putrachán plobarthabloated/fat-cheeked clumsy person
Seo chugainn arís an Nollaig agus an fústar ar fad; an putrachán plobartha sa chulaith dhearg agus bhán ag gáire os ard, agus na mná óga dathúla ar fad ag stánadh go grámhar isteach ina shúile, mar dhea.
“Tá an Nollaig fuadaithe ag Cóca Cóla agus ag an phutrachán plobartha sin a thionscain siad,” a mhaíonn sé, “agus ní Brains Cowen atá i gceist agam!”
Breast Rúdolf!
Dar le Balor Bearránach go mb’fhearr go mór é féin mar Dhaidí na Nollag ná feolamán díolta Cóca Cóla.