Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ionsaithe fisiceacha physical attacks
" "Bíonn ionsaithe fisiceacha agus creachadóireacht ann fosta, agus ciníochas institiúdach - ní smaoiníonn siad ar riachtanais phobal s'againne.
fianaise fhisiciúil physical evidence
" Foinse bia agus peataí ======= Cad é an dóigh a tháinig na hainmhithe go hÉirinn a bhí ann ina dhiaidh sin? B'fhéidir go raibh droichead talaimh idir Éirinn agus an Bhreatain ag an am, ach níl fianaise fhisiciúil againn go raibh a leithéid ann.
ionsaí fisiciúil physical attack
" Bíonn sé le cloisteáil go rialta ó mhionlaigh éagsúla atá ag maireachtáil in Éirinn go mbíonn daoine dá gcuid faoi ionsaí fisiciúil agus béil ó dhaoine ar Éireannaigh ó dhúchas iad.
theorainneacha fisiciúla physical boundaries
" Déanann seo timpeallacht neamhchoitianta d'Appalachia, deighilte amach ag a theorainneacha fisiciúla ó Mheiriceá uirbeach, ag coinneáil an tsíorfháis fhobhailtigh ó dhoras, agus an caolú cultúir a tharlaíonn nuair a fhéachann daoine le bheith mar chuid den "melting pot", coincheap a bhfuiltear fós tógtha leis.
chruth fisiciúil physical appearance
" Ó shin i leith tá forbairt as cuimse ag teacht ar infrastruchtúr agus ar chruth fisiciúil Bhéal Feirste.
infrastruchtúr fisiciúil physical infrastructure
" Feabhas mór ar infrastruchtúr fisiciúil na Gaelscolaíochta.
infrastruchtúr fisiciúil physical infrastructure
" Feabhas mór ar infrastruchtúr fisiciúil na Gaelscolaíochta.
ionsaí fisiceach physical assault
" Ní hamháin sin ach b'fhéidir go ndéanfadh gealt éigin ionsaí fisiceach ort le teann feirge ar nós mar a tharla cúpla bliain ó shin i gcás réiteora áirithe i mBaile Átha Cliath.
chun timpeallacht fhisiciúil na Gaeilge a neartú to strengthen the physical environment of Irish
" ar fud na hOllscoile chun timpeallacht fhisiciúil na Gaeilge a neartú.
fhisiceach physical
" Deir cuid acu go gcuireadh sé an-bhrú orthu sa traenáil fhisiceach agus go gcumadh sé triallacha éagsula de réir mar a bhí sé ag dul ar aghaidh.
dea-bhail fhisiciúil agus mhothúchánach physical and emotional well-being
" In ainneoin áit lárnach an bhia i gcultúr Mheiriceá agus bhunriachtanais an nádúir dhaonna, áfach, tá sé riachtanach go bhféachfaí ar bhia mar chomhpháirt de shláinte mhaith seachas mar bhac ar shláinte mhaith, más mian linn dea-bhail fhisiciúil agus mhothúchánach a bhaint amach.
thraenáil fhisiciúil physical training
" " Ach bhí go leor oibre le déanamh, idir thraenáil fhisiciúil agus chúrsaí coláiste.
foréigean gnéasach nó fisiciúil sexual or physical violence
" Is minic leis gur géarchéim phearsanta i saol duine, ar nós briseadh caidrimh, bás, nó foréigean gnéasach nó fisiciúil sa bhaile, a bhrúnn duine amach ar na sráideanna.
an oidhreacht fhisiciúil the physical heritage
" Bunaíodh Oidhreacht Chorca Dhuibhne i 1980 chun díriú ar gach gné den oidhreacht - abair an oidhreacht fhisiciúil agus an oidhreacht teangan.
diúltú do chaidreamh fisiciúil to refuse a physical relationship
" Is éard atá i gceist le híonacht ghnéasach, a deir an clár le daoine óga, ná "diúltú do chaidreamh fisiciúil a spreagann tú go gnéasach"; is gá dóibh, mar sin, staonadh ó chaidreamh collaí agus gnéas béil, agus níl cead acu lámh a leagan ar bhaill ghnéis a chéile, go dtí go bpósann siad.
chorpoideachas physical education
" Creideann sé go láidir sa chorpoideachas agus san oiliúint chuí agus cheart.
an lámh láidir physical force
" Ó thaobh na bpoblachtánach de, nuair a bhíonn an lámh láidir in úsáid acu, is é a bhíonn ar siúl acu ná "housekeeping" - ag iarraidh smacht "carthanach" a choinneáil ar a bpobal.
dochar fisiceach physical harm
" Buíochas le Dia, bhí siad ábalta an trioblóid ar an díon a réiteach gan dochar fisiceach bheith déanta d’Emile.
éilimh fhisiciúla physical demands
" Rinneadh anailís ar na postanna de réir sé shlat tomhais éagsúla: timpeallacht, teacht isteach, deiseanna sa todhchaí, éilimh fhisiciúla, daingneacht agus strus.
teagmháil fhisiciúil physical contact
" Tá breis is 40 píosa le feiceáil ann, ina measc dealbhóireacht, suiteálacha, grianghrafadóireacht, taibh-ealaín agus scannáin, agus tógann an t-ealaíontóir muid ar thuras, a dhéanann teagmháil fhisiciúil leis na céadfaí agus a spreagann iontas, greann agus, in amanna, míshuaimhneas ionainn.
go bhfuil lá na láimhe láidre thart that physical force has had its day
" Caithfidh an ráiteas cur ina luí ar na haontachtaithe go bhfuil lá na láimhe láidre thart ó thaobh na bpoblachtánach de.
íde fhisiciúil na muc is na madraí physical bad treatment
" Bhagair sé íde fhisiciúil na muc is na madraí ar Bhalor Bocht dá bhfoilseodh sé mar scéala eisiach an méid a chonaic sé.
suaitheadh coirp physical exercise
" Ach é sin ráite, is dóigh liom gur féidir a rá go bhfuil sé go maith do shláinte an duine go mbeadh aclaíocht nó suaitheadh coirp de shaghas éigin mar chuid dá shlí mhaireachtála, is é sin gur rud sláintiúil é an spórt, bíodh sé i bhfoirm reatha nó siúil nó snámha nó dreapadóireachta nó cluichí foirne (níl snúcar ná dairteanna inghlactha mar spórt sa chomhthéacs seo!) Maidir le buachaillí scoile nach bhfuil in ann rith ach ar éigean, is dóigh liom gur údar imní é sin do phobal na tíre i gcoitinne go bhfuil a leithéid ann agus ba chóir go mbeadh sé ina údar imní dá dtuismitheoirí.
staid an chorpoideachais the state of physical education
" Níl a fhios agam cén saghas plean atá ag an aire, ach mar thús, d’fhéadfadh sí iarraidh ar an Aire Oideachais féachaint ar staid an chorpoideachais sna bunscoileanna agus ar an mbealach nach ndéanann an státchóras freastal ar ghasúir na tíre, dar le suirbhéanna éagsúla.
an choimhlint fhisiciúil the physical conflict
" Ní bheadh an scéal chomh dona céanna, is dóigh, dá mba rud é gur tharla an t-aicsean go léir ar an bpáirc i measc na n-imreoirí, ach toisc gur scaip an choimhlint fhisiciúil ón pháirc imeartha go dtí an limistéar ar an taobhlíne agus in aice lucht leanúna, bhí an seans ann go ngortófaí duine nó daoine.
chuir ar a súile dóibh go raibh lá na láimhe láidre thart persuaded them that the time for physical force was over
" ” Thug an páirtí ról do na fir chrua ina measc, chuir ar a súile dóibh go raibh lá na láimhe láidre thart agus go mbainfeadh siad a gcuspóir amach trí mheán na polaitíochta.
a shláinte fhisiceach agus intinne his physical and mental health
" Bhí sé ina chillín aonair ar feadh i bhfad, áit a ndeachaigh a shláinte fhisiceach agus intinne in olcas.
a laghad sin den imirt fhisiciúil so little physical play
" Ach rud eile a thugas faoi deara freisin ná go raibh a laghad sin den imirt fhisiciúil sa chluiche i 1995 – teagmháil phearsanta, mhífhéaráilte ar nós tarraingt geansaí, greim láimhe ar chéilí comhraic agus úsáid mhídhleathach na gualainne, drochnósanna na peile le bheith macánta faoi, agus nósanna a thug Cill Chainnigh, go bhfóire Dia orainn, thar aon fhoireann eile chun “foirfeachta” i gCraobh na hÉireann in 2006.
teagmháil phearsanta, mhífhéaráilte unfair physical contact
" Ach rud eile a thugas faoi deara freisin ná go raibh a laghad sin den imirt fhisiciúil sa chluiche i 1995 – teagmháil phearsanta, mhífhéaráilte ar nós tarraingt geansaí, greim láimhe ar chéilí comhraic agus úsáid mhídhleathach na gualainne, drochnósanna na peile le bheith macánta faoi, agus nósanna a thug Cill Chainnigh, go bhfóire Dia orainn, thar aon fhoireann eile chun “foirfeachta” i gCraobh na hÉireann in 2006.
ionsaí fisiciúil, déanach a late physical challenge
" Bhí na craoltóirí mícheart ar fad, dar liom, nuair a cháin siad cinneadh an réiteora mar bhí sé soiléir (domsa ar aon nós) go ndearna John Carroll ionsaí fisiciúil, déanach lena ghualainn ar imreoir eile a bhí tar éis a sliotar a imirt gar don taobhlíne ar bhealach a bhí an-chontúirteach.
an lámh láidir physical force
" Dá mbeadh Sinn Féin sa rialtas le Fianna Fáil ó dheas – an Páirtí Poblachtánach agus an Páirtí Níos Poblachtánaí? – is cinnte go mbeadh siad ag brú athaontú na tíre chun tosaigh, ní fríd an lámh láidir ach fríd mhéadú líon na bhforas trasteorann.
a gcoirp fhisiciúla their physical bodies
" Dar le scéalta na Maorach, téann spioraid chun na háite seo i ndiaidh dóibh a gcoirp fhisiciúla a fhágáil.
ceangal fisiciúil, a physical connection,
" Is dráma é atá thar a bheith go maith, ach, anuas air sin, ag pointe amháin bhí an chuma ar an lucht féachana gur chuid den dráma iad, gur bhraith siad ceangal fisiciúil, chóir a bheith, leis an scéal a bhí á insint ar an ardán.
ach ag fir amháin atá an acmhainn fhisiceach agus mhothúchánach but only men have the physical and emotional resoures
" Bheadh bean sásta bás a fháil ar son a páistí féin, ach ag fir amháin atá an acmhainn fhisiceach agus mhothúchánach le strainséirí a shábháil.
lúth. physical ability
" Cuireann tú neart ionam, láidreacht is lúth.
lúth physical ability
" Bhí sé ag caoineadh na laethanta nach dtiocfadh ar ais: ‘Cad a dhéanfaimid feasta gan snaoisín?’ Tá amhras anois faoi lucht lúthchleasa an domhain Nach n-úsáideann a gcloigeann faoi steroids, ochón.
fadhbanna fisicúla, ólacháin nó caidrimh physical, drink or relationship problems
" Níor fhág The Dark a árasán in Divis Tower go minic ach dúirt sé go raibh na céadta cosúil leis, iarphríosúnaigh a raibh fadhbanna fisicúla, ólacháin nó caidrimh acu nó an galar dubhach orthu.
na scileanna fisiceacha. the physical skills.
" Is í an aidhm a bhíonn i gceist, dar ndóigh, ná bua a bhaint amach agus, dá bhrí sin, is gá cúram a dhéanamh de na próisis intinne chomh maith leis na scileanna fisiceacha.
ó dhearadh fisiciúil na mbábóg from the physical design of the dolls
" “Níl siad ag iarraidh go ndiúltódh mná dóibh, agus dá bhrí sin bíonn fonn orthu smacht a bheith acu ar gach rud – ó dhearadh fisiciúil na mbábóg go dtí an ‘saol’ atá i ndán dá ‘bpáirtí’.
laethanta móra fisiciúla big physical days
" D'ordaíodh muid béilí móra nó bhí laethanta móra fisiciúla i gceist (nó mar gur *muck-savages* muid, i bhfírinne!) agus d'ítheadh muid siar achan ghreim.
galair thromchúiseacha fhisiceacha agus mheabhracha serious physical and mental diseases
" Taispeántar íomhánna de dhaoine atá i ndiaidh a saol a chaitheamh in institiúidí atá ann dóibh siúd a bhfuil an meabhairghalar orthu; de phian agus d’éadóchas; de dhaoine a bhfuil galair thromchúiseacha fhisiceacha agus mheabhracha orthu.
gcorpoideachas physical education
" Ba mhaith leis staidéar a dhéanamh ar an gcorpoideachas i Luimneach, ach bhí an pheil níos láidre i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh.
mianta na colainne physical desires
" Feicimid mianta na colainne agus an dóigh ina bhfuil an grá corportha scríofa ar théacs na teanga féin.
cholainne physical
" Rugadh é le pairilis cheirbreach (*Cerebal Palsy*) - éalang cholainne a d’fhág é gan aon smacht aige ar thromlach a mhatán.
collaíochta physical(ity)
" Ní fhágtar mórán fán tsamhlaíocht i léiriú na collaíochta céanna.
bheatha shaolta physical life
" Múineann an geimhreadh dúinn nach bhfuil sa bheatha shaolta seo ach roth mór a bhogann timpeall go mall agus go síoraí.
corpoideachais physical education
" Albanach mórtasach agus múinteoir corpoideachais ab ea McLaren agus ar feadh caoga bliain nach mór suas go dtí casadh an chéid, ba é a ghuthsan a bhí inaitheanta mar ‘ghuth an rugbaí’ ar an mBBC.
áilleacht cholainne physical beauty
" Dúirt an stairí ealaíne, Vasari, sa 16ú aois gur ‘il divino’ a bhi ann, cruthaithe ag Dia mar bharrshamhail den duine mar ba cheart don duine a bheith in achan bhealach idir filíocht, ealaín agus áilleacht cholainne.
ainmhianta na colainne physical lust
" Comharthaíonn Tityus an céasadh a fhulangaíonn duine atá ina sclábhaí ag ainmhianta na colainne.
ciúta collaíochta physical hint
" Ar láimh amháin, bhí teagasc mórálta i gceist leis na pictiúir seo, ach bheadh sé deacair an ciúta collaíochta a sheachaint iontu chomh maith agus is féidir go raibh suiríocht indíreach i gceist ag Michelangelo fosta.
cholainne physical
" , i ndiaidh a rá libh sa Teach anseo an lá cheana, go dtuigeann an Roinn s’aige an tábhacht a bhaineann le hobair an phortaigh don tsláinte intinne go forleathan faoin tuaith chomh maith leis an tsláinte cholainne.
cholainn saolta physical body
" Bhí cuma neamhdhaonna air ar bhealach: é ina chraiceann dearg, an dath liathghorm air, agus a cholainn saolta fliuch agus craptha.
choscairt chnáimhe physical slaughter
" Líon na Sibhialtach ========== Ba é buamadóir féinmharfach a shíob an carr agus a d’fhág an choscairt chnáimhe, caillteanais agus crá croí ina dhiaidh.
mhianach na gcorp seo physical composition
" Bhí sé i gceist aici taighde a dhéanamh ar an chóras imdhíonachta agus ar mhianach na gcorp seo ag an tús, ach baineadh geit as achan duine nuair a thosaigh roinnt cealla ag nascadh in áit a bheith ag troid i gcoinne a chéile agus is ar an chomhtharlúint neamhghnách seo atá an saothar bunaithe.
chíocras áilíosach physical craving
" ’ Ceapann go leor eile, áfach, nach bhfuil iontu ach aisfhreagra ar chíocras áilíosach na nuachtán thablóideacha: *It is the natural consequence of unwarranted tabloid intrusion into the bedrooms of assorted celebrities and, as such, does not threaten proper journalism.
coirp physical
" Dheimhnigh sí go raibh sé ina shláinte, in ainneoin na ráflaí uafásacha a bhí ag dul timpeall go ndearnadh céasadh intinne agus coirp air, ach dhearbhaigh sí go raibh sé faoi bhrú intinne.
riachtanais fhisiceacha physical necessities
"riachtanais fhisiceacha na leadóige go maith ag Daithí– sithiúlacht, luas, neart, comhordú, scil agus teicníc.
Ollamh le Corpeolaíocht a physical education professor
" Ollamh le Corpeolaíocht, le Tíreolaíocht agus le hEolaíochtaí um Shláinte Imshaoil is ea é.
neart a ghéag his physical presence
" Seo *‘Everyman’*, nó *‘Everyleanbh’*, agus sciobtar na cosa amach fúinn i bhfianaise ‘ghlaine a chroí, neart a ghéag’ agus an ‘beart de réir a bhriathair’.
chleachtadh coirp physical exercise
" Déarfadh lucht siúl sléibhe, ar láimh amháin, gurb é an leas coiteann é cead a thabhairt d'achan saoránach a bheith ag spaisteoireacht faoin tuaith ina thír féin, spreagadh a thabhairt do chleachtadh coirp amuigh fán spéir agus borradh a chur faoi gheilleagar turasóireachta na tíre.
nach raibh lúth na lámh ná na gcos acu fosta they didn’t have any physical movement/ability either
" B’fhéidir nach raibh lúth na lámh ná na gcos acu fosta.
ba mhór aige siúd crógacht fisiciúil agus fuarchúis shóisialta he admired physical courage and social indifference
" Ciarraíoch agus póilín ab ea athair an scoláire Donoghue a fuair post san RUC agus ba mhór aige siúd crógacht fisiciúil agus fuarchúis shóisialta.
idir mhaitheas aigne agus colainne both mental and physical benefit
" Déanfaidh sé Leas agus Leigheas =============== Agus cad faoi thábhacht an gháire féin? Tá maitheas sa gháire, idir mhaitheas aigne agus colainne, creid é nó ná creid.
ar bhreoiteacht chorpartha agus intinne against physical and mental illness
" Is frithnimh chumhachtach é an gáire, fiú an gáire gáifeach ar strus, ar bhreoiteacht chorpartha agus intinne agus ar an teannas a bhraithimid ar bhonn laethúil i réimse na hoibre agus sa tsochaí aisteach uirbeach iar-nua-aoiseach seo a bhfuilimid go léir ag streachailt léi i gcónaí.
an dreach fhisiciúil the physical features
" Bhí an tionchar le feiceáil in achan ghné den tsochaí agus go háirithe ar an dreach fhisiciúil - an dealbhóireacht, an ailtíreacht agus an phéintéireacht agus ba iad na baincéirí fosta a thug tacaíocht do bharrshamaileacha daonnachais, an fhealsúnacht a spreag an Athbheochain sa chéad dul síos.
i bponc fisiciúil uafásach in a terrible physical predicament
" Dhearbhaigh na breithimh ná féadfhaidís aon fhaoiseamh a thabhairt do Mrs Fleming toisc: ‘*the State has provided ample evidential basis to support the view that any relaxation of the ban on assisted suicide would be impossible to tailor to individual cases…*’ Ach ní fíor sin i gcás Mrs Fleming amháin toisc gur aithin na breithimh go raibh sí i bponc fisiciúil uafásach agus go raibh a fear chéile sásta cabhrú léi (amháin) deireadh a chur lena fulaingt muna gcuirfeadh an DPP isteach air ex post facto.
ar bhuanna fisiciúla about the physical capabilities
" Is féidir an straitéis seo a bhrath san aiste a scríobh Wallace ar bhuanna fisiciúla Roger Federer, an laoch leadóige Eilbhéiseach, fé theidil, Roger Federer as religious experience.
an nasc idir an tírdhreach fisiciúil the link between physical landscape
" Fear na dtéamaí ollmhóra é, téamaí cosúil le Réabhlóid na Fraince, ré órga na hÍsiltíre nó an nasc idir an tírdhreach fisiciúil agus an chuimhne dhaonna.
a bhfuil teagmháil fhisiceach which have physical contact
" Cén Fáth an Leithcheal? ========== Nílim cinnte faoi cén míniú atá ar an scéal seo ach sílim go mb’fhéidir nach bhfuil a lán fear, agus go leor ban chomh maith, ar a suaimhneas leis an smaoineamh go mbeadh mná, is é sin iníonacha, deirfiúracha, mná céile is eile ag imirt spórt a bhfuil teagmháil fhisiceach ag baint leo agus méid áirithe contúirte chomh maith.
rinne cur síos ar a mheath tapaidh fisiciúil described the fast physical demise
" Scríobh Hitchens leabhar sainiúil deireanach darbh ainm Mortality, cnuasach aistí ilghnéitheacha a rinne cur síos ar a mheath tapaidh fisiciúil.
gnéithe fisiceacha physical aspects
" Tá sé fíor-riachtanach córas ainmniúcháin geografach a thagann faoi chúram údarás amháin a chur i bhfeidhm in Éirinn chun gnéithe fisiceacha agus áiteanna pobail a ainmniú.
beag beann ar an chontúirt oblivious to the (physical) danger(s)
" Ach bhí mé chomh tógtha sin go léireofaí Ré Dhamhsa i mBéal Feirste mar gheall ar an obair atá ar siúl ag Linda Ervine agus a comhghleacaithe ag an East Belfast Mission agus iad ag cur na Gaeilge chun cinn ansin, beag beann ar an chontúirt fhisiciúil atá ann dóibh a leithéid a dhéanamh.
mí-úsáid chorpartha physical abuse
" Tá aithne ag an mbeirt chailíní seo ar a chéile le blianta fada; chaitheadar beirt a n-óige i ndílleachtlann ghruama mar ar fhulaingíodar mí-úsáid chorpartha agus ní fios cad eile tráth den saol.