Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an saibhreas a bhí rompu sa cheantar the richness which preceded them in the area
" A fhad is a bhí sí ag déanamh taighde don mhórshaothar *Songs of a Hidden Ulster*, leabhar agus dlúthdhiosca a eiseofar i dtreo dheireadh na bliana seo, d'aithin sí go raibh "géarghá le cnuasach de na hamhráin seo amuigh i measc an phobail leathain, go háirithe i dTuaisceart Éireann, agus go háirithe do dhaoine nach bhfuil Gaeilge ar bith acu, go dtuigfeadh siad an saibhreas a bhí rompu sa cheantar.
a tháinig roimhe which preceded it
" Bhí cur chuige nua ag “Léargas”, i gcomparáid leis an chlár a tháinig roimhe, “Cúrsaí”.
a chuaigh romhainn preceding, before us
" Díreach ar mhúnla na nglún a chuaigh romhainn, is breá linn ár gcairde agus is mór againn an spraoi, an spriolladh agus an spórt; siamsa simplí an tsaoil, mar a déarfá.
Cluintear duine san áit nach bhfeictear é one’s fame precedes/proceeds where one does not
" Duaiseanna ===== Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais an leabhar seo: Sé an Saol an Máistir ========== Filíocht Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha Le Gearóid Denvir Cluintear duine san áit nach bhfeictear é, a deir an seanfhocal, agus breis agus deich mbliana tar éis a bháis anabaí tá glór breá láidir soiléir sin Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha le cloisteáil an athuair.
a tháinig roimhe which preceded it
" Meastar gur tháinig sé chun cinn le theacht na Críostaíochta in Éirinn leis an oidhreacht staire, chultúir, chreidimh, dhaonna a tháinig roimhe a chaomhnú.
roinnt daoine a chuaigh romham some who preceded me
" Is dóigh liom nach raibh mórán eolais a’m ar Sheanad Éireann ná ar a bheith i do sheanadóir roimhe seo ach go raibh fhios a’m roinnt daoine a chuaigh romham, Nioclás Ó Conchobhair agus Pól Ó Foighil mar a déarfá, agus níor thuig i ndáiríre cén bunús a bhí acub ó thaobh a bheith ag ceapadh reachtaíochta agus mar sin de, ach tá tuiscint i bhfad níos fearr a’m anois ar an ról poiblí.
ná na glúine a chuaigh rompu than the generations that preceded them
" Ní pobal iontach, foirfe iad an ghlúin óg i Meiriceá ach is é mo thuairim go bhfuil a aigne i bhfad níos oscailte ná na glúine a chuaigh rompu.
na máistreacha a tháinig roimhe the masters who preceded him
" Deirtear gur chaith Wallace formhór a shaoil róghonta cromtha leis na leabhair, agus más ea, is deacair an rud é nascanna beachta a dhéanamh idir a chuid scríbhneoireachta agus na máistreacha a tháinig roimhe.
na glúine a tháinig rompu the forbears who preceded them
" Pé rud a tharla do Phoblachtaigh laistigh de chórais éirice na Breataine ar an ‘tír mór’, bhí tionchar an-láidir aige ar aigne an phobail Náisiúnaigh lasmuigh de sin, gné a nascann Trioblóidí na nua-haoise le seantraidisiúin na bhFíníní agus na glúine a tháinig rompu agus ina ndiaidh.
a tháinig roimhe which preceded it
" Ach cén seans go mairfidh Seachtain nuair a theip go tubaisteach ar na nuachtáin Ghaeilge a tháinig roimhe? Na Foilseacháin Sainspéise Seo ============ Seanscéal agus meirg air is ea na deacrachtaí atá ag nuachtáin chlóite ar bhonn domhanda.
taibhsí na nuachtán clóite a chuaigh roimhe the specters of the print newspapers which preceded it
" Tuigim go gcaithfear cloí leis na bunriachtanais a leagfaidh an Foras síos – agus beidh taibhsí na nuachtán clóite a chuaigh roimhe ag guairdeall thart faoi chaolachaí an tí – ach is mar fhoilseachán ilmheáin go príomha ar cheart breathnú air.
na nglúnta a chuaigh romhainn the generations which preceded us
" Bíonn fírinne sna seanfhocail, fírinne a sháraíonn cúinsí ama agus na nglúnta a chuaigh romhainn.
chuaigh roimhe preceded it
" Cíorann Breandán Delap cuid de na hathruithe is suntasaí atá déanta ins an leagan chríochnúil den Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge 2010 le hais na Dréachstraitéise a chuaigh roimhe.