Thiocfadh leat an mheitheal bheag a bheas ina bhun a shamhlú ag breathnú ar an chéile ar an gcéad lá acu san oifig, agus iad ag rá lena chéile: an mbeidh muid anseo amárach? An dtabharfaidh an Foras an t-am dúinn
leis an bpáistín fionn seo a thógáil, nó an dtitfidh an tua go tobann orainn faoi mar a thit rómhinic san am a caitheadh? Agus cén saghas ainmhí aisteach idir-dhá-stól atá idir lámha againn ar aon nós? Nuachtán seachtainiúil in-íoslódáilte le gné éigin nuachta a bheas á uasdátú níos minicí ná sin? An n-éireoidh linn muinín an phobail a fháil don ainmhí aduain seo?
An dara dúshlán ná dúshlán na samhlaíochta.