Bhrúigh Balor an Biatach Blonagach a bhealach fríd na sluaite, bhailigh sé cúig bhairille pórtair leis ón bheár, agus ar aghaidh leis amach go dtí forhalla an óstáin, áit a raibh rudaí ní ba shéimhe, ní ba chiúine, ní ba chosúla leis an seanam, agus áit a raibh cuid mhór de sheanchairde Bhaloir cruinnithe le bheith ag ól agus ag ceol go maidin.
Sé seachtaine i ndiaidh do Bhalor tosú amach ar a chamchuairt casadh air Séimí an Siúinéir, agus i ndiaidh do Shéimí sé ghalún pórtair a chaitheamh siar scaoileadh an chéad rún: airgead na Chéad Chomaoineach.
cúpla bairille pórtair,a couple of barrels of porter,
“Cad tuige a bhfuil tú ag gearán?” a d’fhiafraigh mé de Laoch na Litríochta i ndiaidh dó an lagar turais a chur de le cúpla bairille pórtair, agus seo mar a d’fhreagair sé:
“Tá an fhéile sin imithe chun donais ar fad,” a d’fhreagair sé.