Bíonn líon éagsúil picteilíní ag saghsanna éagsúla ceamaraí, agus tá sé tábhachtach go mbeadh líon ard picteilíní ag ceamara chun go ndéanfadh sé radharc a thaifeadadh go cruinn.
Ach cad go díreach atá i gceist le teilifís ardghléine agus na greamáin “HD Ready” atá ar theilifíseáin i siopaí?
Go bunúsach, tá íomhánna HD i bhfad níos soiléire ná gnáthphictiúir theilifíse toisc go bhfuil níos mó spotaí beaga nó picteilíní sa phictiúr.
In Éirinn, bíonn 350 x 576 (= 201,600) picteilín i ngnáthphictiúr teilifíse, agus in HD is féidir le líon na bpicteilíní a bheith chomh hard le 1920 x 1080 (= 2,073,600).