Más maith leat bheith amuigh faoin spéir in aice leis an fharraige, nó má tá suim agat sa réamhstair, i stair na gCeilteach nó sa bhéaloideas, nó más maith leat pancóga a ithe i mbailte meánaoiseacha, ba cheart go mbeifeá sásta seachtain nó dhó a chaitheamh anseo.
Tá Ruth Nic Giolla Iasachta ag obair i measc na mBriotánach, ár ngaolta P-Cheiltise, rud a chiallóidh plaiceadh pancóg go háirithe, smailcín sligéisc thall is abhus agus, b'fhéidir, Fest Noz go maidin anois is arís.