Bíonn ceardlanna uirlisí, rince agus teangacha (an Ghaeilge san áireamh, le Pádraigín Ní Dhomhnaill ó Ghaoth Dobhair) i gceist; taispeántais ealaíne, fhoilsitheoireachta agus turasóireachta; scannáin; léachtaí agus comórtais mhóra idir-Cheilteacha don imreoir *pétanque* (bóláil sráide), don phíobaireacht aonair, do na píob-bhannaí agus do na grúpaí traidisiúnta.
‘Dhá uair an chloig de phíobaireacht aonair? An bhfuil tú dáiríre?’ Ansin bhí siad buartha go mbeadh ceol na bpíob mór á sheinm taobh istigh de halla measartha beag agus ní amuigh i bpáirc faoin tuath!”
Ach admhaíonn Brian go raibh “fadhb ó thaobh íomhá de” ag na píobaí.
Dúirt sé féin go raibh gné chruinn eolaíoch ag baint le méarú na píobaireachta, rud a léiríonn gur oibrigh sé amach go cúramach agus go comhfhiosach a raibh ar siúl aige.
Is iad na príomhimeachtaí a bhíonn ar siúl lena linn ná cluichí troma páirce, lúthchleasaíocht, píobaireacht, damhsa Gàidhealach agus seoltóireacht.