Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chlaontacht prejudice
" Ar an drochuair, bíonn an chlaontacht chéanna le feiceáil i gcás an phionóis seo is a bhíonn i gceist i ngach gné eile den saol - agus nuair a dhéantar botún, ní féidir an scéal a chur ina cheart.
an-chlaonta prejudiced
" " Chuir mé in iúl don bheirt acu gur shíl mé go raibh an bharúil seo an-chlaonta ar fad, ach ní raibh siad sásta bogadh ar chor ar bith.
claondearcadh prejudice
" Bhí daoine áirithe freagrach as éagóir, bhí siad freagrach as claondearcadh, as idirdhealú, ach chomh maith leis sin ba léir dom an toradh uafásach a bhí ar an doirteadh fola nó ar an mbás ar chaon taobh.
claonta prejudiced
" De réir na tuarascála, "Report on the promotion and protection of the right to freedom of opinion and expression", tá mar a bheadh "libel chill" i bhfeidhm sa stát seo ar an ábhar go bhfeictear do na meáin gur snámh in aghaidh easa é cás clúmhillte a throid mar gur minic an giúiré claonta ina gcoinne.
in ainneoin na gclaontachtaí atá inár n-éadan despite the prejudices that are against us
" Oibríonn muid in ainneoin na gclaontachtaí atá inár n-éadan agus in éadan na teanga, agus tá muid gníomhach in obair thrasphobail chun dearcadh daoine a athrú agus chun rannpháirtíocht an phobail iomláin a éascú.
réamhchlaonadh seanbhunaithe an old-established prejudice
" An caighdeán oifigiúil ba chóir do chách a labhairt, dar leo - réamhchlaonadh seanbhunaithe atá ann.
claontuairim prejudice
" D'fhreagair Antonio Paolucci, an duine a bhí freagrach as athchóiriú taiscí ealaíonta agus séadchomharthaí stairiúla i bhFloráns, nach raibh tír ar bith eile ar domhan níos fearr ná an Iodáil ag athchóiriú saothar ealaíne, ag tabhairt le tuiscint gur mheas sé go raibh claontuairim in éadan na hIodáile i gceist sa chás seo.
claonta prejudiced
" Cuireadh in iúl do na healaíontóirí an mhí seo caite nach bhféadfaí an scannán áirithe seo a thaispeáint sa Tate de bhrí go ndéanfadh sé an giúiré atá ag éisteacht le cás Faryadi Sarwar Zardad san Old Bailey claonta.
claonta prejudiced
" Ach níl sé claonta – deir sé go ndearnadh coireanna uafásacha “ar an dá thaobh” – ag tabhairt aspalóide don tríú “taobh”, na Sasanaigh.
claonadh prejudice
" Tá an claonadh seo i dtreo Chonamara le feiceáil go háirithe sna meáin Ghaeilge.
réamhchlaonadh prejudice
" Sa mbliain 2007 tá idir chiníochas agus réamhchlaonadh in aghaidh daoine dubha fós sách coitianta inár sochaí.
réamhchlaontaí prejudices
" Táimid ag caint ar réamhchlaontaí i gcoinne dhuine ar bith atá bocht, gorm nó bundúchasach; réamhchlaontaí a théann siar go dtí gur ghabh máirnéalaigh Phortaingéileacha cuan is caladh na Brasaíle i 1501.
Dall ag a gClaontacht Féin blinded by their own prejudice
" Dall ag a gClaontacht Féin =========== Mar bharr ar an donas, is é ‘Bosporus’, ainm chaolas Iostanbúl, a thug údaráis na Gearmáine ar an meitheal bleachtairí a bhí i mbun an fhiosrucháin.
cur síos ar an réamhchlaonadh a description of the prejudice
" cur síos ar an réamhchlaonadh a bhí ann in aghaidh na n-imirceach sa chóras dlí agus in irisí mar The London Times agus Punch: *“The later exodus of men, women and children meant that migrants would carry an ongoing memory of hostility and culpable neglect at best, and more usually, an abiding communal recall of the consequences of imperial degradation…”* a dúirt sé linn.
claonta prejudiced
" Brown go láidir den tuairim go bhfuil an córas claonta i gcoinne daoine dubha agus grúpaí mionlaigh.
chlaontacht prejudice
" Tá an chlaontacht i gcoinne na nÉireannach beo beathach i Sasana, fiú sa chóras oideachais, mar a fuair Tony Birtill amach ag tús mhí na Nollag.