Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bunphrionsabail basic principles
" Tá na bunphrionsabail i bhfeidhm i gcónaí agus is léir gurb é a bhí ar intinn an dreama a chuir le chéile iad ná a chinntiú gur cluiche tapa, sciliúil a bheadh ann agus nach mbainfí mí-úsáid ar bith as an gcamán ach a mhalairt, is é sin chun an sliotar a thiomáint, a ardú agus a iompar go gasta ó cheann ceann na páirce.
bunphrionabail dlí basic legal principles
" Is impleachtaí iad a bhaineann le fostaíocht, le héagsúlacht chultúrtha agus teangeolaíoch, le hacmhainní, le feidhmeanna na scolaíochta in Éirinn, le tionchar stádas idirnáisiúnta teanga ar lucht a labhartha agus a foghlamtha, agus le bunphrionabail dlí.
bunphrionsabal daonlathach a basic principle of democracy
" Tar éis an tsaoil, más mian le muintir na tíre éisteacht le popcheol Angla-Mheiriceánach, tuige nach ngéillfí dóibh? Nach bunphrionsabal daonlathach é déanamh de réir thoil an tromlaigh? Sa gcomhtéacs seo, níor mhór féachaint ar ar tharla sa mBaváir.
bunphrionsabail basic principles
" Dar leis an iriseoir and staraí John Bowman, sa chlár fáisnéise faoi Whitaker sa tsraith "Nation Builders", bhí bunphrionsabail Chomhaontú Aoine an Chéasta 1998 go léir breactha síos ag Whitaker tríocha bliain roimhe sin nuair ba é a chomhairligh Jack Lynch faoi chúrsaí an Tuaiscirt.
bhunphrionsabail basic principles
" Dar liomsa nach féidir mo chuid cumadóireachta a scarúint ó chomhthéacs an ilchultúrachais, ceann de bhunphrionsabail phobal s'againne i gCeanada.
bunphrionsabal basic principle
" Ba é seo an chéad uair riamh a briseadh an bunphrionsabal seo maidir le cártaí leighis a bhronnadh ar dhaoine.
cheisteanna prionsabail agus moráltachta issues of principle and morality
" Dúirt an pobal an méid seo go soiléir: má tá do phócaí teann, is cuma faoi cheisteanna prionsabail agus moráltachta.
thug sé droim láimhe do phrionsabal seanbhunaithe he ignored to a long-established principle
" Ach bhain an tAire McDowell mí-úsáid as a phost agus thug sé droim láimhe do phrionsabal seanbhunaithe sa tír seo - go mbíonn duine neamhchiontach go dtí go gcruthaítear a mhalairt.
thug sé droim láimhe do phrionsabal seanbhunaithe he ignored a long-established principle
" Go deimhin, thug sé droim láimhe do phrionsabal seanbhunaithe sa tír seo – go mbíonn duine neamhchiontach go dtí go gcruthaítear a mhalairt.
an prionsabal is treise atá anois á dtiomáint the strongest principle driving them
" Na drochlaethanta thart? Ach cad é an t-ainmhí seo Fianna Fáil atá fós i gcumhacht, ceithre scór bliain ar aghaidh? Sé an “populism”, nó, ‘an ghnaíúlacht”, an prionsabal is treise atá anois á dtiomáint.
bunphrionsabal roinnt na cumhachta the basic principle of powersharing
" Rinneadh go leor iarrachtaí ó shin rialtas logánta a chur ar bun i Stormont agus bunphrionsabal roinnt na cumhachta mar dhúshraith aige.
prionsabal na tola; the principle of will;
" D’éirigh leo an IRA a cheansú, glacann na poblachtánaigh le prionsabal na tola; tá deireadh le hAltanna 2 agus 3 (an cuimhin libh iad sin?) – tá dúshraith faoin Aontas a mhairfidh go deo, a déarfaidh siad leat.
prionsabail principles
" Deirtear faoi go minic go bhfuil prionsabail aige agus go bhfuil ionracas ag baint leis.
sa phrionsabal in the principle
" An rud a bhí sa phrionsabal seo ná trí cheist.
i bprionsabal. in principle
" Ach ní oibríonn sí i bprionsabal.
bunphrionsabal basic principle
" Rith sé liom go mbíonn tógálaithe ag smaoineamh ar an mbunphrionsabal – agus tithe á dtógáil acu – gurb í an teilifís an príomhchaitheamh aimsire atá ag teaghlaigh sa lá atá inniu ann.
prionsabail principles
" Agus lena chinntiú nach dtarlóidh scigdhráma den chineál seo arís, ba cheart don choiste prionsabail na saoirse agus an daonlathais agus chearta an duine a chur san áireamh agus láthair na gcluichí á roghnú feasta.
bhunphrionsabail chothromaíocht teangacha the basic principle of language equality
" Dyane Adam, Coimisinéir na dTeangacha Oifigiúla i gCeanada: “Tá sé ríthábhachtach oiliúint a sholáthar d’oibrithe san earnáil phoiblí ar riachtanais Acht na dTeangacha Oifigiúla agus ar bhunphrionsabail chothromaíocht teangacha.
prionsabal principle
" Costais ardaCaithfidh mé a admháil go bhfuil an prionsabal taobh thiar den chóras nua go maith, ach ní maith liom an tslí a bhfuil sé curtha i bhfeidhm agus na costais arda a bhaineann leis.
prionsabail principles
" ”Is léir óna tuin chainte go gcreideann Roche go láidir sna prionsabail seo – níl rian ar bith den tseanmóireacht, den cheartaiseacht ná den bhéalchráifeacht ag baint léi.
prionsabal bunúsach basic principle
" ’ Ba léir nár thuig siad an prionsabal bunúsach nach féidir le duine bás a fháil ach ar an aon ócáid amháin.
prionsabail principles
"prionsabail níos tábhachtaí ná dúil sa cheol! "*Wouldn't it be great if it could be like this all the time*?" mana Cheolfhoireann Thuaisceart Éireann via Van the Man an teachtaireacht a bhí á craobhscaoileadh, ach in áiteanna nár leag *culture vulture* cos riamh, ní raibh sé chomh cairdiúil sin.
gceannchathair principle city, capitol
" Tá muid anois ag tarraingt ar *Greenwich Village* agus *Chelsea* – ceantar na healaíne agus ceantar Boihéamach atá níos mó cosúil le sráidbhaile duilleach le carachtar Eorpach nó ceantar a bheadh i gceannchathair.
bunphrionsabail intleachtúla neamhstairiúla a dhearadh dóibh féin to create their own basic original intellectual principles
" Ba dheacair dóibh ná do lucht éisteachta aige baile fiú, ciall a bhaint as aitheasc poiblí a chaith anuas ar an stair go huile is go hiomlán, agus a thug cuireadh do dhaoine bunphrionsabail intleachtúla neamhstairiúla a dhearadh dóibh féin agus dá gcuid sinsear.
bhunchlocha basic principles
" B'ionann an breithiúnas sin agus a rá nach raibh riachtanas Ghaeilge ag teacht salach ar shaorghluaiseacht oibrithe ó áit go chéile, atá ar cheann de bhunchlocha an Aontas Eorpaigh.
prionsabal saoil life principle
" Cháin sé ‘fórsaí an mhargaidh’ mar prionsabal saoil, rud a bhí cuibheasach, mar labhair sé faoin 1.
a gcuid prionsabail a chur i gcrích in fulfilling their principles
" Mhínigh sé i Temple Street v D and Anor (2011) go raibh teorainn chinnte ag baint le cearta grúpaí creideamhach a gcuid prionsabail a chur i gcrích, ach ní fhéadfadh sé an cheist seo a scagadh gan ceiliúradh a dhéanamh ar charthanacht fhairsing an Bhunreachta: “*Article 44.