Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cuireadh brú uirthi she was pressurized
" Shocraigh Madame Dati (nó cuireadh brú uirthi, dar le roinnt tráchtairí) dul ar ais ag obair cúig lá tar éis di a hiníon, Zohra, a thabhairt ar an saol.
cuireadh brú were pressurized
" Ní hiontas é nach mbíonn na taispeántais gan chonspóid agus cuireadh brú ar Premier Exhibitions an áit as a dtáinig na marbháin a dheimhniú agus an dóigh a bhfuair siad bás sular chriochnaigh siad reoite os comhair an tsaoil mhóir ina gcodanna de thaispeántas poiblí.
bhrúite pressurized
" Agus cad é a fuair siad rompu? Muintir bhocht chaite chráite bhriste bhrúite na hÉireann níos aimléisí agus níos anóití agus níos dramhsaí agus níos donasaí ná mar a bhí nuair a daoradh iad.
brú pressurize
" Ar an taobh eile den scéal, tuigim nach féidir brú a chur ar dhaoine dul ag scríobh.
brú a chur ar to pressurize
" Deir an tUasal Campfield gur cheart do bhaill an Tionóil agus an Fheidhmeannais a bheith ag gríosú an phobail ina iomláine le brú a chur ar rialtas *Westminster*.
brú a chur orthu pressurizing them
" Oibríonn sé níos fearr ná brú a chur orthu.
ag cur brú ar pressurizing
" 
Tá géarchéim geilleagair faoi lántseoil faoi láthair arís agus, arís eile, tá an lámh in uachtar ag baincéirí, amhantóirí, na forais airgeadais agus iad ag cur brú ar rialtais an fód a sheasamh amhail is nach bhfuil ann ach bealach amháin chun cinn.
agus iad faoi bhrú ag while being pressurized by
" Míníodh an foréigean mar léiriú feirge i measc dílseoirí ar fud an tuaiscirt, ach chonaic daoine eile lámh an UVF sa scéal agus iad ag iarraidh a neart a léiriú agus iad faoi bhrú ag an Historical Enquiries Team atá ag iniúchadh coireanna tromchúiseacha as a raibh an UVF freagrach.
nach bhfuilim ag cur brú rómhór ar na gasúir that I’m not pressurizing the children too much
" Uaireanta deir mo mhac ‘I do Irish at school, da, will you give me a break!’, agus caithfidh mé a bheith cúramach nach bhfuilim ag cur brú rómhór ar na gasúir.
Uisce faoi bhrú ard pressurized water
" Uisce faoi bhrú ard á chur go domhain faoi thalamh leis an ngás atá ann a bhrú aníos, mo léamh místuama féin ar an gceird sin, is chonac comharthaí go leor ag cur ina choinne.
ag cur brú ar pressurizing
" Thosaigh rialtas Hong Cong ag cur brú ar Snowden an áit a fhágáil, agus fuarthas é go tobann i Moscó.
brú a chur ar dhaoine óga to pressurize young people
" Níl a fhios agam an mbeifear in ann an deighilt seo a cheartú riamh, ach tá ciall le brú a chur ar dhaoine óga oiliúint a chur orthu féin.
ag cur brú ar údaráis pressurizing the (GAA) authorities
" Tá sé ag cur brú ar údaráis an CLG Páirc an Chrócaigh a líonadh le huisce ar na hócáidí sin agus go mbeidh sé féin ar ardán ar snámh i lár na páirce – díreach ar mhaithe le muintir na hÉireann a bheith ar a gcompord.
faoi bhrú ag na bainc pressurized by the banks
" Is ábhar imní do Mhatt Carthy ó Shinn Féin an mhoill ar an mbonn, “go gcuideoidh sé le teaghlaigh atá faoi bhrú ag na bainc glacadh le socruithe neamh-iniompartha maidir le haisíocaíochtaí.
brú a chur ar an Aire Dlí is Cirt pressurize the Justice Minister
" Caithfidh pobal na Gaeilge seasamh lena chéile agus brú a chur ar an Aire Dlí is Cirt an fhírinne a nochtadh faoi fhiosrúchán na nGardaí ar chás Dhomhnall Uí Lubhlaí dar le Breandán Delap.