Thabharfadh foireann na Mumhan le fios go bhfuil speach agus breis fós i rugbaí na tíre seo, ach is cosúil nach bhfuil foireann na hÉireann chomh maith agus iad ag imirt as baile is a bhíonn siad agus iad ag imirt ar an bhfód dúchais – is geall le himreoir breise é an lucht leanúna agus an fhoireann ag imirt sa bhaile.