Ó tharla gur thug ceannaire na tíre is cumhachtaí ar domhan (agus an tír is mó is cúis leis an fhadhb, más fíor d’iar-Leas Uachtarán Stát Aontaithe Mheiriceá, Al Gore, ina scannán *An Inconvenient Truth*) droim láimhe do Kyoto, cad is fiú do thír bheag cosúil linne tabhairt faoi chéimeanna le dul i ngleic le téamh domhanda? Deirtear nach bhfuil in iarrachtaí suaracha s’againne ach sop in áit na scuaibe i bhfianaise
aschur gáis na hIndia agus na Síne.