Bhain sé post amach
mar leas-phríomhoide i scoil i mBaile Átha Cliath a raibh 1,000 páiste ann – ach ní raibh an ceol ar an churaclam!
“Nuair a tháinig mé go Baile Átha Cliath ar dtús bhí leabharlanna ann óna dtiocfadh leat ceirníní a fháil ar iasacht agus fiú ag an am sin bhí go leor ceol traidisiúnta ón choigríoch ar fáil ar fadcheirnín agus bhí comhlachtaí ann ar nós Topic a chuir amach fadcheirníní de cheol na Bulgáire agus na hAfganastáine agus dá réir.