Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Is cóir daoibh you ought to
" Is cóir daoibh éisteacht go géar le gach uile rud a deir sé, nó tá gaois in achan uile fhocal dá dtig as a bhéal.
chóir ought to
" Athchóiriú an Oireachtais? Ó thaobh stuchtúir de, is iomaí locht atá ar ár bhforais daonlathais.
Níor chóir one ought not
" Níor chóir díriú ar fhás eacnamaíochta, dar liom.
ar chóir ought
" Má tá an nasc sin scaoilte ar chóir an nascadh sin a dhéanamh arís agus a threisiú? Níl mé a rá go bhfuil ré na déantúsaíochta thart.
ba cheart (one) ought to
" *" Ar ndóigh ba cheart neamhaird iomlán a dhéanamh d’ionsaithe spídiúla den chineál sin atá bunaithe ar aineolas agus fuath.
ba chóir dom I ought to do
" Bhí m’ainm fearainn féin agam cheana, ach ní raibh tuairim agam céard ba chóir dom a dhéanamh leis.
gur dhóigh go dtiocfaimis air we ought to meet him
" Ní raibh Mícheál Ó Duibhir ann, ach dúradh linn gur dhóigh go dtiocfaimis air ach dul a fhad leis an ngaráiste.
cóir ought, should
" “Síleann daoine gur cóir rudaí mar sin a scuabadh amach, go mbeadh an pictiúr níos rómánsaí gan iad, ach is breá liomsa iad! Is cuid den tírdhreach iad! Baineann sé leis an A- leibhéal a rinne mé sa mhata, is docha.
Ba chóir ought to
" Ba chóir do phobal na hÉireann a bheith buíoch den Chartlann Náisiúnta as an éacht iontach seo.
mbunófaí ought to be set up
" In áit síneadh láimhe a thabhairt dóibh, molaimse go mbunófaí ciste ar leith a thabharfadh deis do fheirmeoirí na tíre teacht i dtír ar an tionscal.
ba chóir ought to
" Sa chéad áit, ba chóir do na réiteoirí an riail a chur i bhfeidhm agus cic saor a thabhairt in éadan an duine a dhéanfas pas láimhe mídhleathach.
Ba chóir ought to
" Ba chóir do dhaoine in Éirinn níos mó a dhéanamh chun seanfhoirgnimh a chaomhnú, a deir saineolaí sa Bhreatain Bhig.
chóir dúinn we ought
" Léiríonn sé dúinn a dhódhéanta is atá sé rúndiamhair an tsaoil a thuiscint agus gur chóir dúinn an saol a ghlacadh mar atá.
dtagróinn I ought to mention
" B’fhéidir go dtagróinn do mhuintir Kharuk arís toisc gur luaigh mé cheana iad.
ar cheart that one ought to
" I ndiaidh teacht amach as cuairt ar Choláiste na nGael, b’fhéidir, nó as Séipéal San Pietro i Montorio mar a bhfuil cnámha na nGael, Ruairí Ó Domhnaill agus Aodh Ó Néill, cé na príomhionaid ar cheart a áireamh ar do liosta? Cén áit a dtosófá? Seasann an tSean-Róimh gualainn ar ghualainn leis an domhan nua-aoiseach agus caitheann muintir an tseansaoil órga sin a scáth ar Rómhánaigh an lae inniu agus iad ag lúbadh a mbealaigh isteach is amach tríd na sráideanna plódaithe spleodracha.
a mba cheart where (we) ought
" ) Tá ceisteanna beaga míne le réiteach istigh sa teanga féin, ceart go leor, ach tá deacrachtaí i bhfad Éireann níos tromchúisí ag baint leis na cainteoirí a labhraíonn an Ghaeilg, nó a dhéanann iarracht í a labhairt, is cirte a rá (agus a scríobh dá réir)! Is í an áit a mba cheart díriú, ar na deacrachtaí sa duine féin agus sa dóigh a mhíláimhseálann an tÉireannach (ní hionann is an duine) an teanga Ghaeilge.
dtreiseodh sé ought to strengthen
" Is iomaire fada faoi uisce é a shíneann ó thuaidh ó chósta na Rúise faoin Mol Thuaidh féin, agus má chruthaíonn na Rúisigh go bhfuil an droim seo agus scairbh ilchríche na Rúise déanta as an ábhar geolaíoch céanna, beidh siad ag súil go dtreiseodh sé cás a dteideal sealúchais.
chóir ought
" Ar ndóigh, níl aon pholaiteoir ag maíomh gur chóir na hacmhainní a choimeád mar a bhfuil siad sa talamh.
gur cheart ought to
" Cé nach molann seisean gur cheart pilleadh ar an Ghaeilge éigeantach, deir sé nár cheart go mbeadh Béarla éigeantach don phobal ina bplé leis an stát ach an oiread.
Ba chóir dá lán acu a lot of them ought to
" **SMM: Céard a shíleann tú de mhic léinn na hÉireann?** SÓD: Ba chóir dá lán acu níos mó oibre a dhéanamh.
b’fhearr dom I ought
" Níl an t-ollbhéile sin (meascán stobhaigh, dinnéar na Nollag agus putóg plúir, go bhfios dom!) blaiste agam go fóill, agus b’fhearr dom mar sin gan aon cheo a scríobh faoi go dtí an lá a mbeidh sé féachta blaiste agam – ach deirtear liom gur béile geimhridh fíor-Bhriotánach é, agus go gcaithfear an lá ar fad a chaitheamh sa chistin lena ullmhú.
chóir ought to
" ) Má tá do chustaiméirí ann ba chóir duitse a bheith ann leo fosta.
Ba cheart ought to
" Ba cheart go n-ardódh sé sin ceisteanna in aigne daoine chomh maith.
gur chóir é it ought to be
" Bhí siad den bharúil go dtí bliain ó shin gur chóir é a athleasú ach de réir a chéile, ó lár na bliana seo caite, thiontaigh géarchéim an gheilleagair ina géarchéim pholaitíochta.
ba chóir go bhfaigheadh tú you ought to get
" com/alerts*, ba chóir go bhfaigheadh tú foláirimh ar an ábhar gur spéis leat ó *Quora* leis.
b’fhiú dó he ought to
" “An té a déarfas leat go gcuirfidh an fhearthain isteach ar do shláinte ar aon bhealach, b’fhiú dó lámh a chur ina bhás féin” a d'fhógair sé go mórtasach is é ag cur geall ar chapaill lá rásaí.
Ba cheart ought to
" Ba cheart go mbeadh imní Tel Aviv mar gheall ar an gcaillteanas de dheachtóir cairdiúil béal dorais maolaithe beagáinín, áfach, sa bhfíric go bhféadfadh ElBaradei comhoibriú leis na páirtíní Iosrael go léir atá ag ICG.
gur chóir ought to
" An aontaíonn tú gur chóir do réiteoirí éirí as ag aois 50 bliain?** A.
ba cheart dúinn we ought
" Ach níl orainn dul chuig an Afraic Thuaidh chun sampla de chumhacht an idirlín a fheiceáil – tá a leithéid ar ghort an bhaile againn, agus toisc go bhfuil deis ann go mbeadh na cúinsí céanna i bhfeidhm sa tír seo sar i bhfad, ba cheart dúinn ceann a thógáil de.
chóir go mbeadh ought to
" Amach ó na Marxaigh is díograisí, ní chreideann páirtí ar bith sa lá inniu gur chóir go mbeadh an chuid is mó d’innealra táirgiúil an gheilleagair i seilbh an stáit.
chóir go mbeinnse I ought to be
" Caidé mar a bheadh a fhios agamsa é sin? An síleann daoine gur chóir go mbeinnse ar an eolas faoi gach uile roinn bheag stáit sa tír? Ní dúirt duine ar bith liomsa riamh go raibh Roinn Airgeadais ann; ní raibh mé riamh sa Roinn Airgeadais; ní bhfuair mé dig-out riamh ón Roinn Airgeadais; agus níl a fhios agam cé hé Charlie McCreepy.
Ba cheart ought to
" Bóthar an Tranglaim ============ Ba cheart do Bhaltimore a bheith éasca a bhaint amach, agus é ar ‘phasáiste chósta thoir’ Mheiriceá, an tsraith bóithre, cathracha, línte traenach, agus fobhailte a luíonn idir Bhoston sa Tuaisceart agus Washington, D.
níor cheart dóibh they ought not
ar cheart ought
" Forbairt an Cheantair ============ **SMM: Chonaic daoine cuid d'áilleacht an cheantair sa scannán sin An Píopa agus rinneadh iarracht, áitiúil, leis an idirlíon daoine a mhealladh isteach ar saoire, ach ar cheart tuilleadh a dhéanamh ar bhonn contae nó go hidirnáisiúnta? – Dá ndéanfaí nascadh le ranna Gaeilge sna forais tríú leibhéal, nó le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge abair?** BNC: Ceapaim go bhfuil deiseanna iontacha ansin, forbairt a dhéanamh ar an méid a dúirt tú ansin.
ba chóir dó than it ought to
" Ba thábhachtach an rud é ó thaobh cúrsaí toghchánaíochta de gur mhair an borradh i bhfad ní b’fhaide nó ba chóir dó, cionn is gur chinntigh an borradh sin go bhfanfadh Fianna Fáil i réim, rud a d’fholaigh na hathruithe móra sóisialta agus déimeagrafacha a bhí ar bun go ciúin ar fud na tíre.
gur chóir ought to
" Dar leis gur chóir ‘réiteach nua-aimseartha’ a fháil ar an bhfadhb.
nár chóir ought not
" Gach Fear faoi Ruball a Bhó Féin! ================= Le linn an fheachtais toghchánaíochta bhí siad ag maíomh nár chóir go dtabharfadh an Fhionlainn aon chúnamh airgid don Phortaingéil, nó d’aon tír eile.
nár cheart ought not
" Bhí alltacht ar dhaoine a dúirt nár cheart go mbeadh ról i riaradh na Sé Chontae ag a leitheid de dhuine.
gur chóir ought to
" Ghlac breithiúna na Breataine leis go dtí seo nach gá go mbeadh foilsiú an eolais seo ar leas an phobail agus gur chóir fosta cosaint a thabhairt do dhaoine neamhurchóideacha, ar nós leanaí, a bheadh thíos le nochtadh na gcaidreamh.
Ba cheart dúinn we ought to
" Ba cheart dúinn machnamh níos géire a dhéanamh in Éirinn ar an bhFiobróis Chisteach agus ar dheonú orgáin.
B’fhiú dúinn féin we ought to
" B’fhiú dúinn féin aithris a dhéanamh ar an smaoineamh sin.
Mar is Cóir a Bheith as ought to be
" Mar is Cóir a Bheith =========== Ní féidir a rá go bhfuilimid slán mar go ndeir an réiteoir go bhfuil ocht nóiméad am imeartha fanta.
is túisce deoch ná reachtaíocht úr one ought to drink before new legislation
" Anois, is túisce deoch ná reachtaíocht úr.
gur chóir ought to
" De réir taighde a rinne Rialtas na hAlban le déanaí (Dearcadh na ndaoine maidir leis an Ghaeilge/Public Attitudes towards Gaelic), mothaíonn 81% acu go bhfuil sé tábhachtach nach gcaillfidh Alba an Ghaeilg agus síleann 65% acu gur chóir don rialtas níos mó a dhéanamh chun an teanga a chothú.
gur cheart líon na gcomhaltaí a laghdú ina leath the number of members ought to be cut in half
" Ar dtús báire, measaim gur cheart líon na gcomhaltaí a laghdú ina leath – ó trí scór go 30 Seanadóir.
nár cheart dóibh they ought not
" Mar a dúirt Nesbitt Dé Sathairn: "Ba mhaith liom (an UUP) spréadh amach go dtí gur muid an rogha nádúrtha do gach vótóir atá i bhfách leis an Aontas i dTuaisceart Éireann, ina measc, iad sin a deir go dteastaíonn uathu Éire Aontaithe ach, go príobháideach, a ghlacann leis nach bhfuil fáth amháin fágtha nár cheart dóibh tairbhe a bhaint as an bhallraíocht leanúnach atá againn sa Ríocht Aontaithe.
chóir do na cinn eile a fhoghlaim ar dtús he ought to learn the other ones first
" Dúirt Danny gur chóir do na cinn eile a fhoghlaim ar dtús! ’Sin rud atá i mo chloigeann, go bhfuil eolas i ngach ceantar.
Ba cheart a lua it ought to be mentioned
" Ba cheart a lua nach ionann an Ghailís agus Spáinn na gréine, ná Spáinn na n-óstán chois cladaigh, ná Spáinn na mangairí is na margaí ach chomh beag.
gur chóir domsa imeacht I ought to be going
Ba chóir do dhuine a person ought to
" Ba chóir do dhuine a bheith ag tnúth le mórimeachtaí spóirt an tsamhraidh, na craobhchomórtais iomána agus peile sa bhaile, agus na himeachtaí spóirt idirnáisiúnta thar lear, go háirithe na Cluichí Oilimpeacha i Londain agus *Euro 2012* sa Pholainn/ Úcráin.
cheart meas a bheith acu ar they ought to have respect for
" Má thuigeann siad faoi dheireadh a thábhachtaí is atá teanga álainn a dtíre gona iompar sách aisteach uasal féin, tuigfidh siad gur cheart meas a bheith acu ar theangacha eile sin a mná agus a bhfear céile agus cothóidh siad ina ngasúir iad.
cheart go mbeadh there ought to be
" Bhí duine de na daoine is sinsirí sa pháirtí, Alban Maginness, páirteach sna cainteanna a tháinig ar an tsocrú agus ainneoin gur chinn a comhghleacaí SDLP, Alex Atwood a raibh cúram fhorbairt Girdwood air agus é ina Aire sa Roinn Forbartha Sóisialta, gur cheart go mbeadh 220 teach tógtha ar an suiomh - do Chaitlicigh amháin, is cosúil - ní thógfar an oiread sin tithe ach níl a fhios ag aon duine cá mhéid go fóill.
an diallait a chur ar an each chóir to put matters as they ought to be
" Tá sé chomh maith agam an diallait a chur ar an each chóir, áfach, agus a admháil gur deineadh brachán bocht de theagasc na Gaeilge sa chóras scolaíochta ó bhunú an stáit i leith.
chóir dúinn a fháil amach we ought to find out
gur chóir a bheith againn that we ought to have
" Má bhí díospóireacht ann faoin líon ceart Teachtaí gur chóir a bheith againn, níor chuala mé í.
chóir do rialtais ilghnéitheacha an Iarthair the variegated governments of the West ought to
" Tuilleadh Iasachtaí ======= Sa tarna léacht, *“The Darwinian Economy”*, cháin Ferguson saineolaithe Meiriceánacha cosúil le Paul Krugman a deir gur chóir do rialtais ilghnéitheacha an Iarthair breis fiacha a ghineadh ina gcuid géilleagar d’fhonn fostaíocht a chruthú.
Ba chóir do shaoránaigh na hÉireann éisteacht go géar Irish citizens ought to pay good attention
" ”* Ba chóir do shaoránaigh na hÉireann éisteacht go géar leis sa léacht seo, ach go háirithe nuair a bhaineann sé úsáid as staidéar Walter Bagehot ar chliseadh baincéireachta, Lombard Street (1873).
ba chirte ticéad teaghlaigh a roinnt orthu they ought to have been issued a family ticket
" Cailín óg a bhuail an costas sin orthu nuair ba chirte ticéad teaghlaigh a roinnt orthu.
ar chóir díriú orthu which ought to be concentrated on
" Cuireadh moltaí ar fáil (i mBéarla) don Ombudsman maidir leis na tosaíochtaí ar chóir díriú orthu ins na dara scéim teanga.
nár mhiste iarracht níos fearr a dhéanamh a better effort ought to be made
" Ina áit sin, feictear dom nár mhiste iarracht níos fearr a dhéanamh dul i bhfeidhm ar dhaoine óga le Gaeilge measartha líofa acu cheana, bíodh sí acu ón scoil nó ón baile, sa gcaoi is go mbeidh sé tarraingteach dóibh a bheith ina nGaeilgeoirí, ’sé sin ina chainteoirí laethúla Ghaeilge lena gcairde.
mbeadh iachall feasta ar na páirtithe parties ought henceforth to be compelled
" Ar ndóigh, b'aighneas thar a bheith binibeach a bhí i gceist i gcás Áth na Sceire agus mhol an Breitheamh John McMenamin gur cheart go mbeadh iachall feasta ar na páirtithe dul i mbun eadrána i gcaingin dá leithéid.
nár chóir caitheamh go róthrom leo they ought not to be too heavily dealt with
" Bhí géilleadh éigin le cloisteáil ina ráiteas, sular gearradh príosún ar na mná, nuair a dúirt sé ‘nach raibh aon mhaitheas sa mhéid a rinne na mná, ach nár chóir caitheamh go róthrom leo’.
gur chóir iad a choimeád amach as they ought to be kept out
" Mhaígh sé, áfach, go mbeadh na tréithe seo ina mbagairt do chaighdeán maireachtála na n-oibrithe geala agus gur chóir iad a choimeád amach as an tír dá bharr.
Ba cheart dúinn we ought to
" Ba cheart dúinn daoine a mhisniú más féidir linn.
Ba cheart go mbeadh there ought to be
" Ní mé an bhfuil aon staidreamh ar fáil faoi líon na ndaoine a chuir lámh ina mbás féin sa Ghaeltacht, sa Ghalltacht, nó cén líon daoine a raibh an aon teanga amháin, dhá theanga, trí theanga acu? Ba cheart go mbeadh.
Níor mhór mar sin go mbeadh an ceart ag an stát the state ought to have the right then
" Níor mhór mar sin go mbeadh an ceart ag an stát seasamh in áit na dtuismitheoirí agus dul i gcúram na bpáistí.
gur cheart amharc ar roghanna eile other sources ought to be searched
" Is é mo thuairim go bhfuil an tréimhse sin rófhada agus gur cheart amharc ar roghanna eile.
Níor cheart gur post saoil a bheadh ann it ought not be a job for life
gur cheart deireadh a chur leis an mhóid the oath ought to be ended
" Seans fosta gur cheart deireadh a chur leis an mhóid a thugann an tUachtarán i láthair 'Dia na n-uile chumhacht' ar na cúiseanna céanna atá luaite agam thuas.
gur cheart dóibh titim ar an chlaíomh they ought to fall on their sword
" Ba bheag aontachtach a bhí in iarthar Dhún na nGall nó i ndeisceart Mhuineacháin ach ba bheag trioblóid a bheadh ag leithéid Sir James Craig cur ina luí ar mhuintir na dtrí chontae "caillte" gur cheart dóibh titim ar an chlaíomh.
gur chóir go mbeadh tuiscint ní b’fhearr againn we ought to have a better understanding
" Sílim gur chóir go mbeadh tuiscint ní b’fhearr againn ar a thábhachtaí is atá an spás agus ar a leochailí is atá an saol domhanda.
cheart aitheantas faoi leith a thabhairt a special recognition ought to be given
" Tá Údarás na Gaeltachta ann mar gur thuig rialtais éagsúla i gcaitheamh na mblianta gur cheart aitheantas faoi leith a thabhairt don Ghaeltacht mar cheantar sainiúil.
Ba cheart go dtuigfeadh sé féin an méid sin he himself ought to understand that much
an uachtaránacht a bhaint (ought to have) won the presidency
" Ba cheart don Pháirtí Poblachtánach an uachtaránacht a bhaint, agus theip orthu.
níor cheart dearmad a dhéanamh one ought not to forget
" “Tráth a bhfuil cearta teanga an phobail daingnithe le dlí anois, níor cheart dearmad a dhéanamh ar chásanna cosúil le cás Mhaolra Seoighe, a léirigh gur dheacair cothrom na Féinne a fháil an uair sin faoin dlí gan Bhéarla,” a dúirt sé agus é ag fógairt ócáid chomórtha a bheas ar siúl i nGaillimh i lár na míosa seo.
mba chóir go mbeadh dearcadh an íospartaigh lárnach the victim’s view ought to be central
" Is dócha gurbh é a bhí i gceist leis seo ná go mba chóir go mbeadh dearcadh an íospartaigh lárnach do pé iarrachtaí a dhéantar chun an fhadhb a fhuascailt.
chomh feidhmiúil is ba chóir daofu a bheith as effective as they ought to be
" An bhfuil siad chomh feidhmiúil is ba chóir daofu a bheith nó an gcaitear acmhainní maithe amú go ciotach ar roinnt acu? Tá mé ag cuimhneamh ar dhream a fuair maoiniú le taisteal go hIosrael agus a phill le léaráidí powerpoint díofu féin ag caitheamh gainimh na trá sa mhullach ar a chéile ar ‘lá breá te sa tsamhradh’, lá a chaith siad ag déanamh bolg le gréin, go bhfóire Dia orainn.
Ba chóir taighde trasphobail a dhéanamh cross-community research ought to be done
" An bhfuil bunús eile ag Dílseoirí thar Aontachtóirí nárbh bhain le ceist an aicmeachais amháin? Ba chóir taighde trasphobail a dhéanamh am éicint le teacht gar do fhírinne an scéil.
Ba chóir aird a thabhairt mar sin so attention ought to be paid
" Ba chóir aird a thabhairt mar sin ar thuairisc a d’eisigh Teach na dTiarnaí roimh an Nollaig a mhaígh go raibh gníomhartha an rialtais ag tabhairt le tuiscint nach bhfuil fáilte roimh mhic léinn idirnáisiúnta sa Bhreatain.
gur cheart gur ábhar roghnach a bheadh ought to be a subject of choice
" Chorcaí, gur cheart gur ábhar roghnach a bheadh sa Ghaeilge i ndiaidh an teastais shóisirigh.
shíl sise gur chóir dó a bheith she thought he ought to be
" Chuir sin fearg ar a mháthair mar shíl sise gur chóir dó a bheith ag seinm as grá don cheol féin amháin, ní le hairgead a dhéanamh.
gur chóir í a scrios it ought to be destroyed
" Ina cuid seanmóirí, dúirt sé gur chuir ealaín den sórt seo cathú ar dhaoine agus dá bhrí sin go raibh sí mímhorálta agus gur chóir í a scrios.
ar cheart a fhorbairt which ought to be developed
" Seo féiniúlacht ar cheart a fhorbairt ar son an athmhuintearais, mar is féiniúlacht é atá lonnaithe i spás atá oscailte don dá mhuintir ó thuaidh.
ba chóir do na húdaráis the authorities ought to
" Roinnt nach Raibh i Láthair =========== De réir mholtaí na tuarascála seo, ba chóir do na húdaráis cearta na nÉireannach a chosaint.
ar chóir do mhuintir na háite a bheith mórtasach astu which the people ought to be proud of
" ’ Agus sin croílár a dteachtaireachta: ceantair iad seo ar chóir do mhuintir na háite a bheith mórtasach astu.
is cóir dúinn í a labhairt we ought to speak it
" Is ceart dúinn a bheith bródúil as ár dteanga agus fiú más Gaeilge bhriste í is cóir dúinn í a labhairt.
ní ceart cuma róchaite a bheith ar an roth stiúrtha the steering wheel ought not to be too worn in appearance
" Mura bhfuil ach thart ar seachtó míle míle ar an gclog, ní ceart cuma róchaite a bheith ar an roth stiúrtha, ar an ngléas lámhghiarála ná ar an gcoscán láimhe.
mba chóir dó éirí as he ought to retire
" Focal Comhairle le Barr Measa ============= Bheinnse den tuairim go mba chóir dó éirí as ag an bpointe sin.
ba chóir an saol a bheith life ought to be
" Tchítear dom go gcreideann roinnt mhaith daoine nach mar seo ba chóir an saol a bheith.
Ba chóir dúinn a bheith ag smaoineamh we ought to consider
" Ba chóir dúinn a bheith ag smaoineamh ar an gComhairle ina hiomláine.
ba cheart dúinn ar fad fearg a bheith orainn we all ought to be enraged
" “Mar shaoránaigh Cheanada nach Dúchasach sinn, ba cheart dúinn ar fad fearg a bheith orainn mar gheall ar an éagóir agus ar an idirdhealú atá á dhéanamh ag an rialtas ar an bPobal Dúchasach i gCeanada” -William Leonard Felepchuk, ionadaí Chomhphobal na Mac Léinn sna Staidéir Dúchasacha agus Ceanadacha, Ollscoil Ottawa.
Níor chóir there ought not
" Níor chóir go mbeadh aon uasalaicme agus ísealaicme ann.
ba chóir go dtuigfidís they ought to know
" Chuile shaoránach ar fud an oileáin seo, tá baint acub le Teach Laighean, tá siad ag íoc as agus ba chóir go dtuigfidís cén obair atá ar siúl ann.
gur chóir a leithéid sin a bheith déanta that such ought to have been done
" Tá ceithre bliain bailithe ón am sin agus feicimid go bhfuil iarbhaill den CIA, nó an IMF, ag rá go raibh an ceart ag Piaras Doherty ag an am, gur chóir a leithéid sin a bheith déanta.
mbeinn ar an airdeall ought to have been watching out
" Dúshlán nach beag ar lá deas, ach ar an drochuair ní shin a bhí geallta! Ba cheart go mbeinn ar an airdeall faoin oiread daoine a bhí bailithe ag bun an tsléibhe an mhaidin sin.
nár cheart dúinn ualach róthrom a iompar we ought not carry loads which were too heavy
" Bhí sé socraithe againn roimh ré nár cheart dúinn ualach róthrom a iompar ar an chéad stráice den siúlóid.
chreideann gur chóir believe .... ought
" Is beag duine, i measc páirtithe ar chlé ón lár go fiú, a chreideann gur chóir go mbeadh seilbh ag an stát ar gach tionscal mór.
chóir don rialtas an caiteachas poiblí a stiúradh the government ought to direct public expenditure
" Is beag duine nach síleann gur chóir don rialtas an caiteachas poiblí a stiúradh go ciallmhar.
gur chóir an córas a athchruthú ó bhun go barr that the system ought to be created anew from the bottom up
" Amach ó na páirtithe imeallacha níl dream ar bith ag moladh gur chóir an córas a athchruthú ó bhun go barr.
nár chóir don rialtas cur isteach ar government ought not interfere with
" Cheap siadsan nár chóir don rialtas cur isteach ar an gheilleagar, agus gur chóir an bhéim a chur ar shrianadh boilscithe, in ionad a chur ar laghdú dífhostaíochta.