Agus ós ag caint dúinn ar scliúchas sin Chorn na Cruinne, meabhraítear domh rud eile a déarfadh mo mháthair mhór fá dtaobh de na piteoga céanna: 'A chonách sin oraibh, a bhrealláin gan mhaith.
**Balor: Ar mhiste leat mé ag cur ceiste ort faoi chúrsaí oideachais, a Chú Chulainn? Cén áit a ndeachaigh tú ar scoil?**
Cú Chulainn: Scoil? Scoil? Ní raibh mise riamh ar scoil? Piteoga agus Caitlicigh agus Náisiúnaithe agus Poblachtaigh a théann ar scoil, Bhaloir.