Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
B'fhéidir nach raibh an tobar tráite Perhaps the well wasn't dry
" B'fhéidir nach raibh an tobar tráite: "Bhuel, a dhochtúir, cad é do mheas?" agus chlaon mé mo cheann ina threo.
b'fhéidir nach gcluinfeadh siad i choíche iad perhaps they'd never hear them
" Ach go bé go gcaithfidh siad é sin a dhéanamh, b'fhéidir nach gcluinfeadh siad i choíche iad.
b'fhéidir go dtiocfaidh tuar fá thairngreacht Hay perhaps Hay's prediction will come true
" Má bhíonn sé drámatúil mar ghníomh, b'fhéidir go dtiocfaidh tuar fá thairngreacht Hay.
Is féidir perhaps
" Is féidir nach é ‘tuilleann’ an focal is fóirsteanaí don íocaíocht a fhaigheann sé, ach is é an scéal céanna é i gcás go leor daoine eile ar na saolta seo.
is dócha perhaps, I suppose
" Bhí taithí agam, is dócha, ar chathracha ar nós *Chicago*, Nua-Eabhrac, agus áiteanna mar san, ach nuair a théann tú ar thros ar nós *Route 66*, nó *Highway 61*, buaileann tú leis na fíor-Mheiriceánaigh agus bhíodar díreach, is dóigh liomsa, fé mar a bhíomarna thart ar fiche bliain ó shoin.
b'fhéidir perhaps
" Ach is é a thionscadal is déanaí, WikiLeaks, a tharraing aird an domhain mhóir air, agus cé go bhfuil lucht tacaíochta mór aige tá lucht a cháinte b'fhéidir chomh mór sin arís.
B’fhéidir perhaps
" B’fhéidir go ndéanfaidh mé cur síos ar chuma na teanga am éicint eile, ach ba mhaith liom scríobh ar stair agus ar choinníollacha comhaimseartha na Briotáinise anseo.
b'fhéidir perhaps
" Má bhí tú ag iarraidh rud a cheannach le déanaí in Éirinn, seans maith gur shiúil tú isteach go lár na cathrach, nó b'fhéidir gur thaistil tú ar an bhus.
b’fhéidir perhaps
" Rud beag teagascach b’fhéidir, ach is léir go luath go bhfuil foireann *Quora* dáiríre faoi chaighdeán an ábhair ar a suíomh.
B’fhéidir perhaps
" B’fhéidir go bhfóirfeadh sé dó a bheith saor ó laincis geilleagrach mar atá ag an Tánaiste reatha.
b’fheidir perhaps
" Ó Ross Dumhach go Teamhair na Rí, tá an obair chéanna le feiceáil – ar dtús, seasann an pobal go láidir le cúis timpeallachta nó b’fheidir le caomhnú ionad staire, ag léiriú tacaíochta trí litreacha chuig na meáin, nó trí ainmneacha a fháil ar achainíocha, nó i léirsithe fiú amháin.
b'fhéidir perhaps
" Cruthúnas, b'fhéidir, go bhfuil deighilt shuntasach le feiceáil idir na glúinte.
más fearr leat perhaps, I might say
" Go Feiceálach, i Lár an Aonaigh ================== **SMM: An bhfeiceann tú tábhacht le feiceálacht na Gaeilge i saol na Galltachta, nó iar-Ghaeltacht más fearr leat?** BNC: Ceapaim go bhfuil an rud feiceálach, - go mbíonn tionchar an-mhór aige ar an duine, ar an nGaeilgeoir agus ar an té nach labhraíonn í.
b’fhéidir perhaps
" Baintear feidhm as an mhoncaí i mbéaloideas Mheicseiceó mar chomhartha drúise (ar nós an choinín abhus faoi bhualadh craicinn, b’fhéidir), ach léiríonn sí mar ainmhithe boga, cosantacha iad.
b’fhéidir perhaps
" Scaradh na gCompánach ============= É sin ráite, b’fhéidir go scarfaí an rón beag lena mháthair le drochshíon.
B’fhéidir anois now perhaps
" "* B’fhéidir anois go mbeidh cúiseamh dúnorgana in aghaidh PC Harwood.
is dóigh perhaps
" Tá le tuiscint sa mhíniú seo gur fear a bhíonn sa laoch agus is dóigh gurb amhlaidh de réir traidisiúin, staire agus úsáid an fhocail.
cionn is, b'fhéidir perhaps because
" An Leatrom ===== Tá próifíl an-íseal ag an Choimisiún Comhionnannais ó thuaidh cionn is, b'fhéidir, go mbíonn siad ag plé go minic le haonaráin agus nach dtig leo cásanna mór tromchúiseacha a throid, de cheal airgid, ach tá buanna beaga bainte ag an Choimisiún do ghnáthshaoránaigh an Tuaiscirt agus is obair thábhachtach í.
b’fhéidir go mbeas muid we may be perhaps
" Mar a dúirt mé, tá ár lámh i mbéal an mhadaidh mar go bhfuilimid ag brath ar an Eoraip agus ar an CAI ó mhí go mí an t-airgead a thabhairt dúinn na seirbhísí riachtanacha a choinneáil ag dul, na tuarastail a dhíol do na haltraí, do mhúinteoirí, do ghardaí, do shaighdiúirí, do sheirbhísí poiblí agus, ach amháin go bhfuilimid ag fáil an airgid sin, b’fhéidir go mbeas muid cosúil leis an Ghréig.
B’fhéidir go bhfuil mé claonta á ráit sin perhaps I’m biased in saying that
" B’fhéidir go bhfuil mé claonta á ráit sin mar bhean, ach go minic tchí mná taobh eile den scéal agus b’fhéidir go gcuimsíonn sé scéal níos fearr.
is dócha perhaps
" Dá mbeinn ag áiteamh ar son an teicneolaíocht a úsáid ar saoire, cé na deiseanna teicneolaíochta nár chóir a fhágáil i do dhiaidh sa bhaile? Ach roimh imeacht as an teach fiú amháin, is dócha ceann de na hathruithe is mó atá ann ná an méid réamheolais is féidir linn a bhailiú ónár dtolg féin.
b’fhéidir, faoin am perhaps, by the time
" Beidh leath de na cluichí thart, b’fhéidir, faoin am a léifeas aon duine an t-alt seo ach ina ainneoin sin, ba dheacair neamhaird a dhéanamh ar an bhféile spóirt is mó ar domhan in 2012.
b’fhéidir perhaps
" Ceist eile is ea caighdeán na n-earraí sin agus b’fhéidir go gcomharthaíonn a bhfuil ag titim amach i ngnóthaí soláthar earraí in iarthar domhain le tamall de bhlianta anuas go bhfuil, mar a deir an dream thiar, sleaic ag teacht ar lucht déantús earraí.
b’fhéidir, athuair again perhaps
" Is é sin is dóigh a spreagann curaidh bliain i ndiaidh bliana (foireann iomána Chill Chainnigh ina sampla maith) agus dul tríd an phian agus an fhulaingt cholainne agus aigne, b’fhéidir, athuair.
b’fhéidir perhaps
" Cúpla lá ina dhiaidh sin ar shliabh Galltachta bheannaigh mé don chúigiú duine, b’fhéidir, anuas im’ éadan.
b'fhéidir dosháraithe insurmountable perhaps
" Bush nuair a toghadh eisean ina uachtarán sa bhliain 2000? Muna mbeidh, beidh deacrachtaí móra, agus b'fhéidir dosháraithe, aige a chlár oibre a chur i gcrích.
B’fhéidir go bhfuil sé thar am perhaps it’s high time
" B’fhéidir go bhfuil sé thar am breathnú in athuair ar ról TG4 agus an cheist a chur : ‘cá ndeacha an fhís a bhí mar chúis lena bhunú?’
b’fhéidir perhaps
" Líon tí stuama staidéartha ab ea muintir Bohr agus rachadh sé dian ort piseogaíocht d’aon sórt a shamhlú leo, b’fhéidir.
b’fhéidir níos mire fós perhaps faster still
" Tá léarscáileanna ag an dream in Éirinn a thacaíonn leis na Palaistínigh a léiríonn gur chaill na Palaistínigh a gcuid talaimh i leath an ama, nó b’fhéidir níos mire fós, ná mar a chaill na Gaeil a dtalamh in Éirinn.
b’fhéidir gur gineadh an scéal perhaps the matter arose
" Más Dona Apple, is Measa Spotify ================= Cá bhfios dúinn, b’fhéidir gur gineadh an scéal i bhfocal fánach ó Willis faoi na difríochtaí idir ceirníní agus tomhaltas ceoil comhaimseartha, ach má tá fadhb ag Willis lena leithéid beidh sé trína chéile faoi Spotify.
buille fiosrach b’fhéidir a tad nosey perhaps
" ’ ‘Cé as thú féin ó thús ?’ a deirim, buille fiosrach b’fhéidir, ach go béasach, múinte.
mb’fhéidir nach bhfuiltear ag déanamh neart perhaps not enough is being done
" Tá faitíos orm go mb’fhéidir nach bhfuiltear ag déanamh neart ar mhaithe le Gaeilge dhúchais na háit’ a chaomhnú agus a choinneáil beo.
nó b’fhéidir dá mbarr or perhaps as a result of the same
" Uaireanta is nuair a éiríonn sárimreoir as an spórt go n-aithnímid feabhas agus cumas ár gcuid laochra spóirt in ainneoin na laigí daonna a bhaineann leo nó b’fhéidir dá mbarr.
B’fhéidir nár mhiste perhaps it’d be no harm to
" Neamhiontas a Dhéanamh de Ghné Éigin den Dearcadh Coiteann ======================= B’fhéidir nár mhiste tuairim Paul Feyerabend i dtaca le ‘dul chun cinn’ na heolaíochta a thabhairt chun cuimhne sa chás seo, leis.
B’fhéidir nár mhiste perhaps it’d be no harm to mention
" B’fhéidir nár mhiste an coincheap seo, grá, a shoiléiriú ábhairín anois.
a mbeidh, b’fhéidir go mbeidh riarachán freastálaí ar mo thoil agam by which time, perhaps I might know all about server admin
" Go dtí seo níl mórán spéise ag an mbeirt s’againne imirt lena gcairde agus faoin am a mbeidh, b’fhéidir go mbeidh riarachán freastálaí ar mo thoil agam.
Cá bhfios nach mbeinn perhaps I might
sceon b’fhéidir terror perhaps
" Is cosúil, nó tá sé ráite ar aon nós, go raibh faitíos, sceon b’fhéidir, ar imreoirí roimh fhearg Ferguson agus nár mhaith leo an fhearg sin a tharraingt orthu féin trí chluiche a chailleadh.
B’fhéidir nach mbeadh an port céanna ag an Aire the minister wouldn’t hold the same opinion perhaps
" B’fhéidir nach mbeadh an port céanna ag an Aire dá mbeadh sé beartaithe tuirbíní móra a thógáil i bhfoisceacht 50 slat dá theach féin i gCluain Dolcáin.
B’fhéidir go dtiocfá ar cuairt chugainn perhaps you might pay us a visit
"B’fhéidir go dtiocfá ar cuairt chugainn,’ arsa sé féin ansin, Ní rud fánach a bhí ina leithéid de chuireadh.
B’fhéidir gur bhraith lucht cáinte an scannáin perhaps those who disapproved of the film
" B’fhéidir gur bhraith lucht cáinte an scannáin go raibh sé de cheart acu a dtuairim dhiúltach ar shaothar Glazer a chur in iúl go soiléir in ard a nguthanna agus €45 íoctha acu as an ticéad iontrála.
B’fhéidir perhaps
" B’fhéidir dá mbeadh a gcontae féin ag imirt go mbeadh suim acu sa scéal.
seachas b'fhéidir besides perhaps
" Ach ba bheag ráchairt a bhí orthu seachas b'fhéidir na cóipeanna a díoladh i scoileanna na tíre.
B’fhéidir perhaps
" B’fhéidir gur fhoghlaim an stát ón gciseach a rinne siad de choigistiú na bportach lagáin.
b’fhéidir níos measa fós perhaps worse still
" Ach cé gur imigh an Troika tá an neamhspleáchas sin teoranta – beidh orainn rialacha an EDT a chomhlíonadh, beidh orainn ar gcuid dualgas mar bhall-stát an AE a chomhlíonadh, agus, b’fhéidir níos measa fós, beidh orainn cur ina luí ar na margaí airgeadais go bhfuil ar ár gcumas an tír a stiúradh mar is ceart.
b’fhéidir nárbh fhearr rud perhaps the best thing (... to do)
" Tá deireadh na bliana ag teannadh linn, a léitheoirí dílse, agus b’fhéidir nárbh fhearr rud a dhéanfadh Balor ná a shúil nimhe a chaitheamh siar ar imeachtaí na bliana.
b’fhéidir perhaps
" Ceann de ghnéithe na hÉireann is mó a mbíonn an stuaim ar iarraidh ina leith, b’fhéidir gurb í an teanga seo í, nó go baileach, dearcadh an Bhéarlóra i leith agus i gcoinne na teanga seo, an Ghaeilg.
B’fhéidir perhaps
" Forbairt na Fantasmagoria ============= B’fhéidir gurbh é Thomas Walgensten a bhain feidhm as an dtéarma Laterna Magica den chéad uair.
seachas b'fhéidir gurb ón apart from perhaps
" Ar ndóigh ní raibh bunús teangeolaíochta dá laghad le seo seachas b'fhéidir gurb ón Ghaeilge a tháinig baloney - an focal is fóirsteanaí chun cur síos a dhéanamh ar a leithéid de theoiric! Níl in amaidí den chineál sin ach maíomh i ngarraí na gcomharsan.
mb’fhéidir gur tharrthaigh do chuidiú’sa perhaps your help saved
" Tuigfidh tú féin go mb’fhéidir gur tharrthaigh do chuidiú’sa ag an am an duine áirithe sin.
b'fhéidir perhaps
" Cuid de na daoine, tá siad cúig faoin chéad Éireannach, cuid eile, b'fhéidir, 25%.
b’fhéidir perhaps
" As sin, roghnaíodh mise agus, níl a fhios, b’fhéidir scór eile agus chaith muid roinnt deireadh seachtainí ag plé leis an scríbhneoireacht.
mb’fhéidir perhaps
" Is é ábhar maíte an CLG faoin socrú seo go mbeidh ar chumas mhuintir na hÉireann i gcéin, go háirithe sa Bhreatain agus san Astráil, na cluichí úd a fheiceáil ‘beo’ (má tá siad sásta an táille chuí a íoc le Sky dar ndóigh) agus go mb’fhéidir go bhfeicfidh daoine eile sna tíortha sin cluichí na nGael á n-imirt agus go meallfaí lucht féachana breise i measc mhuintir na dtíortha úd.
b’fhéidir le hais radharc na cathrach abair as against a city scene perhaps
" Nuair a dhúisínn gach maidin sa Ghaeltacht, d’fhéachainn amach ar an bhfuinneoig agus d’fheicinn mé an Éire úd, Éire na seanchártaí poist, b’fhéidir le hais radharc na cathrach abair, mar an tseoid luachmhar atá fós ann agus a bhí linn inár gcroí is inár n-aislingí sular bhaineamar an áit amach.