Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag iarraidh a bheith ag áiteamh ar trying to persuade
" " Bhíodh Mac Coille agus iriseoirí eile sa tuaisceart ag iarraidh a bheith ag áiteamh ar a gcomhghleacaithe ó dheas cur i gcoinne na cinsireachta agus ba chúis mhór díomá dó nach raibh ach fíorbheagán acu sásta seasamh a ghlacadh ar an cheist.
ag tuineadh persuading
" 'Choinnigh an compord í sa gcruth ina raibh sí, a súile ag tuineadh le cinneadh ciallmhar.
cur ina luí air to persuade him
" Ag an chruinniú, a tharla ina theach i mBaile Átha Cliath, deir an Ceannfort Trears gur deineadh iarracht cur ina luí air oibriú do sheirbhísí rúnda na Breataine agus gur dhiúltaigh sé.
tathant ar dhaoine to persuade people
" Thuig Fianna Fáil go luath go raibh Fine Gael chun toghchán tubaisteach a bheith acu agus creideadh go bhféadfadh a leithéid de ráiteas tathant ar dhaoine a bhí i dtaithí ar vóta a chaitheamh do Fhine Gael, aistriú go Fianna Fáil.
cur ina luí ar dhéagóirí to persuade teenagers
" Tá sé molta i gcáinaisnéis Bush go gcuirfí $270 milliún ar fáil do chláracha a bhfuil sé mar chuspóir acu cur ina luí ar dhéagóirí gur cheart dóibh staonadh ó ghnéas - sin dhá oiread is a cuireadh ar fáil do na cláracha seo anuraidh.
an dubh a chur ina gheal ar phobal na tíre to persuade the people of the country that black was white
" Rinne sé iarracht an dubh a chur ina gheal ar phobal na tíre, mar shampla, agus casadh dearfach a chur ar rialú na Cúirte Eorpaí gur sháraigh Rialtas na hÉireann dlí na hEorpa nuair a thóg siad a gcás i leith Sellafield chuig na Náisiúin Aontaithe.
dá bhféadfaimis áiteamh ar dhaoine to persuade people
" Is dóigh go raibh an-mhisneach againn nuair a chreid muid dá bhféadfaimis áiteamh ar dhaoine, bídís ina n-iriseoirí nó bídís ina mbaill den phobal, breathnú ar na cláracha sula dtabharfaidís breithiúnas, go n-éireodh linn.
chuir ar a súile dóibh go raibh lá na láimhe láidre thart persuaded them that the time for physical force was over
" ” Thug an páirtí ról do na fir chrua ina measc, chuir ar a súile dóibh go raibh lá na láimhe láidre thart agus go mbainfeadh siad a gcuspóir amach trí mheán na polaitíochta.
ní éireoidh linn cur ina luí ar bheirt tuismitheoirí we won't manage to persuade two parents
" “Is cuma cad é a dhéanfaimid ní éireoidh linn cur ina luí ar bheirt tuismitheoirí teanga (dhúchasach) a labhairt lena bpáistí, agus sin an cheist is lárnaí i gcúrsaí marthanais teanga, ar ndóigh.
cur ina luí to persuade
" D’éirigh le Drewe cur ina luí ar a chomhchealgaire Myatt saothair de chuid na n-ealaíontóirí is mó a bhfuil aithne orthu sa domhan a chóipeáil.
le háitiú ar mhuintir an tí to persuade the people of the house
" Agus teach príobháideach i gceist, ní féidir le heagraíocht nó áisíneacht stáit dul thar thairseach an dorais le háitiú ar mhuintir an tí gur chóir dóibh Gaeilge a labhairt.
d’áitigh persuaded
" Ar amharaí an tsaoil, ní raibh sé ann ar mhaidin 11 Meán Fómhair mar d’áitigh a bhean air nár cheart dó coinne lena dheirmeolaí a chailliúnt.
á áitiú persuading
" Bagairt na Creimile ======== Ar ais ag Fóram an Artaigh, bhí Artur Chilingraov ag iarraidh beag is fiú a dhéanamh den achrann, á áitiú arís gur ar son na heolaíochta amháin a bhí a éacht féin.
ag áitiú ar persuading
" Tuairiscitear gur chaith Rúnaí Stáit Hillary Clinton ocht n-uaire an chloig ag áitiú ar Netanyahu glacadh leis an mbreab gan an dlí idirnáisiúnta a bhriseadh (seachas in Iarúsailéim Thoir) ar feadh trí mhí.
áitiú ar persuade
" D’fhéadfaí áitiú ar lucht a eagraithe go bhfuil gach duine de na daltaí scoile i bPoblacht na hÉireann a bhfuil an comórtas dírithe orthu ag foghlaim na Gaeilge agus má tá €5,000 ar fáil don bhuaiteoir, ní bhrisfeadh sé an banc dá mbeadh €1,000 breise ar fáil ach an iarracht a bheith i nGaeilge nó dátheangach.
d’áitigh persuaded
" Nuair a gabhadh an oligarch Giúdach ar imghabháil cánach, claonchasadh, agus calaois i 2003, thug Soros “géarleanúint pholaitiúla” ar na cúiseanna, d’éiligh go ndíbreofaí an Rúis as an G-8, agus d’áitigh ar Dhomhan an Iarthair idirghabháil a dhéanamh.
chuir siad ina luí gaidhte ar the persuaded
" Fuair an mhuintir Arabana freagracht as riar cheantar an locha i mí na Bealtaine anuraidh agus chuir siad ina luí gaidhte ar an Geographical Names Unit dhá ainm an locha a chuir i bhfeidhm as seo amach.