Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ráiteas fealsúnach philosophical statement
" "An rud is measa a thiocfadh leat a rá faoi ná gur píosa leictreonach atá ann, an rud is fearr ná gur ráiteas fealsúnach atá i gceist aige," a dúirt sí.
fealsúnach philosophical
" " Tá sé fealsúnach faoi, áfach.
fealsúnach philosophical
" Le teacht na Nollag gach aon bhliain éiríonn Laoch na Litríochta uascánta, maoithneach agus rud beag fealsúnach, fiú.
fealsúnacha philosophical
" Cibé cén chúis atá leis, measann go leor leor tiománaithe sa tír sin go bhfuil sé oiriúnach agus fiú riachtanach a gcuid luachanna polaitiúla, reiligiúnda agus fealsúnacha a thaispeáint ar a gcarr, sa dóigh is go bhfeicfidh an domhan mór iad.
fealsúnach philosophical
" Cad é, mar sin, atá i ndán do Mharla bheag? Tá a máthair fealsúnach agus í ag caint faoin todhchaí.
blianta lácha na fealsúnachta the kind philosophical years
" “Bhíos seacht dtroithe ar airde an lá sin,” a deireadh Pat, mac an ghabha as Díseart Diarmada, agus blianta lácha na fealsúnachta ag síneadh amach roimhe.
fealsúnach philosophical
" Ach tá sé fealsúnach ar phointe seo an aiféala - dar leis gur faoi gach duine a dhearmaid féin a dhéanamh.
an aeráid pholaitiúil agus fhealsúnach the political and philosophical climate
" D’athraigh an aeráid pholaitiúil agus fhealsúnach ar fud na Stát Aontaithe, a deir Kruass, ach go háirithe in Alasca.
fealsúnacht philosophical
" 'Daoine a Itheann Daoine' le Mícheál Ó Ruairc ==================== Bailiúchán samhlaíoch gearrscéalta anseo ó Mhícheál Ó Ruairc, a chéad chnuasach do dhaoine fásta, ina gcaitheann sé súil spraíúil, ghrinn ar cheisteanna na linne ina bhealach éagsúil, áibheileach féin: canablacht agus ciníochas, gliúcaíocht agus fealsúnacht, dílseacht agus grá, feall agus éad, fir mná agus muca - lón machnaimh agus pléisiúir don té a thabharfaidh faoi.
fealsúnachta philosophical
" Ach ní taobh leis an bhfilíocht phoiblí amháin a bhí an file; gheofar sa leabhar seo freisin cuid den fhilíocht mhachnamhach, aigneolaíoch agus fealsúnachta is fearr ó bhí Raiftearaí agus a chomhfhilí ina sea: cumha i ndiaidh an bhaile, uamhan i leith an nádúir, machnamh domhain ar chúrsaí spioradálta agus cráifeacha.
cúrsaí fealsúnachta philosophical matters
" Ach oíche Nollag féin, bhí an iomarca oibre le déanamh le bacadh go rómhór le cúrsaí fealsúnachta.
fealsúnachta agus stairiúil ar leith a particular historical and philosophical (tradition)
" Ag Coimhthiú ===== Tagann cumhacht scripteanna Milch as traidisiún fealsúnachta agus stairiúil ar leith, an traidisiún sin a chuireann bearna idir imeachtaí an lae inniu agus imeachtaí ár sinsear.
an ghné fhealsúnach the philosophical aspect
" Chomh maith leis an ghné fhealsúnach a bhaineann le nádúr an domhain, tá an scéal daonna ag baint leis fosta.
rud éicint fealsúnta nó suntasach faoin eachtra something philosophical about the incident
" Feicfear fearg orthu ó thráth go céile, ach síothlaíonn siad de réir a chéile, agus arís, déarfaidh siad rud éicint fealsúnta nó suntasach faoin eachtra a chuir fearg orthu roimhe sin.
ceisteanna móra fealsúnacha seo these big philosophical questions
" Níl ach dornán an-bheag de scannánóirí an lae inniu a bhfuil na ceisteanna móra fealsúnacha seo, mar a bhaineann siad leis an gcine daonna i gcoitinne, á scrúdú acu.
laistigh d’allagar fealsúnach ilghnéitheach within a diverse philosophical discourse
" Foilsíodh leabhar spéisiúil ar na mallaibh Cinema and Evil: Moral Complexities and the Dangerous Film le Dara Waldron a chíorann freagra scannánóirí ar nós Michael Haneke, Gus Van Sant, na deartháireacha Dardenne agus Lynne Ramsay ar cheist an oilc laistigh d’allagar fealsúnach ilghnéitheach a chuimsíonn smaointeoirí chomh héagsúil lena chéile agus Kant, Heidegger, Bataille, Arendt, Lacan agus Levinas.
i smaointí teibí fealsúnachta in philosophical abstract thoughts
" Níor fheil an féinscrúdú do Margaret óg, agus ba bheag a spéis, de réir dealraimh, i smaointí teibí fealsúnachta taobh amuigh dá páirtí caomhach muirneach.
rud beag níos fealsúnta a little more philosophical
" Ag deireadh an leabhar téann sé i ngleic le ceisteanna atá rud beag níos fealsúnta.
aon leabhar fealsúnachta a léamh read any philosophical book(s)
" Tá sé ag lorg na bhfreagraí gach lá agus ní gá domsa aon leabhar fealsúnachta a léamh anois.
prionsabal fealsúnachta bunúsach basic philosophical principal
" Bunaíodh an duais in onóir Alan Turing a scríobh faoi mheaisíní machnaimh in 1950 is a chur an cheist: “*Are there imaginable digital computers which would do well in the imitation game?*” Is é seo prionsabal fealsúnachta bunúsach i gcúrsaí intleacht shaorga (IS) atá fós á phlé 60 bliain i ndiaidh bás Turing.
féith na fealsúnachta the philosophical element
" Scaoileann Ciarán Mac Aonghusa le féith na fealsúnachta in iarracht a theacht ar thuiscint éigin ar scéal aduain a thit amach san Ostáir ar na mallaibh, scéal mhuintir Fritzl.