachtaí a leagan amach - ní féidir gach rud a dhéanamh.
príomhaíochtaí priorities
" "Is ceist príomhaíochtaí é.
phríomhthosaíocht main priority
" Dúirt an Príomhaire nua, Tony Blair, i 1997 go raibh "oideachas, oideachas, oideachas" mar phríomhthosaíocht ag Rialtas Pháirtí an Lucht Oibre agus gheall siad maorlathas agus saothar na múinteoirí a laghdú.
tosaíochtaí priorities
" Is léir go bhfuil cúrsaí bunoscionn sa tír seo ó thaobh tosaíochtaí de.
thosaíocht priority
" Ní náisiúnaithe atá á rá seo - tá an bhagairt ag teacht uathu sin atá ag tabhairt seanmóirí dúinn ar thosaíocht a thabhairt don phróiseas daonlathach.
tús áite priority
" Tá éifeacht níos láidre ag na comharthaí seo de bharr gur buirg é Staten Island ina bhfuil tús áite ag an charr, bíodh sin ina rud maith nó ina drochrud.
tús áite priority
" Feictear dom gurb é croí na faidhbe ná nuair a labhraítear faoi chaighdeánú, is éard atá i gceist i ndáiríre ná tús áite a thabhairt do chultúr amháin seachas cultúr eile.
thosaíochtaí priorities
" Tugadh an-léargas an lá cheana ar thosaíochtaí an Aontais Eorpaigh sna blianta atá amach romhainn.
thosaíocht priority
" Ní éireoidh leis, áfach, mórán a bhaint amach muna socraíonn na heagraíochtaí Gaeilge uilig, mar thosaíocht, go dtabharfar tacaíocht iomlán don oifig sin agus, níos tábhachtaí fós, go n-éileoidh lucht na Gaeilge an tseirbhís atá ag dul dúinn.
an chloch is mó ar a phaidrín his biggest concern, his priority
" Abair, níl mé ag iarraidh a bheith dian ar dhaoine mar tá daoine díograiseacha ann i gcónaí, ach ar éigean go bhfuil scríbhneoir ar bith Gaeilge arb é an cháil atá air gurb í an drámaíocht an chloch is mó ar a phaidrín, rud atá spéisiúil.
thosaíocht priority
" Shílfeá go mbeadh sé mar thosaíocht ag ár rialtais cabhrú le daoine fásta agus lucht gnó ó thaobh spóirt de.
tús áite priority
" Chomh maith leis sin, níor cuireadh amhráin fhíorthraidisiúnta ar chlár na gcomórtas go dtí le déanaí - bhí tús áite tugtha d'amhránaíocht na gcór, agus lucht ina n-éadaí foirmiúla.
thosaíochtaí priorities
" Ach le himeacht aimsire agus normalú an phróiseis pholaitiúil, léireofar míloighciúlacht an chórais agus, sa chomhthéacs sin, b'fhéidir go mbeadh áit ann do pháirtí a bhfuil leas na haicme oibre mar cheann dá thosaíochtaí.
tosaíochtaí priorities
" Mhaigh Eo ar bharr a liosta tosaíochtaí maidir le soláthar seirbhísí sláinte.
thosaíocht priority
" Dá gcuirfí ceist ortsa cén dúshlán is mó atá ag Éirinn sa bhliain atá amach romhainn, cén freagra a thabharfá ar an cheist sin? Laghdú a dhéanamh ar an slad ar na bóithre? An rialtas a athrú? Leapacha a fháil sna hospidéil dóibh siúd atá tinn agus sean? Praghsanna earraí agus seirbhísí a laghdú? Scoileanna nua a thógáil agus bail a chur orthu sin atá i ndroch-chaoi? Tuilleadh gardaí bheith ag siúl na sráide? Iarracht a dhéanamh ar fhadhb an ólacháin a réiteach? Tá a thosaíocht féin ag gach duine, ag brath ar chúinsí a shaoil agus ar a riachtanais phearsanta.
tosaíocht priority
" Is tosaíocht í an cheist seo don choimisiún anois.
tosaíocht priority
" An lucht féachana an tosaíocht atá againn.
thosaíocht priority
" Ba cheart go mbeadh sé mar thosaíocht aici an srian seo a bhaint le go bhféadfaí speisialtóirí ar nós micreabitheolaithe, altraí rialaithe ionfhabhtaithe, eolaithe saotharlainne, ceimiceoirí agus speisialtóirí sláinte poiblí a fhostú.
tosaíocht priority
" “Tá clúdach ar na cluichí Gaelacha ar TG4 ó cheann ceann na bliana,” a dúirt sé, “agus tugtar tosaíocht do chomórtais nach mbeadh chun tosaigh murach TG4.
tosaíochtaí priorities
" Moltaí ======= Bheadh sé dodhéanta triall ar gach rud atá le feiceáil sa chathair ghalánta seo le linn cuairte gairide agus, mar sin, b’fhéidir gurbh fhiú liosta tosaíochtaí a dhéanamh roimh ré – rudaí nach féidir an chathair a fhágáil gan iad a fheiceáil – le pleanáil do chuairte a dhéanamh níos fusa.
tosaíocht priority
" Má tá tosaíocht le bheith ag an iomáint i mBaile Átha Cliath (agus ní léir go bhfuil fós in ainneoin na mbuanna thuasluaite) is gá na hiománaithe is fearr a choinneáil ag iomáint go fiú más gá iad a mhealladh trí shaoire thar lear, bronntanais, scoláireachtaí tríú leibhéal, postanna agus araile.
tosaíocht priority
" Tá sé ceart airgead poiblí a chaitheamh ar spórt in Éirinn ach is gá tosaíocht a thabhairt do pholasaithe spóirt atá fabhrach do dhaoine faoi mhíbhuntáiste.
tosaíochtaí priorities
" De réir an bhéaloidis, bhí ballaí sheanbhaile ársa na Traí tógtha ar bhealach chomh casta sin nach dtiocfadh le naimhde ar bith a rinne a mbealach isteach sa chathair a mbealach a dhéanamh amach arís! Séadchomhartha suimiúil é Julian’s Bowers, agus is suntasach an méid dua (agus airgid) atá á chaitheamh air, ainneoin nach bhfuil an láithreán féin go hard ar liosta tosaíochtaí English Heritage.
Is é an chloch is mó ar phaidrín an bhreithimh the judge's main priority
" Is é an chloch is mó ar phaidrín an bhreithimh ná cur i bhfeidhm phróis chuí an dlí.
mar thosaíocht as a priority
" Tá sé mar thosaíocht aige anois, áfach, dul i mbun gnímh chun gníomhaíochtaí Aer Lingus i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh a chosaint.
ár dtosaíochtaí our priorities
" Caithfimid ár dtosaíochtaí maidir le cúrsaí oideachais a chur ina gceart.
gurb iad na clocha is mó ar phaidrín an damhsóra that the dancer's biggest priority
" Ach tá rud éigin an-fhoirmleach agus teicniúil fá dtaobh de, a thugann le fios gurb iad na clocha is mó ar phaidrín an damhsóra ná luas, chomh hard agus is féidir leis léim san aer agus cleasaíocht, seachas léiriú dá chuid paisin.
Is é an chloch is mó ar phaidrín an British Air Accident Investigation Board the biggest priority of the British Air Accident Investigation Board is
" Is é an chloch is mó ar phaidrín an British Air Accident Investigation Board anois ná imscrúdú a dhéanamh ar an eachtra.
san ord tosaíochta in the order of priority
" Tá an Roinn Talmhaíochta imeallaithe i dtreo na gcliathán mar aireacht san ord tosaíochta le blianta beag anuas.
Ba iad na clocha ba mhó ar a bpaidrín their biggest priorities
" Ba iad na clocha ba mhó ar a bpaidrín ná Foclóir Béarla-Ultais/Ultais-Béarla; suirbhé ar "chainteoirí dúchais" ina ndéanfaí téipeanna de na cainteoirí sin a thaifeadadh; aistriúchán Ultaise ar an Bhíobla; stóras leictreonach de litríocht na hAlbainise Uladh; seirbhís aistriúcháin agus córas don chaighdeánú litrithe agus nuathéarmaíochta.
Is iad na clocha is mó ar a paidrín her biggest priorities are
" Is iad na clocha is mó ar a paidrín ná an comhshaol, dí- armáil núicléach agus an eagraíocht The Chernobyl’s Children’s Project, a bhunaigh sí ag tús na nóchaidí.
an chloch ba mhó ar phaidrín the biggest priority
" Ní móide gurbh é an fiadhúlra an chloch ba mhó ar phaidrín leithéidí Mobuto, Abedi, agus Ludwig.
tosaíochtaí nuachta na hardchathrach news priorities of the capital
" Locht atá ar go leor de na meáin Ghaeilge ná go mbíonn siad ró-Ghaillimheach ina gcur chuige agus go meastar nach gá ach tosaíochtaí nuachta na hardchathrach a bhogadh siar leis an tsúil eile a aimsiú.
príomhthosaíocht main priority
" Chomh luath is a toghadh é ina phríomhaire, corradh is bliain ó shin, gheall Kevin Rudd thar ceann a rialtais go mbeadh fadhb na díthreabhachta ina príomhthosaíocht ar a chlár oibre.
ord na bpriarachtaí order of priorities
" Tiocfaidh sé aniar aduaidh ar lucht ceannais na n-eagras Ghaeilge nach bhfuil oiread is taifead amháin sa Roinn ar an ábhar ainneoin a leithéid a bheith curtha go hard in ord na bpriarachtaí ag an Aire Ó Cuív ar ócáidí éagsúla le cúpla mí anuas in agallaimh le Nuacht TG4, RTÉ RnaG, Foinse, Lá Nua agus san iliomad meán eile.
tosaíochtaí eile other priorities
" Ach is dócha go bhfuil tosaíochtaí eile acu sa saol seachas Rolex.
phríomhthosaíochtaí main priorities
" Ní shamhlófá go mbeadh athréimniú teanga le háireamh ar cheann de phríomhthosaíochtaí aon cheannaire stáit le linn ré chomh éiginnte sin, ina raibh chan amháin slándáil is flaitheas na tíre faoi bhagairt mhór, ach ina raibh bunluachanna na sochaí i mbaol chomh maith.
ar an chloch is mó ar a phaidrín his first priority
" Fós féin, bhí an Ghaeilge ar an chloch is mó ar a phaidrín le linn na tréimhse úd: “Cé bhéarfas deimhin dúinn go mbeidh deis againn ar ball ar an rud sin a dhéanamh gur leasg linn tabhairt faoi san am i láthair? Measaim féin gur chiallmhaire go mór d’Éireannaigh a ndícheall do dhéanamh chun an méid is féidir dá gcruadh-bhearta do réiteach gan mhoill.
ord na bpriarachtaí the order of priorities
" Óir níl spriocanna uaillmhianacha an Rialtais i leith na straitéise teanga ag teacht ná i dtiúin a bheag ná a mhór le tuairim An Bord Snip Nua nár cheart go mbeadh an Ghaeilge ró-ard in ord na bpriarachtaí feasta.
thosaíochtaí priorities
" Is cinnte go bhfuil an moladh deireadh iomlán a chur leis an Roinn ar a raibh príomhfhreagracht don teanga, agus díbirt an Aire ó bhord an Rialtais ina chomhartha soiléir ar threo na smaointeoireachta agus ar thosaíochtaí údair na tuarascála i leith na Gaeilge.
tosaíocht priority
" Is féidir go dtabharfaidh siadsan tosaíocht don ríomhleabhar thar an ghnáthleabhar.
ina thosaíocht as a priority
" Cén fáth mar sin gurbh ábhar iontais go bhfuil siúlóidí Oráisteacha ina thosaíocht ag an DUP i mbliain seo an drochshaoil 2009?
thosaíocht a priority
" BD: An bhfuil cuairt ríoga ó Bhanríon Shasana mar thosaíocht ag d’Oifig? Uachtarán na hÉireann: Is í an tosaíocht is mó atá agam ná forbairt agus daingniú a dhéanamh ar a bhfuil bainte amach againn i bpróiseas na síochána ó thuaidh, neartú na nasc agus na ngréasán trasteorainn, agus cothú na gaolmhaireachta measúla atá ann idir Éirinn agus an Bhreatain.
phriaracht priority
" Deir sé gur inis sé do John Prescott roimh thoghchán na bliana 1997 go mbeadh síochán ó thuaidh mar phriaracht pholaitiúil aige.
an chloch is mó ar a phaidrín the greatest priority
" ” Ach an chloch is mó ar a phaidrín ná Obama agus an iarracht (thar a bheith lag) a rinne sé cur ina luí ar Netanyahu deireadh a chur le tógail áitrimh nua ar thailte gafa.
thosaíocht priority
" Ar ndóigh, ní cúrsaí airgid atá mar thosaíocht cuid mhór tuismitheoirí agus iad ag beartú an t-oideachas is fearr a sholáthar dá gclann.
mar thosaíocht as a priority
" Leis an bhfírinne a dhéanamh, is deacair a shamhlú go mbeadh páirtí sa chéad rialtas eile a mbeadh a leithéid de bhille chomh mór mar thosaíocht acu.
ina thosaíocht a priority
" Leoga, is léir nach mbeidh an tuaisceart ina thosaíocht ag an rialtas úr ó dheas - tá tograí ar fiú £400,000 geallta ag ancien regime Fhianna Fáil ach ní fios an dtabharfaidh rialtas Kenny an gealltanas céanna, cnámh eile spairne a bhfaighidh Sinn Féin greim uirthi.
tosaíochtaí priorities
" Má roghnófar é, deir sé go pléifidh sé le cuid de na hábhair atá faoi chaibidil san agallamh seo ach cad é na tosaíochtaí a bheadh aige? “B'fhéidir an tsaoránacht a dheimhniú, is é sin an bhéim a leagan ar an tsaorántacht.
phríomhthosaíocht main priority
" Anuas ar sin, dúirt sé go raibh sé mar phríomhthosaíocht ag a rialtas tacaíocht a thabhairt d’athchóiriú polaitíochta agus geilleagair ar fud an réigiúin.
tosaíochtaí a mheas to estimate (their) priorities
" San am atá le theacht beidh ar gach tír a cuid tosaíochtaí a mheas, a cuid luachanna a mheabhrú, agus cinnidh deacra a thabhairt dá dheasca seo.
ina ceadchloch ar phaidrín first priority
" Is léir nach í an Eoraip a bheidh ina ceadchloch ar phaidrín na Stát feasta agus gur minice a bheidh ceannairí Mheiriceá ach amharc siar ná soir.
tosaíocht do choir mar seo priority to a crime like this
" Ár ndóigh, tá sé in aghaidh an dlí a leithéid a dhéanamh: racially motivated hate crime a thugtar air agus de réir na bpóilíní tugann siad tosaíocht do choir mar seo.
tosaíocht priority
" Níor thug Mazars tosaíocht d'aon cheann de na roghanna a leagadh amach ach bheartaigh bord an Fhorais glacadh leis an mholadh gur ar bhonn tionscadail a mhaoineofaí na heagrais feasta.
a gcuid tosaíochtaí a aithint to recognize their priorities
" Tugann na scéimeanna deis do na heagrais a gcuid tosaíochtaí a aithint agus cinntíonn siad go mbeidh fáil ag lucht labhartha na Gaeilge ar sheirbhísí áirithe trí mheán na teanga.
tosaíochta priorities
" Ba chóir go dtuigfeadh an gnáthdhuine cuid mhaith de smaointe na heite clé, agus ba chóir go n-aontódh cuid mhaith den phobal leis na tosaíochta atá ag páirtithe na heite clé.
tosaíochtaí, dúshláin is deiseanna priorities, challengers and opportunities
" Is é atá i gceist leis an FDIF ná go dtagann lucht déanta beartas ó gach cearn den domhan le chéile uair sa bhliain chun tosaíochtaí, dúshláin is deiseanna i réimse na himirce is na forbartha a aithint is a phlé le chéile agus le páirtithe leasmhara.
nach ionann tosaíochtaí bhaill an CLG the priorities of GAA members is not the same thing
" Cad a cheapaimse? Is dóigh liom go gcaithfidh bainistíocht an CLG a bheith fíorchúramach agus gan dearmad a dhéanamh nach ionann tosaíochtaí bhaill an CLG agus tosaíochtaí *Sky TV*, gnólacht mór, millteach nach iad an spórt ná cluichí na nGael is cás dóibh ach brabach.
thosaíocht priority
" Ba cheart go mbeadh sé seo mar thosaíocht ag an Rialtas.
tús áite priority
" Léiriú maith é an spíce atá á chrochadh i lár na cathrach i mBaile Átha Cliath, agus a chosain beagnach €5 mhilliún, ar an dóigh a bhfuil tús áite á thabhairt do na rudaí míchearta sa tír seo.