Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Beidh sí ag ceastóireacht she'll be pestering/annoying you (with questions)
" Beidh sí ag ceastóireacht mar a bheadh an diabhal ort.
Stadaigí a cheastóireacht orm stop pestering me
" Bhí an mac ag mairgní fá dheirfiúr a bheith ag tabhairt drochíde air go dtí gur dhúirt an mháthair, "Stadaigí a cheastóireacht orm, tabhair suaimhneas domh nó ní bhfaighidh duine amháin agaibh uachtar reoite.
ag ceastóireacht orm pestering me
" Tá siad ag ceastóireacht orm ó mhaidin go hoíche," arsa Máire.
á gcrá pestering them
" Gabh mo leithscéal! Sin an bheirt nach cóir a bheith á gcrá.
ciapadh pestering, annoying
" Léiríonn údar oirirc Meiriceánach i leabhar nua spleodrach an chaimiléireacht atá ag ciapadh na Stát Aontaithe le fada an lá, dar leis.
cráite pestering
" Is fada Balor sa tóir ar Bhiffo chun an t-agallamh seo a chur air, agus is fada Biffo ag seachaint Laoch na Litríochta cionn is go raibh a fhios aige nach mbeadh drogall ná doicheall dá laghad ar Bhalor na ceisteanna crua cráite a chur.
cráite pestered
" Bhíos beagánín cráite.
chránn pesters, bothers
" Gortaithe iad seo a chránn imreoirí agus a chuireann srian ar a gcuid imeartha ar feadh tréimhsí fada go minic.
chráigh pestered
" Déanta na fírinne, ba shuarach m'aird ar an gcathair bheag chéanna murach gur thógas an seanghalar úd a chráigh daoine riamh anall, braistint an ghrá, rud a thug anseo mé tamaillín ó shin.
a chránn cuid mhór de bhunadh an domhain which pester a lot of the world’s population
" An glanadh is inmholta a rinneadh de bharr fhéile na bliana seo ná gur ruaig an deatach mórán de na múiscítí, na míoltóga mallaithe úd a chránn cuid mhór de bhunadh an domhain.
beidh mé cráite aige I’ll be pestered with him
" Agus é anois díomhaoin beidh mé cráite aige.
na fadhbanna a chránn iad araon a réiteach to settle the matters which pester them both
" Measann daoine atá in eadan an vóta gur cuntas seiceach cloigeann a bheas ann, ach sin mar a bunaíodh an Stát sa chéad dul síos! Bhí ciall sa rud a dúirt an feisire sóisialach, Joe Higgins, sa Dáil an tseachtain seo nuair a dúirt sé gur córa go mbeadh an aicme oibre Chaitliceach agus an aicme oibre Phrotastúnach ag caitheamh dua le theacht le chéile leis na fadhbanna a chránn iad araon a réiteach in áit a bheith gafa ag ceisteanna ceannasachta.
lena chiapadh to pester him
" Chuaigh Balor go nimhe neanta caol gach díreach i ndiaidh ceannaire an Lár-Ghníomhaíocht Faisnéise i Ros Comáin lena chiapadh le ceisteanna.