Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go sonrach in particular
" Cuireadh an locht go sonrach ar ghrúdarlach (brock a thugtar air i nDoire) a bailíodh sa champa míleata Meiriceánach a bhí i gCathair Dhoire ag an am.
a mhaífeadh an gradam áirithe sin air who would begrudge him that particular award
" Is beag duine a mhaífeadh an gradam áirithe sin air.
téama ar leith in particular theme
" Taispéantas oscailte atá i gceist, rud a chiallaíonn nach mbíonn téama ar leith ann bliain ar bith.
go sonrach in particular
" Go mbeidh ár gcuid leabhar le feiceáil go sonrach sna mórshiopaí leabhar i ngach cathair in Éirinn.
obair shonrach particular work
" Ó am go chéile, bíonn daoine fostaithe againn ar conradh chun obair shonrach a dhéanamh.
in oiriúint don bhréagriocht áirithe sin suitable for that particular disguise
" Tá Balor ag smaoineamh ar dhul in éineacht leo, ach bhur mbarúil an dtiocfadh leis cuma easpaig a chur air féin? Táthar ann a deir go bhfuil a bholg agus a thóin in oiriúint don bhréagriocht áirithe sin agus go mbeadh sé i measc daoine a bhfuil na spéiseanna céanna ite agus óil acu agus atá aige féin.
sásamh faoi leith particular satisfaction
" Nuair a d'iarr mé air tréimhse a phiocadh amach óna shaol a thug sásamh faoi leith dó nó a raibh sé bródúil aisti, d'éirigh sé macnamhach agus thosaigh sé ag gáire.
millteanach nósúil terribly particular
" Ó fuair Leamh Ó Cuinneagáin an jab mór in Údarás na Galltachta tá sé millteanach nósúil faoi cé a ligeann sé isteach.
aon amhrán ar leith any particular song
" AÓF: An bhfuil aon amhrán ar leith ann a thaitníonn go mór leat thar aon cheann eile? MÓS: Táim an-mhór le “Róisín Dubh”.
aon amhrán ar leith any particular song
" AÓF: Mar éisteoir, an bhfuil aon amhrán ar leith a thaitníonn go mór leat? LÓM: Is breá liom a bheith ag éisteacht le hamhránaíocht ar an sean-nós, ar an raidió, nó ar téip nó dlúthdhiosca.
ar leith particular, unique
" Is seancheantar é an Gotico a bhfuil sráideanna cúnga ann – tá sé ró-éasca dul ar strae ansin! – go leor siopaí agus beár, agus tá atmaisféar ar leith ann.
ar leith particular, unique
" Is seancheantar é an Gotico a bhfuil sráideanna cúnga ann – tá sé ró-éasca dul ar strae ansin! – go leor siopaí agus beár, agus tá atmaisféar ar leith ann.
an léaráid áirithe sin that particular sketch
" * Gluais • Glossary cuairteoirvisitor saoithiúilpeculiar prochógcave, hovel i gceann mo mharanaengaged in contemplation meanaawl a thriailto try oidíteachers dá ngníomhóinn mar a iarradh ormhad I acted as I had been told brocaisden le m’uillinnbeside my elbow ag stánadh uirthistaring at it go mínósachrudely an léaráid áirithe sinthat particular sketch sula gcuirfeadh sé forrán ormbefore he would address me dúil bheolive creature cruinniú mo mheabhrachthe gathering of my thoughts frídín deannaighdust germ m’fhabhramy eyelash aireattention glasuainevivid green donnliath na huaimhethe grey brown of the cave feisteas coimhthíochstrange attire seacht fairsingeseven times more wide leadhb leathana wide piece fionnachrithgoose-flesh tír shiocthafrozen country géagalimbs aeráid fhionnuar s'againneour cool climate ionsar achan rud sa phluaistowards everything in the cave Cliseadh Shráid Wallthe Wall Street Crash Géarchéim Munchenthe Munich Crisis slis creigea piece of rock ina dhornin his fist ionsormtowards me cén treo a léifinn íwhat direction I'd read it treoraitheguides toilteanachwilling comhléaráideoirífellow illustrators cúigear glaschraicneach eilefive other green-skinned creatures brollach is másaíbosom and thighs ag sciolladóireachtscolding ag fiafraí dá chéileasking each other dheamhan fonn ormI wasn't in the mood ghréasobairfancywork saothraithelabourers mo chuid líníochta féinmy own drawing mo shamhlaíocht féinmy own imagination a míniúto explain it tinfeadhinspiration leamhdull páistí fuaite earraí leathairthe children who sew leather goods sclábhlannasweatshops fá mo choinne féinfor myself a dhath ar bithanything i gceathrú inteacht eile den domhanin some other quarter of the world
Tá an-rath ar na leabhair áirithe those particular books are very successful
" ” Tá an-rath ar na leabhair áirithe sin faoi Ruairí agus is léir go bhfuil Colmán an-bhródúil astu.
béim ar leith a particular emphasis
" AÓF: ***Tugaim faoi deara go bhfuil sé amhrán ar an albam freisin, agus tá mé ag ceapadh gur chuala mé thú ag caint ar an raidió agus tú ag rá go gcuireann sibh béim ar leith ar an amhránaíocht nuair a dhéanann sibh ceolchoirm, nó go ndéanann sibh cinnte de go mbeidh roinnt amhrán á gcasadh agaibh le linn na hoíche.
sa réimse áirithe sin in that particular area
" Deir sé go raibh spéis aige sa réimse áirithe sin agus gur theastaigh uaidh bheith ag obair ina chathair dhúchais chomh maith.
cuimhne áirithe a particular memory
" AÓF: Le filleadh ar ais ar do chuid chumadóireachta féin, céard ba chúis leis na liricí seo a chum tú don amhrán “Guí”? **An raibh eachtra nó smaoineamh nó cuimhne áirithe a thug inspioráid duit na focail áilne sin a chumadh?** (Guí)(http://profile.
an fabht áirithe seo a ruaigeadh as a n-imirt to drive this particular fault from their play
" Neosfaidh an aimsir an féidir le foireann Átha Cliath an fabht áirithe seo a ruaigeadh as a n-imirt in am don chraobhchomórtas.
an spriocdháta áirithe sin that particular deadline
" Tá an troid le toiseacht i ndiaidh an toghcháin agus athbhunú an Tionóil ar an 26 Marta – má bhaineann muid an spriocdháta áirithe sin amach.
go bhfuil an cath áirithe sin caillte that that particular battle is lost
" Bíodh sin amhlaidh, is dócha go bhfuil an cath áirithe sin caillte agus is fearr aithne ag daoine air mar “Phádraig” agus gurbh fhearr, i bhfianaise lucht léitheoireachta an leabhair seo, cloí leis an leagan coitianta.
fá dtaobh den ghrúpa áirithe seo. about this particular group.
" Ach mar sin féin, bhí rud inteacht speisialta fá dtaobh den ghrúpa áirithe seo.
spéis ar leith particular interest
" ” Bhí spéis ar leith agam fáil amach cén chaoi a gcumann Slide a gcuid amhrán.
go sonrach in particular
" Luann sé go sonrach an caidreamh a bhí aige leis an Oirmhinneach Roy Magee, fear a bhfuil “meas as cuimse” aige air.
spéis faoi leith particular interest
" Is cinnte go ndéanann na meáin tagairt dóibh, ach is annamh a bhíonn siad ar chlúdach na nuachtán lá i ndiaidh lae, ach amháin má léiríonn an pobal go bhfuil spéis faoi leith acu i scéal áirithe.
faoi leith particular
" Tá taithí ag Bob Corcoran nach bhfuil ag mórán daoine, agus tuiscint faoi leith aige ar an tslí chun caidreamh a chothú le deontóir nó le daonchara.
ag ócáidí faoi leith. at particular occasions.
" **An Mhaoiris agus na Maoraigh**Dála muidne in Éirinn, bíonn fonn ar dhaoine a dteanga dhúchais a labhairt ag ócáidí faoi leith.
i gcásanna ar leith, in particular cases,
" Cuirtear córais phoiblí ríomhphoist ar fáil do ghardaí, do sháirsintí agus d’oibrithe aonair eile i gcásanna ar leith, ag brath ar chuinsí oibreachais.
brí ar leith particular meaning
"brí ar leith ag baint le chuile bhall adhmaid sna tithe seo - ar nós dealbh i séipéal.
Radharc faoi leith A particular site
" Radharc faoi leith a bhí sna clocha ag glioscarnach le mianraí.
taitníonn leagan faoi leith go mór liom, I really like a particular version,
" Uaireanta taitníonn leagan faoi leith go mór liom, ach nuair a dhéanaim iarracht é a chanadh ní oireann sé dom.
cúis ar leith a particular reason
" An bhfuil cúis ar leith leis sin? An mbíonn sé deacair iad a fhoghlaim? LMacM: Is dócha go bhfuil fáil níos fairsinge ar amhráin de chuid na gceantar éagsúil anois ná mar a bhí, agus bím ag éisteacht le hamhránaithe iontacha ó chuile cheantar den tír, ní hamháin ón tréimhse seo, ach ón aimsir atá thart chomh maith má tá taifeadadh déanta díbh.
músclaíonn sé mothúchán faoi leith ionam it awakens a particular emotion in me
" Cén fáth ar shocraigh tú go gcuirfeá tionlacan leo? Cad as ar tháinig an cóiriú seo? LMacM: Agus mé ag éisteacht le hamhrán, músclaíonn sé mothúchán faoi leith ionam ach tuigim nach mbíonn an tionchar céanna aige ar gach duine.
saineolas faoi leith particular expertise
" Ina theannta sin, de thairbhe saineolas faoi leith a bheith acu ar réimse faoi leith den saol, bíonn blagadóirí ábalta díriú ar sciar áirithe den lucht airdill.
ar leaid faoi leith on a particular lad
" Cuireann graifítí in Croxteth an locht ar leaid faoi leith i gcás dhúnmharú Rhys Jones, ach fós féin níor chúisigh na póiliní duine ar bith.
aon mhúinteoir ar leith any particular teacher
" AÓF: Cé uathu a fuair tú do chuid ceoil ó thaobh na fidle de? An raibh aon mhúinteoir ar leith agat? TC: Bhí a lán múinteoirí agam i rith na mblianta.
le tiúin faoi leith a sheinm to play a particular tune
" AÓF: Deir ceoltóirí go minic freisin go spreagann ceoltóirí eile iad le tiúin faoi leith a sheinm – tiúin, b'fhéidir, nach bhfuil seinnte acu le fada ach a thagann ar ais chun cuimhne dóibh nuair a bhuaileann siad le ceoltóir ar leith.
aon rud faoi leith anything in particular
" AÓF: Cén treo ina bhfeiceann tú do chuid ceoil ag dul as seo amach? An bhfuil aon rud faoi leith ba mhaith leat a bhaint amach ó thaobh an cheoil de? TC: Ba mhaith liom pilleadh ar mo phréamhacha.
dá ndiúltódh scoil ar leith if a particular school
" Ba dhoiligh don roinn nó don aire a bheith go hiomlán cinnte go n-éireodh leo sa chúirt dá ndiúltódh scoil ar leith cloí leis an churaclam nó leis an chiorclán faoin luath-thumoideachas.
dá ndiúltódh scoil ar leith if a particular school refused
" Ba dhoiligh don roinn nó don aire a bheith go hiomlán cinnte go n-éireodh leo sa chúirt dá ndiúltódh scoil ar leith cloí leis an churaclam nó leis an chiorclán faoin luath-thumoideachas.
An bhfuil cúis faoi leith is there a particular reason
" An bhfuil cúis faoi leith leis an easpa trédhearcachta faoin cheist seo? Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ/TG4 é Breandán Delap.
Sa chás áirithe seo, theip go tubaisteach ar m'acrainm-se. In this particular case, my acronym failed abysmally
" Sa chás áirithe seo, theip go tubaisteach ar m'acrainm-se.
atmaisféar ar leith a particular, special, atmosphere
" *Aniar: Voices and Verse from the Edge of the World* atá mar theideal ar an saothar seo, agus is cinnte gur éirigh leis an triúr comhoibrithe a bhí bainteach leis atmaisféar ar leith a chruthú ann – tá rian den “Saol Eile” le braith go láidir uaidh.
éacht ar leith a particular feat
" Ach éacht ar leith – éacht mór millteach – is ea é an tríú craobh as a chéile a ghnóthú.
duine faoi leith a particular person
" Má dhéanaim ainm duine faoi leith a chuardach ar Google ní fhaighim mórán eolais ina thaobh, ach amháin liosta na leathanach a bhfuil sé luaite orthu – idir thagairtí do rudaí atá ráite aige agus scéalta nuachta.
an t-ainm áirithe sin that particular name
" Má dhéanann tú duine faoi leith a chuardach le leithéidí Pipl nó Zoominfo, tagann liosta na ndaoine a bhfuil an t-ainm áirithe sin orthu chun cinn, mar aon le nóta beag mar gheall orthu.
aoisghrúpa faoi leith a particular age group
" Más clár faisnéise atá ann, beidh aoisghrúpa faoi leith ag amharc air; más sobaldráma é, beidh aoisghrúpa agus gnéas áirithe (mná go speisialta) i gceist ar an mheán.
ar bhuanna ealaíne duine ar leith the artists talents of a particular person
" Nós is ea é ar cuireadh tús leis chomh fada siar leis an tréimhse ársa Ghréag-Rómhánach agus ba bhealach feiceálach, éifeachtach é le haird a tharraingt ar bhuanna ealaíne duine ar leith chomh maith le hé a bheith éifeachtach ó thaobh míshuaimhneas polaitiúil nó sóisialta a chur in iúl.
tábhacht faoi leith particular importance
" Ní nach ionadh, tháinig cuid de na ceisteanna céanna chun solais arís: cé aige a mbeadh cead vótála, cén dóigh a n-eagrófaí é agus cén úsáid a bhainfí as an toradh leis an fhadhb a réiteach? Tá tábhacht faoi leith ag baint leis an phobal vótála ar chúpla cúis.
shainspiorad na scoile particular ethos of the school
" Cad é a tharlódh, mar shampla, dá vótálfadh tromlach na ndaltaí ar son oideachas trí Bhéarla agus tromlach a dtuismitheoirí ar son oideachas trí Ghaeilge (nó a mhalairt)? Ar leor móramh simplí do na daoine a chaitheann vóta le cinneadh a dhéanamh bealach amháin nó bealach eile nó an gcaithfear móramh de phobal na scoile uilig a bheith ann? Cad é a tharlódh dá mbeadh móramh de na vótóirí ar mhalairt tuairime ó phátrúin na scoile? Nach bhfuil cearta an phátrúin ar shainspiorad na scoile a roghnú mar chuid den dlí? Dá mbeadh móramh ar son oideachas trí Bhéarla cad é faoi chearta bunreachtúla agus dlíthiúla mhuintir na Gaeltachta - fiú más mionlach iad - ar oideachas trí Ghaeilge? Is í an fhadhb is mó leis an suirbhé seo ná nach bhfuil a fhios ag na daoine atá ag vótáil (nó i mbun baghcait fiú) cá luíonn an suirbhé mar chuid den phróiseas leis an fhadhb teanga a réiteach.
an dtiocfaidh méadú faoi luach saothar fíorúil ealaíne ar leith, the value of a particular work will rise
" Bítear ag déanamh plé san iris maidir le cé acu an dtiocfaidh méadú faoi luach saothar fíorúil ealaíne ar leith, nó nach dtiocfaidh.
más spéis leat eolas a fháil maidir le suíomh satailíte ar leith if you are interested in getting information about the position of a particular satellite
" Agus más spéis leat eolas a fháil maidir le suíomh satailíte ar leith nó maidir leis an tsatailít áirithe atá ag déanamh teagmhála le do charr, bain triail as an suíomh n2yo.
polasaí ar leith a particular policy
" Lena chois sin, má bhaintear saothar Uí Shearcaigh den siollabas, cén áit ar chóir dúinn an líne a tharraingt? An amhlaidh go mbeidh ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta polasaí ar leith a dhréachtú ina ndéanfar cur síos beacht ar na cineálacha daoine a gceadófar a saothar ar shiollabais? Cén chaoi a ndéanfaí na cinntí? An nglacfaí le saothar daoine a chuir in iúl roimhe seo go bhfuil, cuir i gcás, tuairimí míchuíosacha ciníocha acu? Ní dhéanfaí staidéar ar DNA i scoileanna na hÉireann sa chás sin – is ciníochaí mínáireach é James Watson, an fear a bhuaigh Duais Nobel as ucht DNA a bheith fionnta aige.
mar gheall ar go bhfuil na séimeantaic chomh tábhachtach sa chás áirithe seo because the semantics are so important in this particular case
" Ba ghá an focal “daoine” a úsáid ansin mar gheall ar go bhfuil na séimeantaic chomh tábhachtach sa chás áirithe seo – dá roghnófaí “fir” nó “fir óga” nó “buachaillí”, thabharfadh an rogha focail leid láidir maidir le dearcadh pearsanta an scríbhneora seo.
Thug mé suntas ar leith I paid particular notice
" Thug mé suntas ar leith don mhéid a dúirt sé faoi mhuintir na hÉireann a bheith ciaptha de shíor ag imní faoin tumthéitheoir agus cé acu ar fágadh ar siúl é, nó ar múchadh é! Dar leis, bhí neamhord éigníoch dúghafach ag muintir na tíre ina hiomláine faoi! Chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm mar go bhfuil mo thuismitheoirí féin díreach mar sin.
Ni ghearrtar cáin ar earraí áirithe tax isn't charged on particular goods
" Ni ghearrtar cáin ar earraí áirithe agus tagann muintir La Linea, cathair bheag atá suite in aice le Giobráltar, trasna na teorann gach lá chun a gcuid toitíní a cheannach.
ag leibhéal áirithe. at a particular level
" Má éiríonn le duine pas a ghnóthú sa scrúdú, bronntar teastas air le dearbhú go bhfuil cumas sa teanga bainte amach aige ag leibhéal áirithe.
comhthéacsanna áirithe particular contexts
" Dar ndóigh, tá tábhacht ag baint leo i gcomhthéacsanna áirithe – comhthéacs acadúil, cuir i gcás.
sa réimse áirithe seo. in this particular field
" Bheadh leithéidí Joe Lee nó John Walsh an-mhaith sa réimse áirithe seo.
buíochas ar leith particular thanks
"buíochas ar leith ag dul do Gerry Adams, Feisire Iarthar Bhéal Feirste, agus don Seanadóir Ó Dochartaigh agus don Seanadóir Brian Ó Domhnaill as Gaoth Dobhair, do Dhoiminic Ó Brollacháin agus don iomad eile polaiteoir de gach dath.
sciar áirithe de phobal na Gaeilge particular section of the Irish language community
" Murar féidir *Lá Nua* a sholáthar go laethúil go fadtéarmach leis an hacmhainní atá ar fáil dó, ní hionann éirí as an iarracht sin agus géilleadh don éadóchas: b’fhéidir gurbh fhearr an freastal a dhéanamh ar sciar áirithe de phobal na Gaeilge agus gur nuachtán ar chaighdeán níos airde a bheadh ann sa deireadh.
sa scannán áirithe seo in this particular film
" Murab ionann agus leithéidí *Mary Poppins* nó *Singing in the Rain* - ceoldrámaí ina dtéann na carachtair i mbun amhránaíochta gan choinne - tá inchreidteacht ag baint le húsáid na n-amhrán sa scannán áirithe seo mar gheall ar gur ceoltóirí iad na príomhcharachtair.
ag súil go dtarlódh rud faoi leith dóibh. hoping that something in particular would happen to them
" Más féidir leat na ceisteanna a fhreagairt i d’fhocail féin, léireoidh tú gur thuig tú an t-alt!** CEIST A hAON(I) Cén fáth a raibh súile an domhain dírithe ar an Kodak Theatre ar an 24 Feabhra? (II) Bhí cuid de na daoine ar an gcairpéad dearg ag súil go dtarlódh rud faoi leith dóibh.
dathanna ar leith particular colours
" Ansin, má tá dathanna ar leith i gceist i do sheomra – dath an troscáin nó dath na gcuirtíní, cuir i gcás – is féidir na dathanna sin a phéinteáil isteach.
tabhairt faoin tionscadal áirithe sin. to undertake that particular project.
" Cé nach raibh mórán taithí aici go fóill ar obair theilifíse, thuig sí láithreach go dtaitneodh sé go mór léi tabhairt faoin tionscadal áirithe sin.
mheall an clár áirithe sin that particular programme attracted
" Roghnaigh an stáisiún í leis an Chomórtas Amhrán Eoraifíse a chur i láthair i gcuideachta an amhránaí Ronan Keating i 1997, agus mheall an clár áirithe sin lucht féachana de níos mó ná 300 milliún duine ar fud na hEorpa.
eachtraí áirithe particular events
" Ó thaobh cúrsaí polaitíochta de, tá tábhacht mhór ag baint le pearsantacht an duine agus léiríonn eachtraí áirithe le seachtainí beaga anuas go mbíonn cuid mhór daoine sásta maithiúnas a thabhairt d’ionadaithe tofa as réimse leathan peacaí a bheith déanta acu – a fhad is go dtaitníonn na hionadaithe sin leo.
fadhb ar leith a particular problem
" Go deimhin, in 2004 d’admhaigh an tAire Oideachais, Mary Hanafin, go raibh fadhb ar leith ann maidir leis an díolúine agus thug sí le tuiscint go raibh ciorclán á ullmhú ag an Roinn a leasódh an córas trína mbronntar an díolúine.
tabhairt faoin phrácás áirithe seo. to deal with this particular mess.
" Ach murab ionann agus a cur chuige i leith cheist an luath-thumoideachais agus i leith theanga teagaisc na Pobalscoile úire sa Daingean, ní léir go raibh oiread flosca ná fuadair ar an Aire Hanafin tabhairt faoin phrácás áirithe seo.
gur bhain sé sásamh ar leith that he derived particular satisfaction
" Deir Lunny gur bhain sé sásamh ar leith as an obair a rinne sé ar albaim de chuid an amhránaí Frank Harte, nach maireann.
pholasaí ar leith a particular policy
" Mar gheall ar pholasaí ar leith de chuid an Aontais Eorpaigh, a bhfuil sé mar aidhm aige méid áirithe talaimh “a chur ar leataobh”, tá iarrachtaí ar bun chun na cluainte traidisiúnta a chothú in athuair.
tréithe áirithe particular traits
" Is dóigh liom go mbaineann an droch-cháil atá ar Canberra le stair na cathrach, le híomhá dhiúltach na bpolaiteoirí agus le tréithe áirithe a bhaineann le carachtar na nAstrálach.
i dtimpeallacht a chothaíonn luachanna áirithe creidimh. in an environment which fosters particular religious values
" Faoi réir mhír 37(1), tá sé ceadmhach idirdhealú áirithe a bheith déanta ag foras creidimh, oideachais nó leighis atá á reáchtáil ag comhlacht a bunaíodh chun críche creidimh nó a n-áirítear ar a chuspóirí seirbhísí a sholáthar i dtimpeallacht a chothaíonn luachanna áirithe creidimh.
go dtéann daoine thar fóir leis an argóint áirithe seo, that people go overboard with this particular argument,
" In ainneoin go measaim féin go dtéann daoine thar fóir leis an argóint áirithe seo, tá firinne éigin ag baint léi.
a chaill a mbeatha an lá áirithe sin who lost their lives on that particular day
" B’fhear dóiteáin é leis an Fire Department of New York agus bhí sé i measc na gcéadta a chaill a mbeatha an lá áirithe sin agus iad ag iarraidh teacht i dtarrtháil orthu siúd a bhí sáinnithe sa World Trade Center.
an uair áirithe sin that particular time
" D’fhiafraigh mé de cé chomh fada is a bhí sé i ndiaidh a bheith ag fanacht an uair áirithe sin agus dúirt sé, *“Ah but now .
an eachtra áirithe seo this particular incident
" (Paragraf 3) ** ** **Staidéar** Tharla an eachtra áirithe seo in Missouri, Stáit Aontaithe Mheiriceá, ach is léir gur fadhb choitianta í an chibirbhulaíocht in Éirinn chomh maith, más fíor do thorthaí staidéir chuimsithigh a foilsíodh le gairid.
tábhacht ar leith particular importance
" “Measaim go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an gcartlann sin a bheith ar fáil.
uafás ar leith particular horror
" Bhí áiteanna mar na dúnfoirt in Iarthar na hAfraice óna gcuirtí sclábhaithe chuig tíortha eile feicthe agam, mar aon le Apartheid Museum na hAfraice Theas, ach ceapaim go bhfuil uafás ar leith ag baint le Auschwitz, b’fhéidir mar gheall go dtuigeann muid chomh millteanach is a bhí na polasaithe a bhain leis na campaí seo.
gradam ar leith particular prestige
" Níl mé ag rá go bhfuil gradam ar leith tuillte ag an gcumadóir thar an ngradam atá tuillte ag an gcumadóir amhrán, ach is duine ar leith é an* composer* gan aon amhras – tuigeann muid ar fad na fochialla a bhaineann leis an bhfocal áirithe sin.
dealraíonn sé sa chás áirithe seo it appears in this particular case
" Ar an drochuair, áfach, dealraíonn sé sa chás áirithe seo nach bhfuil na meáin ag cothú scéalta.
sráid ar leith a particular street
"sráid ar leith in aice le Hotel de Ville nach bhfuil dadaí uirthi ach bialanna agus tá a gcuid bord amuigh faoin aer ag an chuid is mó acu.
idéil agus fealsúnacht ar leith particular ideals and philosophy
" Ach ní fhéadfaí choíche cur síos a dhéanamh ar na Cluichí Oilimpeacha mar imeacht spóirt amháin; is gluaiseacht dhomhanda iad a bhfuil idéil agus fealsúnacht ar leith ag baint leo.
cumhacht an mheáin áirithe sin the power of that particular medium
" Dar ndóigh, bhí sé feicthe aici cheana féin, ach bhí sí ag súil go mór le hé a bheith ar an teilifís mar go dtuigeann sí cumhacht an mheáin áirithe sin ó thaobh teachtaireachtaí tábhachtacha a scaipeadh.
rian ar leith a particular mark
" Ach nuair a tháinig sé go dtí an Bhealarúis liom i dtosach, d’fhág an áit agus scéalta na ndaoine rian ar leith air.
i gceantair ar leith in a particular area
" Má bhíonn suim ag daoine óga sa rince i gceantair ar leith, áfach, eagraíonn na coistí cúrsaí ocht seachtaine sna bunscoileanna agus sna meánscoileanna in aice láimhe, is cuma cá háit sa tír a bhfuil siad.
an gníomh athmhuintearais áirithe sin that particular act of reconciliation
" Agus i ndiaidh d'Altan an gníomh athmhuintearais áirithe sin a dhéanamh, bhí Cara O'Sullivan, soprán ó Chorcaigh na Reibiliúnach, ar an ardán agus í ag ceol "Jerusalem", amhrán atá ar maos i dtírghrá Sasanach.
músclaítear suim ar leith i lucht leanúna spóirt abhus a particular interest is awakened in sports fans over here
" Is tír í an Astráil atá an-tógtha le cúrsaí spóirt agus músclaítear suim ar leith i lucht leanúna spóirt abhus agus foirne na tíre páirteach i gcomórtais mhóra idirnáisiúnta ar nós na gCluichí Oilimpeacha.
an tsiúlóid áirithe seo this particular walk
" 8 ciliméadarNíl dabht ar bith ach go bhfuil an tsiúlóid áirithe seo a rinne mé ar an gcéad lá ar cheann de na stáideanna is dúshlánaí ar an Camino.
mhír áirithe a particular article
" Dúirt Catherine Connolly go mbeadh ar an dtírín beag seo, faoi mhír áirithe de chuid Conradh Liospóin, ár gcaiteachas ar chúrsaí míleata a mhéadú, dá nglacfaí le Conradh Liospóin.
tionchar ar leith (had) a particular influence (on)
" Cén aicme nó cén roinn den cheol traidisiúnta a rangfadh sí Dervish mar sin? Bhí tionchair éagsúla ar an ngrúpa Dervish, ach d’imir leithéidí Planxty agus an Bothy Band tionchar ar leith orthu a deir sí.
mórtas áirithe particular pride
" An mórtas Bhí mórtas áirithe le brath i gcuid de na ceannlínte sna nuachtáin ar an lá a foilsíodh an scéal seo: ‘La France reste la championne de la fécondité en 2008’ (Le Monde); ‘Les Britanniques nous envient’ (Le Parisien).
ar leith particular
" Íomhá eile a bhaineadh leis an snúcar ná tithe móra na huasaicme agus seomra ar leith le haghaidh an bhoird bhilléardaí agus snúcair, áit a ndéantaí cúpla fráma a imirt, todóg bhreá, ramhar a chaitheamh agus gloine dheas branda a ól le bolg lán tar éis an dinnéir.
faoi leith a particular
" Cé go bhfuil na gléasanna seo an-éasca a úsáid nuair a bhíonn leabhar faoi leith á léamh agat, tá laige mhór amháin iontu: níl sé éasca leabhair nua a chur ar na gléasanna seo.
Rinne sé cúram ar leith he paid particular attention
" Rinne sé cúram ar leith de charthanais mar Fondúireacht Lappin (a thugann airgead taistil go Israel do pháistí Giúdacha i Meiriceá) agus ollscoileanna Giúdacha mar Ollscoil Yeshiva i Nua-Eabhrac.
dúchais áirithe particular native (plants)
" Tá plandaí dúchais áirithe sa tír, fiú, nach mbachlóidh mura ndóitear iad.
saineolaithe áirithe particular experts
" Dearbhaíodh ann go mbeadh aon trian d'aibhléis na tíre á ghineadh as fuinneamh in-athnuaite agus cé gur méadú mór é ar an seacht faoin gcéad d'aibhléis na tíre atá ginte as na foinsí sin faoi láthair, fós féin tá an páipéar cáinte ag saineolaithe áirithe mar nach bhfuil sé uaillmhianach go leor.
ar leith particular, special
" Ní raibh aon ainm amháin ar leith ag muintir dhúchais na hAstráile ar an tír seo, ach uaireanta déantar tagairt fhonóideach di mar ‘Tír an deireadh seachtaine fada’.
léargas ar leith a particular insight
" B’fhéidir go mbeadh siadsan in ann léargas ar leith a thabhairt don bhreathnóir nach bhfuil le fáil aige ó aon duine eile.
faoi leith particular
" Ach do dhaoine faoi leith ’s iad lárionad a mbeithsine.
áirithe particular
" Tá ciallachais mhóra ag an chlaonadh seo ar ndóigh do shochaí na hÉireann frí chéile ó tharla go measann lucht saineolais sa réimse seo go mbíonn dea-eisleamáirí fireanna de dhíth go mór ar ghasúirí agus iad ag teacht i méadaíocht - ar bhuachaillí ach go háirithe.