Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
phasanna passports
" Tá an péire acu le feiceáil ar na milliúin caipéis rialtais, ar thuarascálacha agus ar phasanna.
nocht na pasanna roimhe the passports were revealed in front of him
" Thóg sé an bosca agus go hádhúil le Dia nocht na pasanna roimhe.
le mo phas a athnuachan to renew my passport
" An t-aon uair a tháinig corraí orm féin fán teanga sa tír seo ná nuair a chuaigh mé le mo phas a athnuachan in Ambasáid na hÉireann.
phas passport
" Chuir mé mo lámh isteach i mo phóca agus bhain mé amach mo phas Éireannach: "Is saoránach de chuid na hÉireann mé, agus sin sin," arsa mise, agus chaith mé an pas ar an tábla.
pas passport
" Níor tugadh cead ach oiread don fhoireann cosanta pas Rupert a fheiceáil.
phas bréagach false passport
" Fágfaimid na ceisteanna faoi fhóirsteanacht Frank Connolly mar stiúrthóir ar an Centre for Public Inquiry (CPI) agus na líomhaintí gur thaistil sé chun na Colóime i dteannta baill shinsearaigh den IRA ar phas bréagach ar leataobh ar feadh bomaite.
phas passport
" Ina gcás siúd, bhíothas ag lorg cóipe den ghrianghraf a bhí istigh leis an iarratas bréige a líomhnaítear a rinne Frank Connolly ar phas.
dhá ghrianghraf pas two passport photos
" Faigheann an cuairteoir foirm ansin ó na húdaráis, líonann sé í agus cuireann ar ais í, mar aon le dhá ghrianghraf pas de féin.
pas passport
" Fuair mé smitín ó paratrooper uair eile agus mé i mo dhéagóir cionn is go raibh pas Éireannach agam.
bPasanna passports
" Club an Chonartha, siopaí nó gnólachtaí inar féidir gnó a dhéanamh trí Ghaeilge, comhlachtaí stáit cosúil le hOifig na bPasanna srl.
chlóchead a passport
" ” Ceacht amháin nár fhoghlaim sé, áfach, ná go raibh an ghnólacht shlándála a lig an Moslamach óg ón Nigéir gan chlóchead ar bhord an eitleáin neamh-mhuiníneach.
chlóichead passport
" Bhreathnaigh siad ar chlóichead Breataineach mo charad as Albain ar feadh deich nóiméad sular scaoil siad tríd go grod é.
phasanna passports
" Má bhuail, ámh, ní cuimhin liom é (agus is é sin bua an spiaire, ar ndóigh!), agus is mór an trua dom é, ó bhíodar ag spiaireacht faoi phasanna Éireannacha leis an ainm Murphy! Caithfidh sé nach raibh an bheirt seo ródháiríre faoina n-ionannais bréige, ó bhí canúintí láidre Slavacha acu, in ainneoin an ainm! Dar le comharsana na beirte, bhí na "Murphys" (fíorainmneacha: Vlaidimir agus Lidia Gúrdheiv) á bhfaire le tamall.
chlóichead a passport
" ) Aiséirí gan rath a bhí ann i ndeireadh ama agus chríochnaigh a sheal mar a thosaigh sé agus é díbeartha go hiarghúil na gcúlbhinsí tar éis oilbhéim eile inar cuireadh ina leith go ndearna sé iarracht tionchar a imirt ar iarratas ar chlóichead do fhear saibhir as an Ind.
clóichead passport
" Choimeád an fostóir clóichead Rita chomh maith leis na doiciméid oifigiúla eile.
clóichead a passport
" Tá cóip dár dteastais bhreithe againn go léir i dtarraiceán éigin, ar eagla go mbeadh orainn clóichead a fháil nó cuntas bainc a oscailt.
chúlghairmeadh a clóichead her passport was withdrawn
" De réir a suíomh idirlín, theith sí chun na hEorpa nuair a chúlghairmeadh a clóichead Eigipteach sna 1950í.
Gabhadh a chlóichead his passport was taken
a phas Éireannnaigh his Irish passport
" Mar a mheabhraíonn an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála: Tá cead taistil ag aon saoránach Éireannach ar bhun a phas Éireannnaigh.
agus sinn ag cuimhneamh ar chlóicheadanna while we ponder passports
" Is cosúil go síleann na ‘cairde’, SAM, Sasain (agus ná déanaimis dearmad ar Iosrael a áireamh agus sinn ag cuimhneamh ar chlóicheadanna) gur cúige dá gcuid nach ndlítear dó an urraim chuí mar stát ‘neodrach’.
b'éigean do díol as clóichead Briotanach one had to pay for a British passport
" Go dtí seo, tá chóir a bheith £5000 caite aige leis an ghradam sin a fháil (ach b'éigean do díol as clóichead Briotanach anuas air sin!) Níorbh éigean dó an scrúdú um Saoránacht na Breataine a dhéanamh áfach.
cailleadh a clóichead is a heocracha her passport and keys were gone
" Sin ráite, léigh mé blagmhír le déanaí inar scríobh an blagadóir faoi ghoid a mála láimhe nuair a bhí sí ar saoire agus cé gur ghoill sé uirthi toisc gur cailleadh a guthán, bhí sí in anchaoi uilig toisc gur cailleadh a clóichead is a heocracha.
tá mo phas glas my passport is green
" Mhol siad do Rialtas Éireannach na hÉireann go dtabharfaí vóta dom le caitheamh i dtoghchán na huachtaránachta mar Éireannach agus mar Ghael, cionn is, dar liom, dalta an fhile a d'imigh ar shlí na fírinne an mhí seo caite, "tá mo phas glas" - cé go bhfuil mé i mo chónaí i Leath Choinn.
cóip do chlóicheada a sholáthar provide a copy of your passport
" Ní mór duit cóip do chlóicheada a sholáthar le guthán a cheannach.
a bhfuil clóicheada formhór mór a cuid saoránach glas whose citizens mostly have green passports
" Ardaíonn sé seo ceist shuimiúil: an mbeidh Doire, cathair ar an taobh ó thuaidh den Teorainn ach cathair, mar a deireadh Séamus Heaney, síocháin leis, a bhfuil clóicheada formhór mór a cuid saoránach glas, i dteideal a bheith istigh ar an chomórtas seo? Beidh scéala ag an aimsir.
mbeadh an clóichead agus an bratach uathúil the passport and flag would be distinct
" Mhaígh sí go gcloífeadh Québec leis an airgead agus le hairm Cheanada dá mbeadh sé ina thír féin, ach go mbeadh an clóichead agus an bratach uathúil.
chlóichead passport
" Comhairle ag Alex Hijmans ort má tá cónaí ort sna Sé Chontae nó sa Bhreatain: b’fhiú duit iarratas a chur isteach ar chlóichead na hÉireann má tá fút taisteal go Meiriceá Theas.