Bíonn loingseoireacht deacair agus gach rud faoi sneachta, go mór mór nuair a bhíonn lánbhánú ann agus, ar ndóigh, bíonn piocóid oighir agus crampóin de dhíth mar go mbíonn an talamh chomh sleamhain sin.
Bhí crampáin orainn, piocóidí oighir inár lámha agus muid ceangailte le chéile le rópa ar eagla go dtitfeadh duine againn isteach san oighearscoilt, mar go bhfuil neart acu ann.
Ba é Jamie a bhí ag tiomáint, mar sin thug mé liom mo chuid trealaimh chuig a theach: dhá phiocóid oighir, crampáin, clogad, buataisí agus éadaí teirmeacha.
Déantar altán mar seo gan téadaí de ghnáth –‘soloing’ a thugtar air - agus mar sin caithfidh tú a bheith curamach gan titim! Má thiteann tú, caithfidh tú cosc a chur faoin siúl le do phiocóid oighir a thapúla is a thig leat le do bhás a sheachaint.