Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bunsiocair primary cause
" Is é rabairne mórán de na chéad chomhlachtaí idirlín a bhí ina bunsiocair leis an tobthitim a tháinig san earnáil ponc com.
bhunbhrí essence, primary meaning
" Tá sé deacair do mhéar a chur go díreach ar bhunbhrí shaothar na nImpriseanaithe - aithníonn daoine é seo nuair a fheiceann siad a saothar.
mbunscoltacha primary schools
" Tá cúntóirí teanga fostaithe anois i mbunscoltacha na paróiste agus is ábhar dóchais é seo.
bunbhrí na hiomána don duine óg a aimsiú to find the primary meaning of hurling for the young person
" Sílim gur éirigh leis an duine sin bunbhrí na hiomána don duine óg a aimsiú: ní fir iad ach fathaigh.
bunscolaíochta primary eduction
" Fuair Pádraig a chuid bunscolaíochta go háitiúil ach chinn sé ar a dhul go cathair na Gaillimhe le freastal ar an mheánscoil de bharr go raibh cara dá chuid, Máirtín Ó Domhnaill, ag dul go scoil na nÍosánach ansin, Coláiste Iognáid.
cuid dá mbunscolaíocht some of their primary schooling
" "Fuair an chéad triúr acu cuid dá mbunscolaíocht i mBéal Feirste, ach tá siad breá sásta i nGaoth Dobhair," a deir sí.
bunoideachas primary education
" Gheall rialtais an domhain go gcuirfí an t-airgead ar fáil le go gcuirfí bunoideachas ar gach páiste ar domhan faoin mbliain 2015.
gach dalta bunscoile every primary school pupil
" Post nua a bhí ann, mar dúirt an rialtas faoin am sin go raibh cead ag gach dalta bunscoile Manainnis a fhoghlaim ar feadh leathuaire gach seachtain, dá mba mhian leo.
bhunmhúinteoirí a oileadh thar lear primary school teachers trained abroad
" I rith an tsamhraidh, bíonn réimse leathan cúrsaí Gaeilge ann do dhaoine fásta, ina measc cúrsa ar leith do bhunmhúinteoirí a oileadh thar lear.
líon na ndaltaí bunscoile the number of primary school pupils
" De bharr an fheachtais sin, táthar ag cur go mór le líon na ndaltaí bunscoile a bhfuil rochtain acu ar leabhair Ghaeilge le súil is go gcuirfear síol na léitheoireachta Gaeilge ina saol, síol a fhásfaidh de réir mar a fhorbraíonn siad mar dhaoine.
bunscolaíochta primary education
" Fuair Anna a cuid bunscolaíochta i Scoil Mhuire i lár chathair Bhaile Átha Cliath agus a cuid meánscolaíochta i Scoil Chaitríona (a bhí suite ar Shráid Eccles ar dtús agus ansin i nGlas Naíon).
bunscolaíochta primary schooling
" Tá a beirt iníonacha, Bébhinn agus Cliodhna, ag freastal ar an meánscoil áitiúil ansin agus fuair siad a gcuid bunscolaíochta trí Ghaeilge i nGaelscoil Uí Dhálaigh i Léim an Bhradáin roimhe sin.
le dul leis an bhunmhúinteoireacht to become a primary school teacher
" Rugadh agus tógadh í faoin tuath i gContae Laoise agus i ndiaidh di a cuid oideachais a fháil go háitiúil agus i gCeatharlach, thug sí aghaidh ar Choláiste Phádraig i nDroim Conrach i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1990 le dul leis an bhunmhúinteoireacht.
gur ghá bunscoil a bhunú that it was necessary to establish a primary school
" I ndiaidh tamaill, mheas siad gur ghá bunscoil a bhunú, agus d'oscail siad Scoil an Droichid i 1996.
cionsiocair primary cause
" Borradh faoi Shinn Féin ======= Eagla roimh Shinn Féin is cionsiocair le go leor den mhí-éifeacht seo i mo thuairimse.
cionsiocair primary cause
" Is cinnte go bhfuil drochstaid seo na tíre sa 20ú haois ar na rudaí is cionsiocair le Polannaigh bheith chomh sochorraithe sin maidir lena stair.
idir naíscolaíocht, bhunscolaíocht agus mheánscolaíocht including pre-school, primary and post-primary education
" Tuige ar bunaíodh í? Le haitheantas cuí a thabhairt don earnáil a bhí ag obair go deonach go dtí sin agus le stiúir a thabhairt don earnáil agus ionchur a bheith aici sa ghnáthchóras oideachais, idir naíscolaíocht, bhunscolaíocht agus mheánscolaíocht, agus le cinntiú go bhfaigheadh daltaí na gaelscolaíochta na hacmhainní céanna a bhí á bhfáil ag na hearnálacha eile.
do bhunscoileanna neamh-mhaoinithe for non-funded primary schools
" Cad iad na foinsí maoinithe atá agaibh? An leor iad? Tá Iontaobhas na Gaelscolaíochta ann do na naíscoileanna agus do bhunscoileanna neamh-mhaoinithe, a chuireann airgead ar fáil do thuarastail, do shuímh, do bhotháin agus araile.
nithe níos tábhachtaí ná cairdeas bunscoile more important things that primary school friendship
" Rinne muid iarracht fanacht i dteagmháil le chéile tar éis dúinn bogadh go meánscoileanna éagsúla, ach le haois tagann nithe níos tábhachtaí ná cairdeas bunscoile agus cibé ar bith thosaigh muid ag imirt ar son foirne difriúla sacair.
a bhunchéim his primary degree
" Bhain sé a bhunchéim amach in Ollscoil Chicago sa bhliain 1952; MA in Ollscoil Columbia i Nua-Eabhrac dhá bhliain ina dhiaidh sin agus a dhochtúireacht, bunaithe ar an obair allamuigh a rinne sé in Inis Meáin, ó Harvard i 1959.
bunchéim ghinearálta a general primary degree
" Rinne sé bunchéim ghinearálta ach chuaigh sé leis an teangeolaíocht ansin agus fuair sé an deis bheith ag staidéar sa Sorbonne i bPáras agus in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.
bunchéim primary degree
" Bhain sé bunchéim amach in Ollscoil na Banríona sa Laidin agus san Eacnamaíocht i 1964.
ar nós chara na mbunmhúinteoirí like the friend of the primary school teachers
" Cluintear caoineachán ciamhair i dteach gach aon Ghaeil ar son fhear na Gaeilge Gaelaí a bhí ag iarraidh bheith ina sheanadóir ar nós chara na mbunmhúinteoirí Joe Soap Ó Toole agus chara na siopadóirí Fergal Beag Ó Superquinn.
ar bhunscoil ullmhúcháin phríobháideach (attended a) preparatory private primary school
" D’fhreastail na daoine eile ar bhunscoil ullmhúcháin phríobháideach agus ba léir gur shíl siad go rabhadar níb éirimiúla, ní ba chliste agus ní ba shofaisticiúla ná lucht na scoile náisiúnta.
ag fágáil na bunscoile idirchreidmhí leaving the inter-denominational primary school
" Bhí páistí ag fágáil na bunscoile idirchreidmhí Emmaus, atá béal dorais don teach tábhairne, agus mé ansin.
toghcháin tosaigh, primary elections
" Sna toghcháin tosaigh, a gcuirfear tús leo i rith na míosa seo, roghnóidh baill na bpáirtithe sna stáit éagsúla a n-iarrthóirí uachtaránachta.
bunscoileanna primary schools
" Bhí vótaí ag tuismitheoirí daltaí a bheas ag fágáil na scoile go luath i ndiaidh na hArdteiste ach gan aird ar bith tugtha ar thuairim tuismitheoirí a bhfuil a bpáistí i mbunscoileanna an cheantair agus a bheas ag dul chun na Pobalscoile amach anseo.
i dtoghcháin tosaigh an Pháirtí Phoblachtaigh. in the Republican's Party's primaries.
" Chuir sé iontas ar go leor daoine le déanaí go raibh éirithe leis an Mormannach Mitt Romney a bheith sa dara háit i dtoghcháin tosaigh an Pháirtí Phoblachtaigh.
do mhúinteoirí bunscoile. for primary school teachers.
" ” I ndiaidh na scoile chaith Carrie trí bliana i gColáiste Phádraig, an coláiste oiliúna i mBaile Átha Cliath do mhúinteoirí bunscoile.
na toghcháin dheireanacha tosaigh the last primary elections
" Beidh na toghcháin dheireanacha tosaigh ar siúl ar an 3 Meitheamh, agus ní bheidh fágtha ina ndiaidh ach coinbhinsiún na bpáirtithe.
príomhoide bunscoile a primary school principal
" Is mar seo a dhéanann Pádraig Ó Cuinneagáin, príomhoide bunscoile i gContae an Chabháin, cur síos ar a thaithí féin ar an MSc: “Tá buntáistí gairmiúla ag baint leis an gcáilíocht MSc seo agus tá tábhacht ag baint leis an gcúrsa a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge, go háirithe agus mé ag obair in earnáil an Ghaeloideachais.
dírithe ar pháistí bunscoile aimed at primary school children
" Bhí an tsraith dírithe ar pháistí bunscoile agus léiríodh í i gcomhpháirt leis an gcomplacht puipéadóireachta Fíbín.
dathanna príomhúla primary colors
" Tá scabhait agus sráideanna beaga ann le tithe beaga adhmaid as an Mheánaois ann go fóill, agus tá cuid mhaith de na foirgnimh níos nua-aimseartha tógtha le hadhmad agus péinteáilte le dathanna príomhúla geala.
príomhshaineolaí primary expert
" San agallamh a rinne mé le Jeff Gates, an príomhshaineolaí airgeadais agus údar Guilt By Association, mhínigh sé cén chaoi ar cuireadh dallamullóg ar mhuintir SAM (http://www.
phríomhaidhm primary aim(s)
" Am Scoir ===== Luaigh an príomhaire an dá phríomhaidhm a bhaineann le misean na nAstrálach san Afganastáin: le cinntiú nach mbeadh an tír ina tearmann ag lucht sceimhle arís agus leis an bhfód a sheasamh leis an “gcomhghuaillí is neasa dúinn”, Stáit Aontaithe Mheiriceá.
príomhfheidhm primary aim
" Is Maith Sú Bó, Beo nó Marbh Í ================= Is í príomhfheidhm na treibhe Masai an t-eallach.
córas bunscolaíochta primary school system
" Ba sa bhliain 1977 a thosaigh an chéad scoil Diwan (ar nós naíonra) agus d’fhás córas bunscolaíochta agus meánscolaíochta as sin de réir a chéile.
bhunábhar primary subject
" Sin é an fáth go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach nach nglacfar le polasaí Fhine Gael agus Pháirtí an Lucht Oibre nach mbeidh an Ghaeilge mar bhunábhar tar éis an Teastais Shóisearaigh.
tháirgí príomhúla primary products
" Tá go leor féidireachtaí ag baint le ceantair iargúlta agus tuaithe: turasóireacht a bhaineann le cúrsaí cultúrtha nó le gníomhaíochtaí (chomh maith le gnáththurasóireacht na ngleannta is na sliabh); bia ‘ceardúil’ nó bia ‘glas’, ’sé sin, bia aiceanta ar ardchaighdeán atá úr agus slán; talmhaíocht orgánach nó ardchaighdeáin; An Luach Bhreise a Fhorbairt ============== Beidh sé fíorthábhachtach athrú ó tháirgí príomhúla go táirgí breisluacha, faoi mar a rinne tionscadal na hiascaireachta sna Cealla Beaga, áit a bhfuil béim an-mhór faoi láthair ar luach breise a chruthú trína táirgí éisc a phróiseáil agus a phacáistiú.
bunchéime agus iarchéime primary degrees and postgrad
" Tá sé oiriúnach do mhic léinn bunchéime agus iarchéime.
theanga cheannais chumarsáide primary means of communication
" Smaoinigh go raibh an Ghaeilge á labhairt mar theanga cheannais chumarsáide ag breis is milliún duine ag an am a raibh an Donnabhánach agus a chomhleacaithe ag béarlú na logainmneacha ar fud na tíre.
sa reachtaíocht phríomha agus sa reachtaíocht thánaisteach in primary and secondary legislation
" Cé go dtugtar cuireadh don phobal i réamhrá eagrán 2012 aiseolas a chur isteach i gcomhair eagráin athbhreithnithe eile i gceann trí bliana, cá bhfágann sé sin lucht scríofa is múinte na Gaeilge san idirlinn? Chun údarás na Rannóige ar fhoilsiú agus athbhreithniú an Chaighdeáin Oifigiúil feasta a dhaingniú, tá Bille (nó leasú ar bhille) ullmhaithe, agus cuireadh faoi bhráid an tSeanaid é ar 18/9/2012, áit a ndeirtear: ciallaíonn ‘‘An Caighdeán Oifigiúil’’ caighdeán oifigiúil na Gaeilge, arna ullmhú ag Tithe an Oireachtais agus arna fhoilsiú faoi chóipcheart Rialtais, atá le húsáid sa reachtaíocht phríomha agus sa reachtaíocht thánaisteach agus mar an treoir le haghaidh scríbhneoireacht sa Ghaeilge (An Bille um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú), 2012 (Seanad) <ar fáil ag http://www.
Ba é cáil shíoraí a phriomhchuspóir his primary aim was lasting fame
" Ba é cáil shíoraí a phriomhchuspóir, ach an cháil chéanna a bheith tuillte tar éis dó éacht éigin uilíoch a chur i gcrích.
bunscoil lán-Ghaeilge Irish medium primary school
" Chuaigh mé chuig naíscoil agus bunscoil lán-Ghaeilge agus, ainneoin go ndeachaigh mé chuig meánscoil Bhéarla, tá mo chroí istigh sa teanga.
meánscoil post-primary school
" Chuaigh mé chuig naíscoil agus bunscoil lán-Ghaeilge agus, ainneoin go ndeachaigh mé chuig meánscoil Bhéarla, tá mo chroí istigh sa teanga.
Ní foinse stairiúil príomhúil an leabhar seo this book is not a primary historical source
" Ní foinse stairiúil príomhúil an leabhar seo do Schama, ach a mhalairt de scéal fiú.
oideachas bunscoile primary schooling
" Tá an céatadán de dhaoine óga a chríochnaíonn oideachas bunscoile ag dul in airde, cé go bhfuil a dhá n-oiread níos airde i measc an chine ghil is atá sé i measc an chine ghoirm.
chúram príomhúil primary care
" D’imir O Reilly cluichí polaitíochta le liosta na n-ionad um chúram príomhúil.
scéal na n-ionad um chúram príomhúil the matter of the primary care centres
" Bhí scéal na n-ionad um chúram príomhúil, agus, le tamall anuas, an dóigh ar caitheadh le daoine tinne a raibh cárta leighis acu.
stádas dlíthiúil Churaclam Úr na Bunscoile legal status of the New Primary School Curriculum
" Dealraíonn sé go bhfuil éiginnteacht maidir le stádas dlíthiúil Churaclam Úr na Bunscoile.
na gceanneagraíochtaí of the primary organizations
" Anois go bhfuil ainmneacha na gceanneagraíochtaí fógartha faoi dheireadh ag Foras na Gaeilge, ceistíonn Donncha Ó hÉallaithe an bhfuil tús á chur le ré nua i leathnú na Gaeilge i measc an phobail nó an leanfar leis an seanchur chuige céanna.