Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag cur thar maoil overflowing
" Dúirt sé go magúil cúpla uair go raibh sé chun na hamhráin chiúine a chasadh ag tús na ceolchoirme mar go raibh sé cinnte de go mbeadh an áit ag cur thar maoil le daoine roimh dheireadh na hoíche.
ag cur thar maoil overflowing
" Bhí an bus ag cur thar maoil le daoine mar go raibh sé tar éis a sé tráthnona.
ag cur thar maoil leis na mílte ceap árasán overflowing with thousands of apartment blocks
" Tá PuDong ag cur thar maoil leis na mílte ceap árasán anois: suanliosanna do mheitheal oibre an gheilleagair nua ocraigh.
ag cur thar maoil overflowing
" Ar ndóigh, níl an scéal baileach chomh simplí sin, mar fiú amháin dá mbeadh Ospidéal Thuama faoi lánseol tá gach seans ann go mbeadh an t-ospidéal i nGaillimh fós ag cur thar maoil, mar gheall go bhfuil an t-éileamh chomh mór sin ann agus an freastal ar riachtanais chomh heasnamhach i láthair na huaire.
lán go béal le mairbh overflowing with dead people
" MÁNAS: Cill? DENIS: Tá an tseanchill lán go béal le mairbh.
na bairillí ag cur thar maoil the barrels overflowing
" An leor sin daoibh?” “Is leor sin dúinne!” arsa an boc mór rúnda, agus as go brách leo le Leamh ina measc chuig puball na haíochta, áit a raibh an gabhar á róstadh agus na bairillí ag cur thar maoil.
ag cur thar maoil overflowing
" I litir a seoladh chuig an Tánaiste ar an 26 Bealtaine, 2005, dúirt an tOllamh Martin Cormican, Uachtarán Chumann Micreabitheolaithe Clinicúla na hÉireann, go mbeadh an baol ann go gcuirfí go mór le tolgadh MRSA dá gcuirfí tuilleadh othar sna bardaí, atá dar leis ag cur thar maoil cheana féin.
ag cur thar maoil overflowing
" “Tá sé iomlán éagsúil anois; má fhógraíonn tú anois go bhfuil tú ag iarraidh láithreoir a fháil, tagann málaí móra isteach an doras, ag cur thar maoil le CVs ó dhaoine atá ag iarraidh a theacht isteach anseo.
ag cur thar maoil overflowing
" Bhí an chathair ag cur thar maoil le diúgairí, hataí plaisteacha glasa ar a gcloigne, iad ag canadh, ag scréachaíl, agus, ar ndóigh, ag tógáil gach aon tacsaí a thiomáin thart.
ag cur thar maol le fógraí dearfacha agus diúltacha overflowing with positive and negative adverts
" Mar a bheifeá ag súil, is deacair an nuacht a dheighilt ón stocaireacht faoi seo, agus na meáin ag cur thar maol le fógraí dearfacha agus diúltacha faoi iarrthóir amháin nó iarrthóir eile.
ag cur thar maoil le overflowing with
" Foireann a bhí ann a bhí ag cur thar maoil le hiománaithe den scoth: Whelehan, Troy, Pilkington, Hanamy, Dooley, Duignan agus araile.
ag cur thar maoil le hoibrithe gorma. overflowing with black workers.
" Níorbh fhada go raibh cathracha déantúsaíochta mar Detroit, Michigan, Paterson agus Nua-Gheirsí ag cur thar maoil le hoibrithe gorma.
ag cur thar maoil overflowing
" Mar gheall ar stocaireacht na gcomhlachtaí airm, tá an tír ag cur thar maoil le gunnaí de gach saghas, agus tá sé chomh héasca céanna gunnaí a cheannach i stáit áirithe agus atá sé arán a cheannach.
ag cur thar maoil overflowing
" Agus bóithre Mheiriceá ag cur thar maoil anois le carranna atá á dtiomáint ag dream atá róghnóthach, róthuirseach, rófheargach agus ró-líonmhar, braitheann daoine go bhfuil sé ródhainséarach dul amach i gcarr nach bhfuil cosúil le tanc – agus sin an fáth gurb ann don Hummer, ar ndóigh.
ag cur thar maoil le smaointe overflowing with thoughts
" Is amhlaidh go ndéarfainn go bhfuil sí ag feidhmiú *thar* lánacmhainneacht; bhí sí ag cur thar maoil le smaointe, focail, daonnacht agus taisce agus í ag caint liomsa.